Caiteachas, contúirt agus éiginnteacht ar scála ollmhór

Tá méadú stairiúil as cuimse ar chaiteachas an rialtais beartaithe do 2021, anuas ar mhéadú as cuimse i mbliana

Caiteachas, contúirt agus éiginnteacht ar scála ollmhór

Ní raibh buiséad dá leithéid ann riamh, ná éiginnteacht dá leithéid ann ach oiread faoina éifeacht. Tá méadú stairiúil as cuimse ar chaiteachas an rialtais beartaithe do 2021, anuas ar mhéadú as cuimse i mbliana.

Cibé locht atá ar na beartais a d’fhógair na hairí Paschal Donohoe agus Michael McGrath, ní féidir sprionlaitheacht a chur ina leith. Nó déanta na fírinne ní féidir neamhthoil lear ollmhór airgid a fháil ar iasacht a chur ina leith.

Anuas ar an easnamh 21billiún a meastar a bheidh i gcuntas an rialtais i mbliana, thug an bheirt airí le fios go bhfuil easnamh chomh mór céanna beagnach (€20.5bn) á thuar acu faoi dheireadh 2021.

Dáiríre ar ndóigh, níl aon chinnteacht ag baint lena dtuairim, ná le tairngreacht ar bith eile faoi láthair. Leagadh amach an Buiséad, a dúirt Paschal Donohoe, agus talamh slán á dhéanamh de:

  1. Nach dtiocfar ar shocrú Breatimeachta
  2. Nach mbeidh deireadh le géarchéim an choróinvíris, agus
  3. Nach mbeidh vacsaín ar fáil go forleathan in 2021.

Is léir do chách nach mbeidh cúrsaí chomh dona má athraíonn an léargas sin. Ní féidir áfach buiséad a phleanáil ar bhonn dóchais. Chuir Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin i leith an rialtais nach raibh tacaíocht mar ba chóir tugtha do dhaoine atá as obair mar gheall ar an bpaindéim agus cháin Ged Nash ón Lucht Oibre drogall an rialtais córas pá breoiteachta a bhunú.

Pléifear fiúntas na sonraí a fógraíodh ar feadh tamaill ach tá móraidhm an rialtais soiléir. Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath ina óráid go raibh dualgas ar an rialtas dóchas a spreagadh.

Faraor ní féidir talamh slán a dhéanamh de go spreagfaidh na beartais agus na faoisimh a fógraíodh dóchas a bheidh buan ná láidir. Mar shampla, táthar ag súil go gcabhróidh an laghdú ar cháin bhreisluacha (VAT) ó 13.5% go dtí 9% le húinéirí tithe ósta agus bialann. Ach is beag dea-thoradh suntasach a fheicfear air mura gcuirfear srian ar leathadh an víris.

Bhí go leor dea-scéalta á n-inseacht ag an mbeirt airí agus roinnt an airgid ar iasacht á sonrú acu.

Beidh ardú 23% mar shampla ar an gcaiteachas ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta in 2021, tabharfar 8 milliún breise d’Údarás na Gaeltachta, agus beidh €3.5 milliún sa bhreis ag TG4 (nó ‘Teilifís na Gaeilge’ mar a thug Michael McGrath air).

Fógraíodh clár nua caiteachais a mbeidh tábhacht nach beag leis amach anseo toisc gur caiteachas fadtéarmach atá beartaithe ar chúrsaí trasteorann. Beidh 500 milliún le caitheamh (in imeacht cúig bliana) ag roinn nua an oileáin chomhroinnte i Roinn an Taoisigh. Thug foinsí rialtais le fios go gcuirfí airgead ón gclár caiteachais seo ar fáil d’fheabhsú an bhóthair idir Muineachán agus Doire, ach beidh lear suntasach airgid ar fáil do thograí eile.

Ní féidir lán-éifeacht an Bhuiséid a mheá go cruinn áfach ar chúis mhór amháin. Thar aon rud eile is ar chur chuige an stáit agus an phobail sa choimhlint in aghaidh an víris a bheidh tionchar an bhuiséid seo ar an tír ag brath.

Fág freagra ar 'Caiteachas, contúirt agus éiginnteacht ar scála ollmhór'

  • Poraic o'hEipicín

    Beidh ann chuid paidireacha de dhith . go bfóire Dia orainn.