Caithfear deireadh a chur le ‘rúndacht’ Bhord Údarás na Gaeltachta

Moladh ag cruinniú i dTithe an Oireachtais inné gur chóir go mbeadh cruinnithe Údarás na Gaeltachta oscailte do na meáin nuair a thabharfar an toghchán Gaeltachta ar ais

Caithfear deireadh a chur le ‘rúndacht’ Bhord Údarás na Gaeltachta

Ba chóir go mbeadh cead isteach ag na meáin ag cruinnithe de Bhord Údarás na Gaeltachta agus go mbeadh comhaltaí ar fáil le labhairt go poiblí ach a dtabharfar toghchán an Údaráis ar ais.

B’in cuid dá raibh le rá i dTeach Laighean inné ag an gcruinniú is déanaí a bhí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chun scrúdú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá á rith chun an toghchán Gaeltachta a chur ar bun arís.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur ar son údarás Gaeltachta a bheadh “in úinéireacht an phobail” a troideadh agus go raibh Bord an Údaráis difriúil ó bhoird eile.

“Ag an gcomhairle contae pléitear rudaí go hoscailte. Ag Bord an Údaráis faoi láthair, tá siad thar a bheith rúnda,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

“An rud a bhí ann…na tograí sonracha a chuirtear ar aghaidh, phléití iad sin go príobháideach. Ach an polasaí, ní fheicimse fadhb ar bith [le plé poiblí] mar is Údarás na Gaeltachta a bhí ann. Sin a troideadh ar a shon, gur údarás in úinéireacht phobal na Gaeltachta a bheadh ann – agus nach bord stáit sa ghnáthchiall a bheadh ann – agus go bpléifí ceisteanna polasaí go neamhbhalbh agus go hoscailte amach go poiblí. Cá bhfuil ár dtreo?”

Dúirt Ó Cuív go raibh cumhacht iomlán ag an mbord taobh istigh den dlí polasaí na heagraíochta a leagan amach. Gnó an fheidhmeannais an polasaí sin a chur i bhfeidhm, ar sé.

Dúirt sé gur bhraith sé gur lú an bhaint atá ag Údarás na Gaeltachta le pobal na Gaeltachta ó fuarthas réidh leis an toghchán in 2012 agus “gur lú úinéireacht atá ag an bpobal ar an Údarás le hais mar a bhí”.

Dúirt Éamon Ó Cuív gur fíor go mbíodh “raiceanna” ó am go chéile faoi mhúnla an toghcháin atá á thabhairt ar ais ach go mba chuma faoi sin.

“Aon rud atá beo, beidh coimhlintí den chineál sin ann,” ar sé.

Dúirt Ó Cuív gurb é an plé atá ar siúl faoin dreáchtreachtaíocht “an t-aon seans amháin” a bhí ann a chinntiú go dtiocfaí ar struchtúr ceart don eagraíocht Ghaeltachta agus pleanála teanga.

Dúirt Seán Kyne, an Seanadóir de chuid Fhine Gael, go mbeidh cás an Údaráis níos casta ná cás bord eile mar gur bord stáit a bheadh ann ach daoine tofa air.

Ní gnáth do bhaill bhord stáit a bheith ag caint leis na meáin, a dúirt an t-iar-aire stáit Gaeltachta. Bíonn gach bord ag déileáil le rudaí atá faoi rún, le cúrsaí infheistíochta nó le deacrachtaí a bhíonn ag comhlachtaí, a dúirt Kyne.

“An bhfuil sé ceart go mbeadh daoine ag fágáil an Bhoird agus ag dul amach ag lorg Cóilín Ó Neachtain [iriseoir le RnaG]?”

Mhol ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair, ag an gcruinniú go mbeadh cuid de chruinnithe an Bhoird oscailte do na meáin mar a bhíodh sular cuireadh deireadh leis an toghchán in 2012.

Dúirt sí chomh maith gur díol suntais a laghad a bhí le cloisteáil ó bhaill an Bhoird ó shin i leith agus go raibh ceist ann faoin gcumhacht a bhí acu agus an chumhacht a bheidh acu.

“Cén tionchar atá acu ar obair an Údaráis, ar dhearcadh an Údaráis, ar chur chuige an Údaráis? Conas a chinntíonn siad go bhfuil an tÚdarás ag caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht? Cén uair dheireanach a d’airíomar ball de bhord an Údaráis ag caint go poiblí, seachas an cathaoirleach agus b’fhéidir na baill atá tofa ó na comhairlí contae?

“Ní thugtar le fios don phobal go minic ach go bhfuil na daoine seo ag ceadú maoiniú agus deontais – agus ana-áthas orthu i gcónaí a leithéid a dhéanamh – ar ndóigh. Ní scaoiltear isteach na meáin go dtí na cruinnithe fiú. Conas mar a athróidh an bille seo é sin, nó an athróidh sé in aon chor é?”

Fág freagra ar 'Caithfear deireadh a chur le ‘rúndacht’ Bhord Údarás na Gaeltachta'

  • Tuairisg

    A leithéid de sheafóid. An bhfuil cruinnithe Fiontraíocht Éireann nó Fáilte Éireann oscailte do na meáin?