Caithfear a chinntiú nach mairfidh na dlíthe éigeandála oiread is lá amháin níos faide ná mar a bheidh riachtanach

Údar imní is ea reachtaíocht ar bith a chuireann srian ar chearta an duine agus a thugann cumhacht as an gcoitiantacht do phóilíní

Caithfear a chinntiú nach mairfidh na dlíthe éigeandála oiread is lá amháin níos faide ná mar a bheidh riachtanach

Ba bhreá liom a bheith ag siúl ar thrá Dhumha Locha i gContae Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo mar is gnách aimsir na Cásca.

Nó ar thrá an Dóilín nó Rinn na Spáinneach nó ceann ar bith de na háiteanna áille eile ar an gcósta.

Mise agus leath an phobail.

Fearacht go leor eile, áfach, fanfaidh mé sa bhaile i ngeall ar ghéarchéim an choróinvíris.

Ní bheidh ar fheachtas ‘Fanacht’ an Gharda Síochána bacadh liom agus iallach a chur orm iompú ar ais ón teorainn.

Ní bheidh ar an PSNI mé a ruaigeadh ón mbóthar chuig na Beanna Boirche ach an oiread. Beidh sé ar chumas na nGardaí agus an tSeirbhís Phóilíneachta abhus stop a chur le taisteal, a bhuíochas do chumhachtaí speisialta faoi reachtaíocht éigeandála chun a dhul i ngleic leis an bpaindéim.

Údar imní is ea reachtaíocht ar bith a chuireann srian ar chearta an duine agus a thugann cumhacht as an gcoitiantacht do phóilíní.

Tá glacadh ag formhór an phobail thuaidh agus theas leis na srianta atá curtha orthu i ngeall ar an gcoróinvíreas, murach sin bheadh na forálacha speisialta conspóideach doghlactha.

Bhí a fhios ón tús go mbeadh céatadán beag de dhaoine a dhéanfadh a gcomhairle féin, beag beann ar an tsábháilteacht phoiblí.

Cuma cé chomh míshásta is atáthar leo sin atá ag taisteal, caithfear a chinntiú nach mbainfear mí-úsáid nó ró-úsáid as cumhachtaí breise póilíneachta.

Lus íogair is ea muinín sa tseirbhís phóilíneachta i dTuaisceart Éireann agus caithfear a bheith cúramach gan é a lot in am na práinne. Tá glacadh níos forleithne leis na Gardaí ach tá cuimhne mhaith ag daoine ar scannail agus ní mór dochar a sheachaint.

Is léir gur mheas saineolaithe sláinte sa Phoblacht go raibh dóthain contúirte ag baint le hiompar an mhionlaigh chun an reachtaíocht éigeandála a mholadh.

Cúis uchtaigh é go ndeirtear go raibh roinnt mhaith Airí rialtais ina choinne. Seans gur féidir dá bhrí sin talamh slán a dhéanamh de go ndéanfaidh siad iniúchadh géar ar conas a chuirfear i bhfeidhm an reacht a shínigh an tAire Simon Harris agus nach ligfear dó fanacht i réim rófhada.

Sa Tuaisceart bhí cumhacht speisialta ceadaithe faoi Acht an Choróinvíris 2020 sa Ríocht Aontaithe.

Go dtí seo bhain an PSNI leas as an gcumhacht sin chun comhairle a chur ar dhaoine. An deireadh seachtaine seo áfach dúradh go gcuirfí an dli i bhfeidhm go docht, fíneálacha san áireamh, chun stop a chur le taisteal ó bhaile.

Fadhb mheánaicmeach den chuid is mó is ea taisteal na Cásca, daoine ag dul ag a dtithe saoire. Bheadh daoine bochta ag dréim le sos sna páirceanna carbhán nó a leithéidí ach níl siad sin ar oscailt. Sin iad na daoine is mó a bhfuil gá acu le spás ach ní mórán acu a bhí ag taisteal ó bhaile, cé is moite díobh sin a bheadh ar thuras lae, is cosúil. Níl cead taistil acusan ach oiread.

Beifear ag faire go géar ar fhorfheidhmiú na gcumhachtaí speisialta féachaint an ndéanfar é go cothrom tomhaiste agus ar an mbonn céanna, cuma cén aicme a bheidh i gceist.

Tá glactha go drogallach ag eagraíochtaí cearta daonna leis na dlíthe éigeandála ach fainic curtha acu ar na húdaráis. Aithníonn Coimisiún Chearta an Duine Thuaisceart Éireann gur féidir in am práinne cearta áirithe a chur ar leataobh ar mhaithe leis an leas coiteann. Ní mór na forálacha éigeandála a bheachtú dar leis an gCoimisiún agus cruthúnas a sholáthar go bhfuil siad riachtanach agus cuí – i gcomhréir leis an ngá.

Ó dheas, dúirt an Chomhairle um Chearta an Duine nár cheart leas a bhaint as cumhachtaí breise na nGardaí. Ach má bhaintear úsáid astu, arsa an Chomhairle, caithfear taifead iomlán a choinneáil agus monatóireacht a dhéanamh chun ró-úsáid agus mí-úsáid a sheachaint.

Ta seantaithí ar reachtaíocht éigeandála abhus agus achtanna ina n-údar conspóide a chuir le guagacht agus mísheasmhacht ó 1922 go dtí le gairid. Níl na forálacha atá i réim faoi láthair thuaidh agus theas chomh dian, ar ndóigh ach is claonadh ón scothchaighdeán iad.

Ní mór a bheith spárálach leo agus a chinntiú nach mairfidh siad oiread is lá amháin níos faide ná mar a bheidh riachtanach.

Fág freagra ar 'Caithfear a chinntiú nach mairfidh na dlíthe éigeandála oiread is lá amháin níos faide ná mar a bheidh riachtanach'