‘Caithfear a chinntiú go bhfaigheann ár bpobal féin an vacsaín’ – rialacha easpórtála nua beartaithe ag an AE

Rinneadh an fógra i ndiaidh roinnt seachtainí moilleadóireachta sa seachadadh

‘Caithfear a chinntiú go bhfaigheann ár bpobal féin an vacsaín’ – rialacha easpórtála nua beartaithe ag an AE

Tá sé fógartha ag an Aontas Eorpach go ndéanfaidh siad níos déine na rialacha maidir le heaspórtáil vacsaíní a dhéantar san Aontas.

Faoi na rialacha nua d’fhéadfaí cosc a chur ar easpórtáil vacsaíní Covid-19 chuig tíortha ina bhfuil go leor daoine vacsaínithe cheana nó chuig tíortha a chuireann srian iad féin le heaspórtáil vacsaíní.

Rinneadh an fógra i ndiaidh roinnt seachtainí moilleadóireachta sa seachadadh agus ganntanas vacsaíní dá bharr, go háirithe i gcás an chomhlachta AstraZeneca.

Dúirt Valdis Dombrovskis, leasuachtarán de chuid an Choimsiúin Eorpaigh, go raibh na rialacha á n-athrú chun “a chinntiú go bhfaigheann ár bpobal féin” vacsaín.

Dúirt sé nach raibh an t-athbhreithniú dírithe ar aon tír ar leith ach meastar go mbeidh impleachtaí ag an gcinneadh don Ríocht Aontaithe.

Dúirt Dombrovskis go raibh sé “soiléir” go gcaithfeadh an tAE a chinntiú go bhfaigheadh pobal an Aontais an tsnáthaid.

“Táimid tite ar gcúl, ar shlí. Agus má fhéachann tú ar chúrsaí tá an scéal amhlaidh in ainneoin go bhfuil an tAE ar cheann de na háiteanna is measa ar domhan atá buailte ag an bpaindéim agus go bhfuil sé ar cheann de na háiteanna is mó a bhíonn ag easpórtáil vacsaíní.”

Dúirt sé go raibh 10 milliún dáileog den vacsaín seolta ag an AE chuig an Ríocht Aontaithe, ach nach raibh oiread is dáileog amháin tagtha an treo eile.

“Tá sé soiléir go gcaithfimid féachaint ar ghnéithe den chomhar agus den chomhréireacht.”

Is “cás ar chás” a fhéachfar feasta ar na hiarratais easpórtála ó na comhlachtaí leighis.

Tuairiscíodh chomh maith inniu go ndúirt Boris Johnson gur a bhuíochas don “tsaint” agus an “caipitleachas” a d’éirigh chomh maith leis an gclár vacsaínithe sa Ríocht Aontaithe.

Tuairiscítear go ndúirt Johnson agus é ar ghlaoch gutháin príobháideach le feisirí Caomhacha gur a bhuíochas don chaipitleachas go raibh a gcéad snáthaid faighte ag 28 milliún duine. 

“Is a bhuíochas don chaipitleachas, an tsaint a chairde, gur éirigh chomh maith leis an vacsaíniú anseo.” 

Tuairiscítear gur thriail Johnson a chuid cainte a tharraingt siar ansin agus go ndúirt sé go magúil gur minic a sceitear sonraí ó chruinnithe fíorúla an Choiste 1922.

Idir an dá linn, tá ráta na dtorthaí dearfacha ar thástálacha Covid-19 in ionaid altranais níos ísle ná a bhí sé aon uair ó thús na paindéime. 

Ráta dearfachta 0.18% an t-eolas is déanaí ó ionaid altranais, beagáinín níos airde ná 0.13%,  an ráta a bhí iontu i mí Iúil anuraidh.

Fág freagra ar '‘Caithfear a chinntiú go bhfaigheann ár bpobal féin an vacsaín’ – rialacha easpórtála nua beartaithe ag an AE'