Cairdiúlacht nó cíocha, cé acu is fearr?

Cé acu is mó a thuilleann séisíní, meas tú? Cailín na ngnáthéadaí agus an gháire ghlé nó cailín an chíochbhirt DD?

Screen Shot 2015-10-01 at 18.44.01

Cé acu is mó a thuilleann séisíní, cailín na n-éadaí stuama agus an chómhrá chairdiúil nó cailín an chíochbhirt DD? Thug an blagálaí Ísiltíreach Renée van der Schoot (26) faoi thástáil shocheolaíoch i gcaifé chun an cheist phráinneach seo a réiteach.

San fhíseán ceithre nóiméad seo ar a vlag, Renée Online, pléann Van der Schoot cur chuige na tástála, taispeánann sí an tástáil féin agus pléann sí na torthaí. Rabhadh: déanann sí sin ar fad in Ísiltíris. Ar an ábhar sin: más suim leat cíocha DD Renée, ar aghaidh leat láithreach go 02:13 san fhíseán. Más suim leat torthaí na tástála, coinnigh ort ag léamh anseo.

Ar dtús, caitheann Van der Schoot tamall ag freastal ar chustaiméirí an chaifé agus éadaí stuama uirthi. Tá a feisteas rud beag coimeádach, b’fhéidir, ach níl sé mífhaiseanta. Rud ar bith a tharraingeodh aird. Déanann sí iarracht comhrá cairdiúil a choinneáil lena cuid custaiméirí agus í ag freastal orthu.

Ansin, isteach go dtí an leithreas léi, áit a gcuireann sí éadaí difriúla agus dalladh smidiú uirthi féin. Má léim tú ar aghaidh chuig an bpointe sin san fhíseán a luaigh mé thuas, ní fhaca tú nach líonann Renée cíochbheart DD go nádúrtha: tá roinnt chaimiléireacht chíche i gceist. Ar eagla go dteastódh uait féin triail a bhaint as a módh oibre, seo é: caith roinnt cíochbhearta anuas ar a chéile agus líon le stocaí iad. Ach, cogar i do chluas ó Renée: ‘Bí cinnte nach mbeidh cnapáin le feiceáil!’

Amach léi ansin chun freastal ar chustaiméirí an chaifé mar spéirbhean DD. An iarraidh seo, ní bhacann sí leis an gcabaireacht chairdiúil.

Tugann sí an ghnáthsheirbhís chaighdeánach – ach le cíocha móra. Níl sé i bhfad go dtí go dtugann sí faoi deara go bhfuil athrú mór millteach ar líon agus luach na séisíní a fhaigheann sí! Ach ní mar a shíl sí a bhí…

Creid é nó ná creid, ba lú i bhfad luach na séisíní a fuair sí agus an cíochbheart DD á chaitheamh aici. An rud is spéisiúla ar fad: nuair a bhí an brollach breá sin uirthi, níor thug oiread agus bean amháin séisín di – agus gach uair dá raibh lánúin i gceist, ba í an bhean a chuaigh suas chuig an gcuntar chun í a íoc.

Bhí Renée féin fíorshásta le toradh a tástála. ‘Thug sé ugach dom gur mó i bhfad líon agus luach na séisíní nuair a bhí mé gléasta mar “mé féin”!’

Fág freagra ar 'Cairdiúlacht nó cíocha, cé acu is fearr?'

  • Fearn

    Abair Cinnlíne!