‘Caithfear gach ar féidir a dhéanamh chun deireadh a chur leis an gcogadh seo’ – Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe

Tá cruinnithe éagsúla ar siúl faoi chás na hÚcráine, tráth a bhfuil tíortha an iarthair agus an Rúis ag éirí níos doichte ina gcur chuige agus níos láidre ina gcuid cainte i leith an chogaidh

‘Caithfear gach ar féidir a dhéanamh chun deireadh a chur leis an gcogadh seo’ – Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe

Tá ráite ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe leis an Rúis go gcaithfear gach rud is féidir a dhéanamh le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.

Dúirt Antonio Guterres an méid sin le haire gnóthaí eachtracha na Rúise, Sergei Lavrov, ag cruinniú a bhí acu i Moscó inniu.

Tá Guterres le bualadh chomh maith le Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise.

“A luaithe is atá an tsíocháin i réim, is é is fearr é don Úcráin, don Rúis agus don domhan go léir,” arsa Guterres.

Dúirt sé go raibh sé tagtha go dtí Moscó mar “theachtaire na síochána” chun “beatha daoine a shábháil”.

Bhí na Náisiúin Aontaithe ullamh chun a gcuid acmhainní go léir a chur ag obair in Mariupol chun na daoine atá teanntaithe sa chathair threascartha faoi léigear sin a thabhairt slán.

Tá na cruinnithe idir na Náisiúin Aontaithe agus an Rúis ag tarlú tráth a bhfuil tíortha an iarthair agus an Rúis ag éirí níos doichte ina gcur chuige agus níos láidre ina gcuid cainte i leith an chogaidh.

Dúirt Rúnaí Cosanta Stáit Aontaithe Mheiriceá, Lloyd Austin, tráthnóna go ndéanfadh na Stáit Aontaithe “gach rud ab fhéidir” leo chun a chinntiú go mbeadh an bua ag an Úcráin in aghaidh na Rúise.

Dúirt Austin an méid sin sa Ghearmáin, mar a bhfuil airí cosanta ó 40 tír i mbun cainteanna faoi tacaíocht bhreise a chur ar fáil don Úcráin.

Mhóidigh Austin go gcabhrófaí leis an Úcráin “an troid in aghaidh ionradh éagórach na Rúise a bhuachan”. Dúirt sé go dtacófaí chomh leis an gcosaint atá ag an Úcráin a neartú ionas go mbeadh sí ullamh do “dhúshláin an lae amárach”.

“Is léir go gcreideann an Úcráin gur féidir leo buachan agus creideann gach aon duine anseo an rud céanna,” arsa Rúnaí Cosanta Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dúirt sé go raibh sé soiléir cá raibh an ceart ó thaobh na moráltachta sa chogadh.

“Táimid ag tosú inniu agus sinn soiléir ó thaobh na moráltachta de – tá cogadh á fhearadh ag an Rúis a roghnaigh siad féin ar mhaithe le mianta duine amháin a shásamh.

“B’éigean don Úcráin cogadh á throid chun a ndaonlathas, a bhflaitheas agus a muintir a chosaint.”

Thug Sergei Lavrov foláireamh do Nato níos luaithe inniu gan airm a chur ar fáil don Úcráin agus mhaígh sé go raibh an baol ann go n-iompódh an cogadh ina thríú chogadh domhanda.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt James Heappey, Aire na bhFórsaí Armtha i Rialtas na Breataine gur “deargamaidí” a bhí i maíomh Lavrov go raibh lucht an iarthair ag cur leis an mbaol go scaipfeadh an cogadh níos forleithne.

Dúirt Heappey freisin go raibh sé cuí agus cóir go n-ionsódh an Úcráin línte soláthair sa Rúis.

Ba í caint Heappey an sampla is déanaí den dearcadh níos daingne atá á léiriú ag tíortha an iarthair i leith na Rúise.

Thug Rúnaí Cosanta Stáit Aontaithe Mheiriceá, Lloyd Austin, le fios inné go raibh sé mar sprioc ag an Pentagon go mbeadh an Rúis níos laige go fadtéarmach tar éis an chogaidh.

Dúirt sé go raibh lucht an Pentagon ag obair lena chinntiú nach n-éireodh leis an Rúis an méid a rinne siad san Úcráin a dhéanamh arís.

Tá cruinniú ar siúl sa Ghearmáin inniu ag airí cosanta thíortha Nato agus an Aontais Eorpaigh chun cabhair mhíleata bhreise don Úcráin a phlé.

Tuairiscítear go bhfuil an Ghearmáin chun tacaíocht mhíleata bhreise a fhógairt don Úcráin go luath agus é i gceist acu gunnaí frith-aerárthaí a sholáthar, an chéad uair acu airm dá leithéid a chur ar fáil.

Dúirt Coimisinéir Fuinnimh an AE, Kadri Simson, inniu go bhfógródh an tAontas Eorpach a séú babhta smachtbhannaí ar Rúis “go luath”.

Fág freagra ar '‘Caithfear gach ar féidir a dhéanamh chun deireadh a chur leis an gcogadh seo’ – Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe'