Caithfear an chloíteacht a chloí le linn 2017

Caitheann ár gcolúnaí súil chun cinn ar 2017 – bliain ina gcaithfear an chloíteacht a chloí

Caithfear an chloíteacht a chloí le linn 2017

Mar is gnách leo, d’iarr Tuairisc.ie orm súil chun cinn a chaitheamh ar an mbliain atá romhainn. I mbliana, shocraigh mé an tseanscil a bhaineann leis an gceird sin a chaitheamh i dtraipisí, agus iarraidh ar an idirlíon an todhchaí a thuar, mar a dhéanfadh duine stuama praiticiúil. Más féidir le duine píotsa a ordú ar líne agus más féidir le drón an píotsa céanna a thabhairt chomh fada lena theach, cén fáth a mbacfadh duine le liathróid chriostail? Seo a bhí le rá ag aitheascal ár linne:

Bhuel. Hum. Níl a fhios agam faoi sin. Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil an ceart ag aitheascal uilefheasach Ghleann na Sileacan, ach faighim blas rud beag ródhóchasach ar a thairngreachtaí. Nárbh í 2016 bliain Chailleach an Uafáis? Bhí an ceart ag an tseanbhean feasa sin faoi nach mór chuile thubaiste dár thuar sí. An bhfuiltear ag rá anois gurb í 2017 bliain Pollyanna?

Fan go nglanfaidh mé an dusta den liathróid chriostail.

Ó, a dhiabhail! Feicim púcaí na staire ag filleadh. Feicim tuathghríosóirí agus daoscarshluaite. Feicim buamaí ag pléascadh agus daoine ag teitheadh. Feicim aibhneacha ag trá agus feicim leibhéal na farraige ag ardú.

Na tuathghríosóirí ar dtús. Mura dtarlóidh rud éigin fíor-aisteach idir seo agus sin, déanfar Donald Trump a insealbhú ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe ar an 20 Eanáir. Ach an fada a bheidh sé sa Teach Bán? Sin í an cheist. Thuar an scannánaí agus gníomhaí polaitiúil Michael Moore le deireanas nach mairfidh réimeas an Trumpaigh ceithre bliana an chéad téarma féin. B’fhéidir gur aisling bhréige é sin, ach – mar a chonacthas sa Bhrasaíl in 2016 – níl sé chomh deacair sin uachtarán a tháinseamh ar chúis fhánach. Bheinnse den bharúil go dtapóidh an freasúra daonlathach agus naimhde Trump ina pháirtí féin an chéad deis le fáil réidh leis.

Ní cúis cheiliúrtha a bheadh ansin, áfach. Fear fíorchoimeádach,  fíorchreidmheach, frithbhan, frith-aerach agus frith-inimirceach é an leas-uachtarán Mike Pence, a thiocfadh i gcomharbacht ar Trump. An t-aon bhuntáiste amháin a bhainfeadh le Pence, dar liom, ná gur fear níos stuama é ná Trump. Fear a dhéanfadh machnamh sula mbrúfadh sé cnaipe ar bith nár chóir dó a bhrú.

Fanfaimid leis na tuathghríosóirí tamall eile.

Ainneoin gur ciontaíodh é ag deireadh 2016 as pobal a mhaslú agus leatrom ar bhonn cine a spreagadh, tá seans áirithe ag an bpolaiteoir frith-Ioslamach, frith-Eorpach Geert Wilders olltoghchán na hÍsiltíre a bhuachan i mí an Mhárta.

Drochsheans go n-éireodh leis comhrialtas a bhunú dá dtarlódh sé sin, ach dá n-éireodh leis, ní hamháin gur bocht an scéal a bheadh ansin don mhilliún Moslamach a bhfuil cónaí orthu san Ísiltír, ach is gearr go mbeimis ag caint ar ‘Ísiltírimeacht’ agus ‘Ollainnamach’.

Mná iad beirt de na tuathghríosóirí eile a bheidh ag iarraidh toghchán a bhuachan i mbliana. Táthar ag tuar go n-éireoidh le Marine Le Pen, iarrthóir an Front national, an dara babhta a bhaint amach i dtoghchán uachtaránachta na Fraince a bheidh ar siúl i mí Aibreáin. Sa Ghearmáin, éireoidh le Frauke Petry, iarrthóir an pháirtí fhrith-Ioslamaigh agus fhrith-Eorpaigh Alternative für Deutschland sciar mór den vóta a fháil. I bhfianaise an chuma atá ar chúrsaí faoi láthair, áfach, ba dheacair a chreidiúint go n-éireodh léi an ruaig a chur ar Angela Merkel, a bheidh ag iarraidh a ceathrú téarma a bhaint amach mar sheansailéir.

Dia idir sinn agus an drochrud, ach ní chuirfeadh sé iontas orm dá dtarlódh ionsaí sceimhlitheoireachta sa Fhrainc gar do lá an toghcháin, rud a chabhródh le hiarracht Marine Le Pen. Dar liom gur lú an seans go dtarlódh a leithéid sa Ghearmáin agus san Ísiltír, ach ós rud é go mairimid i ré na hiarfhírinne anois agus ós rud é gur cosúil gur maith leis an Rúis a ladar a chur isteach go fíorúil i dtoghcháin an Domhain Thiar, bímis ag súil le rabharta nuachta bréige.

An Bhreatimeacht, sin í mórcheist eile na bliana. Is cosúil, agus seo á scríobh, nach bhfoilseoidh rialtas na Breataine aon phlean praiticiúil maidir lena n-aidhm an tAontas Eorpach a fhágáil go dtí mí Feabhra ar a luaithe. Ach fiú dá gcuirfí tús níos túisce ná sin leis an idirbheartaíocht oifigiúil, is dóichí ná a mhalairt go dtógfaidh an próiseas ar fad cúpla bliain ar a laghad, nó b’fhéidir leathscór bliain féin. D’fhéadfadh cruth iomlán difriúil a bheith ar an Ríocht Aontaithe faoin am sin.

Ach mura mbeimid cúramach, d’fhéadfadh cruth do-aitheanta a theacht ar an domhan ar fad as seo go ceann deich mbliana. An tríú cogadh domhanda, ollchliseadh aeráide, réabhlóid róbat: ní gá do dhuine liathróid chriostail a bheith aige chun an baol ina bhfuil an cine daonna a aithint.

Ní haon ionadh gurb í an chloíteacht spiorad ár linne.

Mar a bheadh ainmhithe roimh stoirm thoirní, tuigimid ar fad go bhfuil doineann ar an mbealach ó chuile chearn. Ach ní ainmhithe sinn, agus cé nach déithe sinn ach an oiread, is féidir linn an fód a sheasamh idir muid féin agus an drochrud (nó cuid de, ar a laghad – maidir le téamh na cruinne, tá cuid den dochar déanta).

Chaith muid 2016 faoi gheasa ag Cailleach an Uafáis. Chroch muid pictiúir ghrinn ar na meáin shóisialta a léirigh ár n-alltacht faoina bhfuil ag tarlú inár measc agus inár dtimpeall ach níor éirigh muid ónár dtóin agus ní dhearna muid gníomh – an chuid is mó againn, pé scéal é. 

Dream a rinne gníomh in 2016 ná pobal bundúchasach tearmann Standing Rock i stát North Dakota, ar éirigh leo na tailte a bhfuil a sinsir curtha agus an loch as a dtagann uisce na treibhe a chosaint ar phíblíne ola. Eiseamláir iad don chuid eile againn ar cás linn saol cothrom, ilchultúrtha agus inmharthana. Seasaimis an fód i gcoinne an fhaisisteachas atá ag teacht chun cinn inár measc, agus seasaimis an fód i gcoinne scrios na timpeallachta inár dtimpeall. Ach seasaimis an fód i gcoinne na cloíteachta coitinne freisin. Ní hionann agus aitheascal ár linne, ní mholfainn Pollyanna mar réalta eolais don bhliain atá amach romhainn – ach ní dhéanfaidh rud beag dóchais aon dochar. Mar a dúirt an té a dúirt: is féidir linn.

Guím gach rath ar léitheoirí Tuairisc.ie san athbhliain.

Fág freagra ar 'Caithfear an chloíteacht a chloí le linn 2017'

  • Fearn

    Méaram!!!