Caitheamh na haimsire: dúshlán don scríbhneoir

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ealaín ar leith is ea ligean don am a dhul thart i saothar ficsin

Caitheamh na haimsire: dúshlán don scríbhneoir

Ceann de na rudaí is deacra sa scríbhneoireacht ficsin ná caitheamh na haimsire a léiriú ar bhealach nach bhfuil tútach nó seanchaite.

Dá phraiticiúla iad, tá rud éigin fíorchiotach faoi shraitheanna ar nós ‘ansin, ina dhiaidh sin, agus ina dhiaidh sin arís’ nó tagairtí tura d’ainmneacha laethanta na seachtaine nó do na míonna.

Bealach nádúrtha chun imeacht na haimsire a thaispeáint, ar ndóigh, ná tagairt a dhéanamh do sholas an lae, d’athruithe fisiciúla a thiocfadh ar charachtair nó do na séasúir. Is baolach áfach go bhfuil an cur chuige sin chomh coitianta sin go mbíonn cuma sheanchaite ar mhórchuid tagairtí do luí na gréine, do roic a thiocfadh chun cinn in aghaidh carachtair nó do ribí liatha a thiocfadh ina gcuid gruaige, gan trácht ar dhuilleoga a bheith ag titim ó chrainn.

Ritheann gearrscéal de mo chuid féin liom anois inar chuir mé crann darach faoi fhuinneog dhuine de na príomhcharachtair agus gan cúis ar bith eile agam leis ach go bhféadfainn úsáid a bhaint as an gcrann sin chun imeacht na séasúr a léiriú, rud a rinne mé go fonnmhar, arís is arís eile. Chuile sheans nach dtabharfadh an léitheoir faoi deara gur cleas a bhí ansin, ach measaimse, an scríbhneoir, go raibh feidhm an chrainn sin rófhollasach.

Ní raibh The Summer Book leis an scríbhneoir Sualainnise ón bhFionlainn, Tove Jansson, léite agam go fóill nuair a scríobh mé an scéal áirithe sin. Sa leabhar sin – saothar chomh máistriúil sin go ndéanaim tagairt dó ar na leathanaigh seo arís is arís eile – a tháinig mé ar an léiriú is ealaíonta dá bhfaca mé go fóill ar imeacht na haimsire:

The island was blessed with mild night rain. A lot of lumber drifted by and was salvaged. No one came to visit, and there was no mail. An orchid bloomed. Everything was fine, and yet everything was overshadowed by a great sadness. It was August, and the weather was sometimes stormy and sometimes nice, but for Grandmother, no matter what happened, it was only time on top of time.

Éiríonn le Jansson rud éigin a dhéanamh sa sliocht thuas a shamhlódh duine a bheith dodhéanta: ligeann sí don am dul thart agus ag an am céanna coinníonn sí an t-am ina stad.

Ach an fáth go dtaitníonn an sliocht thuas chomh mór sin liom ná go bhfuil feidhm thábhachtach eile ag na habairtí ar fad seachas caitheamh an ama a thaispeáint. Léiríonn siad tírdhreach agus saol an oileáin bhig ar a bhfuil an scéal as ar tógadh an sliocht seo, ‘The Visitor’, suite. Ní dóigh liom go bhfaca mé abairtí gearra gonta ag obair chomh crua sin riamh cheana. Cuireann an ceann is giorra gliondar ar mo chroí gach uair a léim í agus admhaím go mbainim The Summer Book anuas ón tseilf ó am go chéile díreach chun breathnú ar an abairt sin amháin, amhail is gur seoid i dtaisce í.

‘An orchid bloomed.’

Íomhá álainn de bhláth beag bídeach, a dtugtar suntas dó toisc nach raibh a dhath níos suimiúla le tuairisciú. Ar léigh tú abairt riamh cheana a raibh oiread uaignis inti agus, ag an am céanna, oiread sóláis?

Fág freagra ar 'Caitheamh na haimsire: dúshlán don scríbhneoir'