Caitheamh dísle Jeffrey Donaldson agus an DUP

An raibh a mhéara crosach ar a chéile ag Jeffrey Donaldson nuair a dúirt sé go bhfáilteodh sé roimh thoghchán luath?

Caitheamh dísle Jeffrey Donaldson agus an DUP

Mhúscail ‘aitheasc mór’ cheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, níos mó ceisteanna ná mar a chuir sé freagraí ar fáil.

An gcreideann sé gurb é leas an phobail é siúl amach as Stormont taobh istigh de roinnt seachtainí mar a bhagair sé a dhéanamh mura gcuirtear an Prótacal iar-Bhreatimeachta, mar atá, ar ceal?

An gcreideann sé go bhfaighidh sé tacaíocht an phobail don gcleas sin nuair atá ráta báis an-ard abhus ó phaindéim Covid-19, nuair atá fadhbanna móra sa chóras oideachais agus an tseirbhís sláinte i ndroch-chaoi?

Teaictic chontúirteach is ea í.

Nuair a d’fhógair sé nach bhféadfadh an Prótacal agus Stormont araon a bheith ag Londain agus an Bhruiséil an ag caitheamh dísle a bhí sé? An ag dul sa seans a bhí sé go mbeadh rath ar a bhagairt, go ndéanfaí rud air i Sráid Downing agus san Aontas Eorpach? Nó an bhfuil plean aige nár roinn sé linn? An gceapann sé go bhfuil beart ar na bacáin a shábhálfaidh ón teip é? Margadh idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach nach bhfuil leide faighte ag éinne eile faoi? An bhfuil geallúint aige ón bPríomh-Aire Boris Johnson, fear nach bhfuil cúis ar bith ag an DUP a muinín a chur ina fhocal?

Nocht Donaldson a phlean cogaidh in aghaidh an Phrótacail Déardaoin tráth a raibh idirbheartaí an Aontais Eorpaigh, Maroš Šefčovič, ar a bhealach go Béal Feirste. Ní de sheans a roghnaíodh an dáta ach ba bheag cosúlacht a bhí ar an óráid gur ar Šefčovič a bhí sí dírithe. Bhí Leasuachtarán an Choimisiúin ag cur in iúl do na grúpaí a bhuail leis go raibh an AE toilteanach faoisimh a ghéilleadh chun fadhbanna a fhuascailt ach nach gcuirfí an Prótacal ar ceal. Thug Donaldson an t-eiteachas scun scan do chaint faoi mhaolú.

An raibh a mhéara crosach ar a chéile ag Donaldson nuair a dúirt sé go bhfáilteodh sé roimh thoghchán luath? Cuimhnigh go ndúirt sé é sin d’ainneoin a pháirtí a bheith sa tríú háit i measc aontachtaithe, de réir pobalbhreithe amháin.

Níorbh fhéidir a shéanadh go raibh baint mhór ag plean an DUP le torthaí na bpobalbhreitheanna ó thus na bliana seo a léirigh titim go seasta ar thacaíocht don DUP.

Ní nach ionadh is mian leis an gceannaireacht stádas an DUP mar an príomhpháirtí aontachtach a choinneáil, nó é a bhaint ar ais ba chirte a rá. Is mian leo na vótóirí atá ag bogadh i dtreo an TUV, na daoine is mó a bhí míshásta leis an bPrótacal, a mhealladh ar ais. Bhí éilimh cheannaire an DUP ina aitheasc Déardaoin an-ghar do chur chuige Jim Allister an TUV. Maíonn seisean gur cheart Stormont agus na forais thuaidh/theas a scrios. D’fhógair Donaldson baghcat láithreach ar chruinnithe aireachta trasteorann cé is moite de chomhoibriú faoi chúrsaí sláinte, maille leis an bplean go ndiúltódh airí an DUP an Prótacal a fheidhmiú agus nach mbeadh Stormont inmharthana.

Dúirt Sir Jeffrey freisin gur theastaigh tacaíocht na n-aontachtaithe go léir uaidh dá phlean. Gan dabht, ba mhaith leis a chur in iúl gurb é – fós pé scéal é – ceannaire an pháirtí aontachtaigh is mó.

Bhí sé fánach aige. Níor shásaigh sé an TUV ná an UUP.

Gníomhartha agus ní briathra a d’éiligh Jim Allister, ceannaire an TUV. Dúirt Doug Beattie, ceannaire an UUP atá ag bailiú nirt de réir na bpobalbhreitheanna, nach mbeadh an páirtí ag siúl amach as na hinstitiúidí. Tá siad in éadan an Phrótacail toisc go scarann sé Tuaisceart Éireann ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe, dar leo, ach níl aon ghlacadh acu le teaicticí místuama an DUP.

Cháin trí pháirtí eile an Fheidhmeannais, Sinn Féin, an SDLP agus Alliance, plean Donaldson agus dúirt gur cinnte gur cleas polaitiúil é ar mhaithe leis an DUP, beart mífhreagrach agus easpa ceannaireachta.

Cén toradh a bheas air?

An meallfaidh neamhghéilliúlacht Donaldson dóthain tacaíochta chun an DUP a choinneáil ar thús cadhnaíochta? D’íoc an páirtí go daor i dtoghchán 2019 as pairilis Stormont. An bhfuil siad ag iarraidh a dhul sa seans maidir leis sin arís?

Labhair Donaldson faoi thoghchán Tionóil roimh Nollaig. Feadaíl, ceaptar.

I bhfianaise chleachtas na Breataine go dtí seo, ní bheadh aon deifir ar an Státrúnaí toghchán a ghairm. D’fhéadfadh nach dtarlódh sé go dtí an bhliain seo chugainn nó measann go leor go bhféadfadh Stormont a bheith díomhaoin go ceann i bhfad má thiteann sé arís.

Dá dhonacht é Stormont ní bheadh an pobal buíoch de pháirtí a d’fhágfadh iad faoi riail ar nós cuma liom na dTóraithe.

Beidh leide againn faoi Shamhain faoi cár thit dísle Donaldson.

Fág freagra ar 'Caitheamh dísle Jeffrey Donaldson agus an DUP'