Cairdeas anois idir Mickey Ned agus iad siúd a lean na treoracha ‘é a stopadh pé slí ab fhéidir’

Daichead bliain ó shin d’fhág an gortú a bhain do Mickey Ned O’Sullivan i gcluiche ceannais na hÉireann go mb’éigean é a chur chuig an ospidéal agus gurbh é Pat Spillane a ghlac Corn Sam Mhig Uidhir ina áit

Munster GAA Football Minor Championship Final 8/7/2012 Kerry Manager Mickey Ned O'Sullivan Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Mickey Ned O’Sullivan
 ©INPHO/James Crombie

Daichead bliain go Domhnach, thug Baile Átha Cliath agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais peile na hÉireann, 1975.

Foireann óg a bhí ag Ciarraí ag an am is gan craobh na hÉireann buaite acu le cúig bliana.

Ba é Mickey Ned O’Sullivan a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann an lá úd, cé nárbh é a chroch an corn i ndeireadh an chluiche. San ospidéal a fágadh fear Neidín ag deireadh an lae tar éis drochghortú baint dó sa chluiche.

Más ea, dhein sé a chuid féin chun a chinntiú gur leis an Ríocht a bheadh an lá agus d’imir sé chomh neamhfhaiteach céanna leis an gcéad duine eile sa gheansaí glas agus buí.

Ag caint dó ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, mhínigh O’Sullivan d’ancaire an chláir, Helen Ní Shé, go raibh Ciarraí “ana-spridiúil chun buachan ar Bhaile Átha Cliath” an lá sin agus gurbh é an “seanscéal” a bhí ann, is é sin, “an tuath i gcoinne na cathrach”.

“Foireann an-óg a bhí ag Ciarraí. Bhí an seanfhoireann a bhí ann sna seascaidí agus tosach na seachtóidí ag imeacht. Tháinig Mícheál Ó Duibhir isteach mar thraenálaí agus chuir sé a mhuinín sna leaids óga. Is dócha [gur] cheap gach éinne go rabhadar ró-óg”.

Má ba chabhair é Ó Duibhir chun muinín a chothú sna himreoirí óga, ba é O’Sullivan a chuir ina luí air cúrsa cóitseálaí a dhéanamh in éineacht leis féin toisc nach raibh aon traenálaí ag an bhfoireann i dtosach an bhiaiste peile an bhliain sin.

Níor thúisce an cúrsa sin déanta acu beirt nó gur shocraíodar teagmháil a dhéanamh le Gerald McKenna agus iarraidh air fiafraí de Mick O’Dywer an mbeadh sé sásta bheith ina bhainisteoir ar Chiarraí.

B’fhacthas don Súilleabhánach go raibh O’Dywer “mar cheannaire ar an bpáirc peile”.

“Bhí ardmheas ag gach éinne air mar pheileadóir. Bhí sé ag traenáil an Choireáin ag an am agus bhíodar ag déanamh go hana-mhaith..agus cheapas toisc go raibh ardmheas ag gach éinne air agus go raibh sé díograiseach, go dtabharfadh sé 100% dó” a dúirt sé.

“Is dócha…ní raibh a fhios agam go n-éireodh chomh maith sin leis”, ar seisean.

Toisc go raibh cáilíocht sa chorpoideachas ag fear Neidín, ba é a chuir comhairle ar O’Dwyer maidir le leagan amach na seisiún traenála i dtús na haimsire.

Ag cur síos dó ar an gcéad seisiún traenála acu, dúirt O’Sullivan an méid seo:

“Ní raibh ann ach aclaíocht dian agus ag deireadh an chéad seisiún, chuir sé ceist orm conas a bhí sé agus dúras ‘ní raibh sé dian go leor’ agus an seisiún ina dhiaidh sin, bhí sé chomh dian, ní fhéadfá é a chreidiúint”.

Mar is eol do chách faoi seo, luigh O’Dwyer isteach leis an bpost gan mórán moille ina dhiaidh sin agus threoraigh foireann óg Chiarraí go Páirc an Chrócaigh i gcomhair Chluiche Ceannais na hÉireann.

B’fhacthas don Súilleabhánach nach raibh an fhoireann ró-neirbhíseach ar an lá toisc iad a bheith chomh hóg sin. Dúirt sé chomh maith nach raibh sa chloigeann acu ach imirt ar a seacht ndícheall agus a ndúshlán a thabhairt do rogha na coitiantachta, na Dubs.

Ba léir a meon dearfach, neamheaglach ar a gcuid imeartha agus diaidh ar ndiaidh, bhíothas ag éirí buartha faoi O’Sullivan agus an scrios a bhí á dhéanamh aige ar chosaint Bhaile Átha Cliath. Thug O’Sullivan le fios ar an An Saol Ó Dheas inniu gur admhaigh duine de na cosantóirí sin, Seán Doherty, go bhfuair sé treoracha ón dtaobhlíne díriú ar Micky Ned agus é a stopadh pé slí ab fhéidir, rud a tharla roimh a dheireadh.

Seo leis an Súilleabhánach ag imeacht ar ruathar suas an pháirc agus scata mór d’imreoirí Bhaile Átha Cliath á chur de aige. Ina measc sin, bhí Alan Larkin, a thug buille sa phus dó, Paddy Reilly, a dhein iarracht tuisle a bhaint as; Georgie Wilson, a thug faoi ghreim a bhreith air ach nár éirigh leis; agus an captaen, Seán Doherty.

Ba é an rud a thug chun talún sa deireadh é, áfach, agus a d’fhág speabhraídí air, ná an buille a thug Doherty agus Larkin in éineacht dó, tar éis do Larkin teacht suas leis arís agus é a bhualadh an athuair.

D’fhág an gortú sin a bhain dó go mb’éigean é a chur chuig an ospidéal agus ba é Pat Spillane a ghlac Corn Sam Mhig Uidhir ina áit.

Más ea, níl aon chloch sa mhuinchille ag O’Sullivan d’imreoirí Bhaile Átha Cliath. Go deimhin, tá sé an-mhór le Seán Doherty go dtí an lá inniu féin agus mhínigh sé inniu go bhfuil caidreamh iontach idir imreoirí an dá chontae agus, dá fhiachmhaire dá n-éiríonn cúrsaí ar pháirc na himeartha, maireann an cairdeas lasmuigh di i gcónaí.

Fág freagra ar 'Cairdeas anois idir Mickey Ned agus iad siúd a lean na treoracha ‘é a stopadh pé slí ab fhéidir’'