Caitheadh muintir Chorcaí uathu brat na Cónaidhme agus caithimis uainn John Mitchel

Ní foláir do lucht an spóirt a bheith tuisceanach faoi na bríonna éagsúla a bhaineann le bratacha agus siombailí eile

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Nuair a bhíos-sa im’ chorránach garsúin i nDún Chaoin, bhíodh sé de bhéas ag roinnt de leanaí na scoile a bheith ag tarrac an svaistice anso agus ansiúd ar bhinsí agus ar fhallaí. Siombail ab ea é a bhí feicthe againn ar an dteilifís, ach bhíothas dall ar chiall an mhairc. Ní raibh ann ach slí chun gomh agus conach agus fearg a chur ar na daoine fásta.

Nuair a tugadh le chéile sinn agus nuair a míníodh dúinn go díreach a bhí laistiar den mharc, an saghas duine a bhíodh á úsáid tráth agus an alltacht a bheadh ar fhormhór na ndaoine a d’fheicfeadh é, go háirithe an scata Gearmánach agus an fo-Ghiúdach a bhí sa cheantar, stopadh á tharrac.

Rith sé seo liom le déanaí agus mé ag léamh agus ag faire na conspóide fé bhratach na Cónaidhme agus an úsáid a bhí/atá á baint as. Tarraingíodh aird ar an mbratach seo tar éis an uafáis a tharla i Charleston, South Carolina, nuair a lámhachadh forchiníoch geal naonúr den chine gorm agus iad ag guíochtaint in eaglais Dé.

Cloch eile ar charn na conspóide fén gcaidreamh idir-chiníoch i Stáit Aontaithe Mheiriceá ab ea an eachtra seo, agus dhírigh an gean a bhí ag an fear an áir ar bhratach na Cónaimdhme aird an domhain arís ar ceist na fleaige seo.

Do dhaoine áirithe i ndeisceart na stát, siombail chultúrtha agus oidhreachta í, siombail a léiríonn féiniúlacht ‘Dixie’. Tá scata eile, áfach, a cheapann gur siombail chiníoch, sheineafóbach í, a dhéanann beag is fiú de chóras na sclábhaíochta a bhí ar cheann de raison d’être na Cónaidhme agus a bhí ar cheann de na mórchúiseanna a bhí le Cogadh Chathartha Mheiriceá. Tá sí á haint anuas d’fhoirgintí poiblí fud fad an deiscirt le seachtainí beaga anuas.

Ní ceadmhach don Éireannach fanacht socair faoin scéal seo agus ár leagan féin de conspóid seo bhratach na Cónaidhme againn abhus. Mar is eol d’éinne a bhíonn ag faire ar na cluichí Gaelacha, bíonn sí ar foluain aon áit a mbíonn Reibiliúnaithe Chorcaí ag imirt. Bhíodh sí le feiscint i bhfad ní ba mhinice tamall, agus bíonn ceann fánach le feiscint fós.

Dar liom, bhí formhór mór díobh siúd a mbíodh na bratacha seo ar iompar acu dall ar an gciall a bhain leis, agus an stair a bhain leis. Ní raibh ann ach go raibh bratach dhearg rebels Mheiriceá oiriúnach do rebels dearga Chorcaí. Ach tá brú ag teacht ar lucht leanúna Chorcaí an bhratach a fhágaint ina ndiaidh.

D’iarr Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, orthu gan í a úsáid, agus bhí scata daoine, an t-amhránaí gorm ó Mheiriceá atá ina cónaí i gCorcaigh, Karen Underwood, ina measc, ag rá gur chuir an bhratach olc orthu.

Ach má dhein, bhí scata Corcaíoch ar na meáin shóisialta á cosaint, ag rá go raibh sí á húsáid acu le blianta agus nach mar shiombail chiníoch a bhí sé ach mar shiombail reibiliúnach. Go deimhin, dúirt cuid acu gur cuid dá n-oidhreacht í agus chruthaigh duine acu íomhá a d’úsáid an manna ‘heritage not hate’ – an manna céanna a bhí in úsáid go rábach ag agóid de chuid an KKK agus grúpaí neo-naitsíocha a bhí ar siúl i South Carolina le déanaí.

Ní haon bhuíon chiníoch iad lucht leanúna Chorcaí, agus ní fhéadfaí a leithéid a chur ina leith. Ach feictear an tsiombail seo á leanúint, agus ní deas an radharc é (cé ná beidh an bhratach ag leanúint éinne tar éis chluichí na deireadh seachtaine seo!).

Nach minic dath deas dearg agus bán ar an svaistice – canathaobh ná húsáidtear é sin? An nglacfaidís le bratach na Ríochta Aontaithe – arís, tá dearg agus bán air – óir nach cuid d’oidhreacht Chorcaí an bhratach sin? Ní féidir le héinne a rá anois nach eol dóibh an bhrí atá laistiar de bhratach na Cónaidhme, agus creidim go bhfágfaidh formhór mór de mhuintir Chorcaí ina ndiaidh í.

Tá fadhb eile ag CLG ó thaobh an chiníochais de nach mór a nochtadh, fadhb a bhaineann le hainmneacha roinnt dá gcumann. Is mó cumann CLG atá ann a bhaineann úsáid as ainm John Mitchel. Tá ceann acu i mbaile Thrá Lí, ceann eile i Learpholl agus timpeall dosaen ceann eile ar fud na tíre agus an domhain.

Deirtear linn gur tírghráthóir agus trodaí saoirse ab ea an Mistéalach, duine de cheannairí na nÉireannach Óg agus náisiúnach den scoth. Ach fear a bhí go mór i bhfabhar na sclábhaíochta ab ea é, fear a chreid go raibh an fear geal níos airde i bhfad ná an fear gorm, agus gurb é ord nádúrtha an domhain é go mbeadh an fear gorm fé shlabhra agus fé laincis ag an bhfear geal. Chreid sé nárbh aon drochrud é sclábhaithe a choimeád nó drochíde a thabhairt dóibh, fé mar a léirítear san abairt seo aige:

We deny that it is a crime, or a wrong, or even a peccadillo to hold slaves, to buy slaves, to keep slaves to their work by flogging or other needful correction.”

Bhí a chuid tuairimí faoin sclábhaíocht ag teacht salach ar fad ar a thuairimí ar shaoirse na nÉireannach – bhí sé de cheart ag an Éireannach gach iarracht a dhéanamh é féin a fhuascailt, ach ní raibh aon ghéilleadh aige d’éinne a bhí d’iarraidh an fear gorm a shaoradh.

An bhfuil an Mistéalach oiriúnach mar eiseamláir chultúrtha agus spóirt? An bhfuil sé ceart go mbeadh imreoirí óga CLG ag imirt fé bhratach an Mhistéalaigh, cé nach eol dóibh an saghas duine ab ea é?

Tá sochaí na tíre, agus pobal imeartha agus leanúna an CLG dá réir, níos ilchultúrtha agus níos ilchineálaí ná mar a bhí riamh. Má bhíonn ár gcumainn spóirt fáilteach roimh gach cine agus tuisceanach do chách, is sláintiúila go mór a bheimid mar náisiún.

Fág freagra ar 'Caitheadh muintir Chorcaí uathu brat na Cónaidhme agus caithimis uainn John Mitchel'

  • sean

    Dealraíonn sé go bhfuil Ó Donnabhain Rosa – cainteoir dúchais, Gaeilgeoir agus tírghráthóir- caite i dtraipisí ag Tuairisc chomh maith céanna óir níl aon fhocal agaibh faoi bíodh go bhfuil na meáin eile breac le cuntaisí faoi (agus alt ag ‘yer man’ san Indo ag tabhairt faoina fheachtas foréigin, cad eile). D’réir loighic an ailt thuas ag an Mórdhach ba chóir an Union Jack a chealú freisin mar ní raibh na Sasanaigh chun deiridh i dtionscal na sclábhaíochta (i measc nithe eile), ná baol air. Sheol Sasana na mílte Éireannach (‘indentured servants’ mar dhea) an loch amach go dtí Montserrat, Jamaica, Barbados etc agus níl aon fhocal faoi, gan trácht ar an speilpa dhein siad as gormaigh a dhíol ar fud na cruinne. Ní maith liom brat na Cónaidhme a bheith ar foluain ag gadsáidí Chorcaí ach is beag tír san Euróip dáiríre nach raibh láimh nó páirt acu sa gháinneáil daoine sin. Agus cathain a cuireadh stop leis an ngáinneáil chéanna, deir tú? Nach bhfuil na donáin bhochta ar lic an dorais againn féin anois sna tithe ‘tearmainn’ is eile?

  • cormac

    An gcaithfeadh muintir Chiarraí uathu a mbrat siúd ag na cluichí caide? Nach bhfuil an chuid eile againn fé thráill acusan ar pháirc na himeartha le fada an lá! Dar liom go bhfuiltear ag dul thar fóir ar fad leis an bhfíréantacht cheartchreidmheach seo. Is mó gníomh barbartha a fholaítear le brat. Féach an t-ionsaí gránna a rinne Jimmy Deenihan ar JBM san athimirt de Chraobh na Mumhan i bPáirc Uí Chuív 1977, nuair a bhí Amhran na bhFiann ar siúl, rud a thug air an chaid a chaitheamh uaidh ina dhia’ sin. Tiocfaidh ár lá.

  • sceolaing@hotmail.com

    Ní gan fáth a t(h)ugtar ‘aprún an bhúistéara’ ar an U. Jack, a dhuine. Fimíneacht scun scan is ea an feachtas sin sna Stáit maidir le brat na Cónaidhme. Tá marú agus éirling á ndéanamh ar na gormaigh ar fud SAM fé láthair, ar daoine bochta a bhformhór, agus is póilíní na dúnmharfóirí is mó. An cogadh forchiníoch os íseal é seo? ‘Tabhair a thuilleadh gunnaí do dhaoine chun iad féin a chosaint’ a deir cuid de na polaiteoirí! Tá fíoch fola doshásta ar chairtéal míleata SAM sa Mheánoirthear, go háirithe, agus ná ligimís i ndearmad go deo gur armlón SAM – idir bhuamaí phosphorous is eile – a dhein léirscrios agus ainíde sceonmhar diablaí ar mhuintir Gaza idir leanaí, mhná is fhearaibh. Sea, cine neamhgheal eile, nach cuma fúthu sin. Nár dhána agus nár náireach an mhaise dhom ómós a thabhairt do bhrat na mbarbarach úd? ‘An té a mhaireann i dteach gloine bíodh sé saor ar an gcéad chloch a chaitheamh.’

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Píosa maith ag an GAA le dhul go fóill ó thaobh an ilchultúrthacht de – go háirithe i bhfochumainn iargúlta, tuaithe na tíre seo. Níl cothrom na féinne bainte amach ag na mná san eagras spóirt seo fiú – gan labhairt ar chomhionannas do dhaoine aerach agus leispiach.

    Agus nár cheart d’ár gcumainn spóirt bheith fáilteach roimh an Ghaeilge, ár dteanga dúchais, fosta? Is trua nach bhfuil na cluichí Gaelach anseo in Éirinn ag tabhairt níos mó aitheantais agus tús áite d’ár dteanga dúchais chun dea-shampla a thabhairt don t-aos óg agus do na fochumainn GAA uilig atá bunaithe thar lear.

  • Dónal

    do chonac bratach Meirice ar foluain ó chianaibh i bpáirc an chrócaigh. tá ana chuid daoine a mhaífeadh gur siombal crólinn áir agus ionraidh is ea é sin…. is cur i gcéill é an ciníochas a shamhlú le bratach na Cónaidhme mar dhea is ná baineann ciníochas sclábhaíocht ár le hana chuid bratach eile… Léiríonn sé a áiféisí is athá féiniúlacht ‘reibiliúnach’ an lae inniu. Cuirimis cosc ar bhratacha na hEorpa leis más ea… Ní mór do thuairisc agus b’fhéidir do Dháithí seo gainne alt a scríobh fé James McClean agus a chás-sa… baineann a éirí amach agus stair na polaitíochta sa saol sacair leis an ábhar so.. Tá an pholaitíocht i bhfad chun cinn agus níos suimiúla i saol an sacair ná sna cluichí gaelacha an lae inniu. Cé go bhfuiltear ag iarraidh an pholaitíocht a bhaint den sacar leis mar is léir fé mar atháthar ag cur cosc ar amhráin pholaitiúla in Albain… rud a dheineann tinnis mór domsa mar leantóir sacair agus mar dhuine ar an eite chlé.

  • seán

    ‘Ó Donnabháin Rosa’ I agus II, Seán Ó Luing, http://www.litriocht.com

  • Concubhar

    An bhfuil gá leis an gclúmhilleadh seo ar lucht leanúna Chorcaí? Nach leor do Chiarraí agus a sár tumadóirí gur bhuaigh siad ar Chorcaigh…