Caithfear ‘in aer’ próiseas tairisceana Árann murar féidir teacht ar shocrú faoi aerfort

Ní rachfar ar aghaidh leis an bpróiseas tairisceana do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann murar féidir teacht ar shocrú le húinéir Aerfort na Mine i gConamara taobh istigh de sheachtain, a deir Aire na Gaeltachta

Caithfear ‘in aer’ próiseas tairisceana Árann murar féidir teacht ar shocrú faoi aerfort

Seán Kyne

Caithfear i dtraipisí don dara huair an próiseas tairisceana do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann murar féidir teacht ar shocrú le húinéir Aerfort na Mine i gConamara faoin Aoine seo chugainn.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sa Dáil inné nach bhféadfaí dul ar aghaidh leis an bpróiseas gan socrú a bheith déanta le húinéir an aerfoirt.

“Tá spriocdháta de 15 Iúil 2016 leagtha síos chun tairiscintí a bheith faighte don tseirbhís aeir. Ar ndóigh, murar féidir teacht ar chomhaontú le húinéir Aerfort na Mine roimh an spriocdháta sin, ní bheidh ar chumas mo Roinne-se dul ar aghaidh leis an próiseas tairisceana,” a dúirt Kyne.

Is do sheirbhís aeir as Aerfort na Mine amháin atá tairiscintí á lorg mar chuid den phróiseas tairisceana a fógraíodh i mí Aibreáin, ach níor éirigh le Roinn na Gaeltachta socrú a dhéanamh fós maidir leis na costais a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine don aersheirbhís nua.

Dúirt an tAire Stáit go rabhthas “fós ag plé na ceiste seo le húinéir Aerfort na Mine”, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, agus go raibh a Roinn “ag déanamh chuile rud a theastaíonn”. Chaithfí, a dúirt Kyne, “rialacha maidir le tras-fhóirdheonú agus Stát-chabhair” a shásamh chomh maith.

Is le Pádraig Ó Céidigh Aerfort na Mine agus Aer Arann Islands, an comhlacht a bhfuil conradh aige an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann a chur ar fáil go dtí deireadh Mheán Fómhair.

“Tá siad ag plé na ceiste seo leis an úinéir le trí mhí go leith anuas agus táimid dóchasach go mbeidh sí socraithe ach níl sí socraithe faoi láthair. Is é an 15 Iúil an spriocdháta agus beidh an conradh mar atá ag críochnú ag deireadh Mheán Fómhair. Níl mé in ann a rá go mbeidh an cheist socraithe agus táimid ag obair uirthi agus táimid dóchasach go mbeidh sí,” a dúirt an tAire.

Is le Pádraig Ó Céidigh chomh maith Aer Arann Islands, an comhlacht a bhfuil conradh aige an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann a chur ar fáil go dtí deireadh Mheán Fómhair.

Agus é ag freagairt ceist a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív air, dúirt an tAire Kyne go gcaithfí dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne sa chás go dteipfeadh ar na hiarrachtaí teacht ar shocrú le hÓ Céidigh faoi sholáthar an aerfoirt.

“Más rud é nach bhfuilimid in ann teacht ar réiteach le húinéirí an aerfoirt, casfaidh mé le feidhmeannaigh ó Oifig an Ard-Aighne sula mbeidh aon chinneadh déanta, mar caithfidh mé comhairle dlí a fháil maidir leis an gceist fhíorthábhachtach seo,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív an amhlaidh nach bhféadfadh an Roinn “dul níos faide ó thaobh tairiscint níos fearr a dhéanamh” i gcás soláthar an aerfoirt. Dúirt Ó Cuív go gcaithfeadh lucht bainistíochta Aerfort na Mine “cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad sásta glacadh leis an tairiscint nó arb é nach bhfuil siad sásta an t-aerfort a chur ar fáil”.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go raibh “an t-am ag éirí an-ghearr” agus go raibh “gá le socrú anois” agus nach bhféadfadh “seo leanacht ar aghaidh”.

Is é seo an dara próiseas tairisceana don aersheirbhís a cuireadh ar bun le cúpla bliain anuas.

Bhain conspóid mhór le fógra na bliana seo caite arbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Chuir muintir Árann feachtas ar siúl an uair sin ag éileamh gur seirbhís eitleáin ó Aerfort na Mine in Indreabhán go dtí na hoileáin a bheadh ann seachas seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór sa Ghaillimh.

Ba é toradh na conspóide sin ná gur fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair 2015, go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana don aersheirbhís agus go raibh próiseas nua á chur ar bun aige.

Fág freagra ar 'Caithfear ‘in aer’ próiseas tairisceana Árann murar féidir teacht ar shocrú faoi aerfort'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá sé thar am CPO a dhéanamh ar Aerphort na Minna. Ní féidir comórtas faireáilte a bheith ann más leis an duine céanna an aerphort agus an aerlíne atá ag cuartú an conradh. D’éirigh muintir Árann amach in aghaidh Roinn na Gaeltachta cheana agus de bharr an bhrú sin tarraingíodh siar an tairiscint. Murar féidir tíocht ar shocrú le ar úinéir Aerphort na Minna sé an t-aon réiteach atá ar an scéal im thuairimse ná go núsáidfí an chumhacht reachtúil atá ag an stát leis an Aerphort a cheannacht nó a thógáil ar léas.

  • padraig

    ‘caithfear in aer e? huh! nach san aer is dual d’eitleain a bheith!

  • Pól Ó Braoin

    Áit luachmhar ar leith Árainn agus tá súil agam nach mbeidh ceist ar bith ann faoi sheirbhís fheiliúnach a thabhairt dá muintir. Rud práinneach don tír ghaelach uilig é seo. Déanadh ár rialtas an rud ceart!