Caithfear a chinntiú nach mbuailfear aon bhuille eile ar na híobartaigh

Cúig bliana ó d’ordaigh breitheamh é gheobhaidh daoine a d’fhulaing mí-úsáid in institiúidí cónaithe leithscéal oifigiúil

Caithfear a chinntiú nach mbuailfear aon bhuille eile ar na híobartaigh

Cúig bliana ó shin d’ordaigh an Breitheamh, Sir Anthony Hart go ngabhfaí leithscéal poiblí leis na daoine a d’fhulaing mí-úsáid in institiúidí cónaithe i dTuaisceart Éireann sa chéad seo caite. Déardaoin, cothrom an lae ar eisigh an Breitheamh Hart an t-ordú, a d’fhógair Céad-Aire agus leasChéad-Aire Stormont go bhfaighidh na híobartaigh an leithscéal ar deireadh thiar ar an 11 Márta. 

Siad an Chéad Aire, Paul Givan agus an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill, a ghabhfaidh an leithscéal oifigiúil leis na híobartaigh thar ceann an Fheidhmeannais. Ar an ócáid chéanna déanfaidh ionadaithe thar ceann na n-institiúidí a bhí freagrach ráitis agus cuirfear suntas go speisialta sa mhéid a bheidh le rá acu. 

Tá sé naoi mbliana ó cuireadh ceann leis an bhfiosrú poiblí faoi cheannas an Bhreithimh Hart faoi mhí-úsáid i 22 ionaid idir 1922 agus 1995. Bhí institiúidí stáit, cinn faoi chúram na n-údarás áitiúil, ionaid de chuid na hEaglaise Caitlicí, na hEaglaise Protastúnaí agus na carthanachta Barnardo’s i gceist agus rinneadh lear mór gearán faoi cheithre ionad a raibh oird Chaitliceacha ina mbun. Ina dteannta sin, d’fhiosraigh an binse neamhspleách cásanna amhail cás na mí-úsáide a rinne an tAthair Brendan Smyth, chomh maith leis an scannal faoi pháistí a seachadadh chun na hAstráile. Chuala an fiosrú faisnéis thruamhéalach ó fhinnéithe as gach ceard d’Éirinn, as an mBreatain agus as an Astráil.

Ina thuarascáil ar an bhfiosrú ollmhór a foilsíodh ar an 20 Eanáir 2017 mhol an Breitheamh Hart go gceapfaí Coimisinéir do na híobartaigh, go n-íocfaí cúiteamh leo, go ngabhfaí leithscéal poiblí leo agus go ndéanfaí cuimhneachán poiblí ina n- ómós. 

Thit Stormont tamall gearr ina dhiaidh sin. Fuair an Breitheamh Hart bás obann in 2019 ach bhí a mhíshástacht curtha in iúl aige faoin bhfaillí maidir le gníomh chun cabhrú leis na híobartaigh. Tá roinnt dul chun cinn déanta ó athbhunaíodh Stormont dhá bhliain ó shin ach beidh deireadh leis an Tionól seo ag deireadh an Mhárta roimh thoghchán na Bealtaine.

Tá Coimisinéir i mbun oibre, Fiona Ryan, Corcaíoch a bhí i gceannas ar an eagraíocht Sonas, eagraíocht a chuidíonn le daoine a fhulaingíonn mí-úsáid san teaghlach. Anuraidh cuireadh tús le scéim chúitimh ach ar an drochuair bhí cuid de na híobartaigh ba ghoilliúnaí básaithe faoin am sin. Tá go leor de na híobartaigh i ndrochshláinte agus tá an galar dubhach nó strus iarthrámach ar a thuilleadh. 

Is léir gur chuir an mhoill as go mór dóibh. Céim mhór ab ea é a bpian a nochtadh os comhair an fhiosraithe. Bhí daoine nach raibh in ann ag an gcruatan sin ach ghoill plé na scéalta orthu. I bhfianaise gach ar fhulaing siad ba bheag an ní é a bheith ag súil le gníomh go pras ó na húdaráis. Maíonn eagraíochtaí éagsúla na n-íobartach go mb’éigean brú a chur ar na húdaráis chun a bhfuil bainte amach acu a fháil. Dúirt grúpa amháin go raibh léirsiú beartaithe acu don Déardaoin go dtí go bhfuair siad geallúint go ndéanfaí an fógra faoin leithscéal.

Ní leigheas é leithscéal ar ndóigh. Tá roinnt mhaith de na daoine a d’fhulaing bualadh, bulaíocht, ansmacht nó mí-úsáid ghnéis sna hinstitiúidí nach bhfuil suim ar bith acu san leithscéal. Dá bhformhór bhí tábhacht thar na bearta leis go bhfuair siad éisteacht agus aitheantas. Ní haon áibhéil é a rá gur ardú meanman dá lán é admháil a fháil ón stát agus ó na hinstitiúidí gur deineadh éagóir orthu. 

Deir Stormont go bhfuil siad ag dul i gcomhairle le híobartaigh chun a chinntiú go mbeidh gach rud mar is ceart lá an leithscéil. Féachfaidh siad chuige, a deir siad, go mbeidh seirbhísí tacaíochta ar fáil do dhaoine roimhe agus ina dhiaidh; ba cheart iad sin a bheith ar fáil i gcónaí. Caithfear an méid sin, ar a laghad a chinntiú. Bheadh sé do-mhaite aon cheo a dhéanamh a chuirfeadh le pian daoine atá ag fanacht i bhfad rófhada leis an gcóir. 

D’fhulaing siad mar pháistí faoi chúram na ndaoine a bhí in ainm iad a choinneáil slán agus mar dhaoine fásta bhíodar cráite ag éifeacht na mí-úsáide. Le cúig bliana bhí siad thíos le mífheidhm Stormont. Caithfear féachaint chuige nach mbuailfear aon bhuille eile orthu.

Fág freagra ar 'Caithfear a chinntiú nach mbuailfear aon bhuille eile ar na híobartaigh'