Caithfear féáchaint – níl aon éalú as gaiste Joe Exotic, Rí na dTíogar

Saothar neamhghnáthach faoi dhaoine aite is eachtraí áiféiseacha ach caithfear féachaint

Caithfear féáchaint – níl aon éalú as gaiste Joe Exotic, Rí na dTíogar

“He’s a completely insane, gay, gun-toting, drug-addict, fanatic.” Sin an cur síos a dhéanann duine de na cloigne cainte in Tiger King: Murder, Mayhem and Madness, an coirscéal fírinneach is déanaí ó cheárta Netflix, ar phríomhcharachtar na sraithe, Joe Exotic. N’fheadar an bhfuil “coirscéal” cruinn ceart mar chur síos ar an saothar seo óir téann sé díom an tsraith a bhrú isteach in aon iomaire faoi leith.

Chaith lucht an chláir cúig bliana ag leanúint Joe agus tá ábhar cartlainne níos sine ná sin sa tsraith. Déantar iniúchadh ar an iliomad téamaí inti: tionscal na n-ainmhithe coimhthíocha agus an feachtas ina choinne sin, homaighnéasacht, úinéireacht ghunnaí, nádúr na teilifíse réaltachta, polaitíocht Mheiriceá, coiriúlacht agus téamaí eile nach iad. An téama is suntasaí b’fhéidir ná an léargas a thugtar ar cé chomh hait, sleamhain, éadmhar, fuafar agus as a meabhair is atá daoine áirithe ar an saol seo.

Duine ann féin is ea Joseph Allen Maldonado-Passage (Schreibvogel roimh phósadh) nó Joe Exotic nó an Tiger King mar is fearr aithne air. Is cur síos cruinn atá sa chéad abairt thuas ar an bpolgamóir agus amhránaí seo. Ag an am céanna tá an fear seo le stíl ghruaige an mhilléid deisbhéalach agus caithiseach ina shlí féin. Is léir i rith an ama, áfach go bhfuil sé craiceáilte.

An cheist a bhíonn ag dó na geirbe againn ná an bhfuil sé dainséarach. Deir sé linn ag tús na sraithe go bhfuil an-ghrá aige d’ainmhithe, tíogair ach go háirithe, agus cuirtear abhaile orainn go bhfuil an-rath ar an zú a bhunaigh sé in Oklahoma. Bailíonn sé éin chorra ina thimpeall mar fhostaithe dílse agus tagann gach aon sórt cladhaire go leac an dorais aige. Go deimhin seachas duine nó beirt de na fostaithe níl aon duine sa tsraith seo a mbeadh gean agat orthu gan trácht ar mhuinín a bheith agat astu. Cinnte is coirpigh chruthanta cuid acu agus níl deireadh an scéil cloiste againn go fóill mar gur ag deireadh 2019 a chríochnaíonn an tsraith seo.

Meastar go bhfuil idir 5,000 agus 10,000 tíogar i ngéibheann sna Stáit Aontaithe agus gach ach tuairim is 4,000 acu san fhiántas. Ní haon iontas mar sin go bhfuil daoine áirithe glan in éadan na zúnna seo agus an pórú a bhíonn ar siúl iontu. Duine acu siúd í Carole Baskin, úinéir na heagraíochta neamhbhrabúis Big Cat Rescue agus céile comhraic Joe ar feadh na mblianta. Ba dhóigh leat go mbeadh codarsnacht mhór idir í agus Joe ach déantar, d’aon gnó nó a mhalairt, sceanairt uirthi. Faoi dheireadh tá an lucht féachana in amhras go mb’fhéidir gur chuir sí fear céile dá chuid de dhroim seoil agus nach bhfuil a cuid oibre chomh dlisteanach is a shamhlaíomar ar an gcéad luí súl.

Éiríonn an comhrac, nó comórtas b’fhéidir, idir Joe agus Carole níos binbí agus níos mioscaisí le himeacht aimsire. Tá Carol agus a fear céile nua tomhaiste, cáiréiseach, glic. Tá Joe bocht ag imeacht le craobhacha ar fad. Seasann sé i dtoghchán na huachtaránachta agus an ghobharnóra ina dhiaidh sin. I ndeireadh na dála ’sé Joe a bhíonn thíos le gach rud.
Saothar neamhghnách faoi dhaoine aite is eachtraí áiféiseacha ach caithfear féachaint.

Fág freagra ar 'Caithfear féáchaint – níl aon éalú as gaiste Joe Exotic, Rí na dTíogar'