‘Caithfear an amaidí seo a stopadh’ – cáineadh ar Donaldson faoina dhearcadh i leith reachtaíocht don Ghaeilge

Deir ceannaire an DUP bhfuil an baol ann go ndéanfadh Státrúnaí an Tuaiscirt cinneadh faoi reachtaíocht teanga a chuirfeadh institiúidí Stormont i mbaol

‘Caithfear an amaidí seo a stopadh’ – cáineadh ar Donaldson faoina dhearcadh i leith reachtaíocht don Ghaeilge

Tá rabhadh tugtha ag ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, do Rialtas na Breataine go gcuirfear Stormont i mbaol má thugtar reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster.

Ag labhairt dó le The Irish News, dúirt Donaldson gur cheart an comhaontú New Decade, New Approach a chur i bhfeidhm gan daoine a bheith ag roghnú na rudaí is maith leo féin as.

“Bainfear an bonn den déabhlóid má shocraítear dul ar aghaidh le rudaí i réimsí áirithe agus neamhaird a dhéanamh ar réimsí eile,” arsa Donaldson. 

“Tá seo amhlaidh go háirithe nuair atá an rialtas ag iarraidh reachtaíocht a thabhairt isteach i dtaobh ceisteanna atá déabhlóidithe ag an am céanna go bhfuil neamhaird á déanamh acu d’áit Thuaisceart Éireann taobh istigh de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe.”

Tuairiscíodh inné go dtabharfar reachtaíocht don Ghaeilge sa Tuaisceart isteach in Westminster faoi dheireadh na míosa.

Tuairiscíodh go raibh oifigigh de chuid Rialtas na Breataine i dteagmháil le páirtithe Stormont faoin scéal le roinnt laethanta anuas agus go bhfuil bailchríoch curtha ar an mBille um Fhéiniúlacht agus Teanga (Tuaisceart Éireann).

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimhe sin ach tá pobal na Gaeilge sa Tuaisceart fós ag fanacht uirthi.

Dúirt leascheannasaí Shinn Féin, Michelle O’Neill, go raibh práinn anois le dáta cinnte a thabhairt don reachtaíocht in Westminster.

Dúirt Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, gur léir go raibh ceannaire an DUP “faoi bhrú ó bhaill” a pháirtí féin ach nach bhféadfadh Donaldson a bheith ag bagairt “beagnach gach lá” go gcuirfí institiúidí Stormont ó mhaith. 

“Caithfear an amaidí seo a stopadh,” arsa Eastwood.

Dúirt sé gur aontaigh an DUP “an pacáiste cultúir” sa chomhaontú New Decade, New Approach agus go ndeachaigh siad i mbun rialtais ar an mbonn sin. 

“Tá sé áiféiseach a bheith ag bagairt siúl amach anois toisc go bhfuil an gealltanas a thug tú féin á chomhlíonadh agus ní dearcadh cuí é sin d’aon pholaiteoir atá dáiríre faoina chúram,” arsa Colum Eastwood.

Bíodh is nár thagair sé go sonrach don mBille um Fhéiniúlacht agus Teanga (Tuaisceart Éireann), dúirt Jeffrey Donaldson nach bhféadfaí an comhaontú ina ngealltar an reachtaíocht sin a chur i bhfeidhm “ar bhealach atá míchothrom”. 

Dúirt Donaldson go raibh an baol ann go ndéanfadh Státrúnaí an Tuaiscirt cinneadh a chuirfeadh institiúidí Stormont i mbaol.

Mí Eanáir 2020, dhá bhliain ó shin, a gealladh reachtaíocht don Ghaeilge mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in Eanáir 2020.

Mí na Nollag seo caite, d’iarr Conradh na Gaeilge ar na Náisiúin Aontaithe idirghabháil a dhéanamh san fheachtas ar son na reachtaíochta Gaeilge don Tuaisceart.

Iarradh ar na Náisiúin Aontaithe tacú le héileamh an Chonartha go dtabharfaí cothrom na Féinne do phobal na teanga i dTuaisceart Éireann agus go ndéanfaí gníomh chun sin a bhaint amach.

Tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga.

Fág freagra ar '‘Caithfear an amaidí seo a stopadh’ – cáineadh ar Donaldson faoina dhearcadh i leith reachtaíocht don Ghaeilge'