Cáipéisí Gobharnóra arbh as Conamara a thuismitheoirí bronnta ar Ionad na nÉireannach i Maine

Bhí an Seanadóir George Mitchell ina measc siúd a bhí i láthair nuair a bhronn Joseph Brennan a cháipéisí pearsanta polaitíochta go hoifigiúil ar Ionad Oidhreachta na hÉireann i gcathair Portland

Cáipéisí Gobharnóra arbh as Conamara a thuismitheoirí bronnta ar Ionad na nÉireannach i Maine

Bhronn iarGhobharnóir Stáit Maine i Meiriceá, Joseph Brennan, a cháipéisí pearsanta polaitíochta go hoifigiúil ar Ionad Oidhreachta na hÉireann i gcathair Portland an tseachtain seo caite.

Bhí an Seanadóir George Mitchell agus iarMhéara chathair Portland, Michael Brennan, i measc breis agus 300 duine a bhí ag an ócáid.  Labhair an t-iarGhobharnóir féin, atá dhá bhliain le cois na ceithre scór, agus an Seanadóir Mitchell ag an ócáid.

Ba as pobal Charna i gConamara iad athair agus máthair Joseph Brennan.  I Roisín na Mainiach a rugadh a athair, John Brennan – bhí teaghlaigh de na Braonáin sa gceantar ar feadh roinnt glúnta roimhe sin – agus ba as an mbaile fearainn ba gaire de a mháthair, Kate Mheairc Mhurchadha (Ní Mhaoilchiaráin).

Ní raibh John Brennan ach ina ghasúr nuair a thug a mháthair, Bríd Nic Dhonnchadha roimh phósadh di, a triúr clainne léi ar ais go Portland.  Bhí sí féin agus a fear ansin níos túisce ina saol ach d’fhilleadar ar Roisín na Mainiach.  Theagmhaigh an mí-ádh don teaghlach; cailleadh fear an tí, Beartla Ó Braonáin agus beirt de na gasúir.  Shocraigh Bríd gurbh fhearr filleadh ar Phortland i Maine, cathair a raibh tarraingt cuimse daoine as Conamara uirthi sa dara cuid den 19ú céad agus i dtús an 20ú céad.   D’imíodar as calafort Queenstown (Cóbh an lae inniu) i gCorcaigh ar an 28ú Samhain 1900.

Ní raibh an scór féin sroichte ag Kate Mheairc Mhurchadha nuair a d’imigh sise go Portland.  Chas sí féin agus John Brennan ar a chéile sa gcathair sin agus phósadar.  Bhí ochtar clainne acu, duine acu Joseph Brennan.

Ní mórán le cois an bheagáin a bhí le spáráil ag teaghlaigh Éireannacha i Portland san am sin.  Ach bhí Joseph Brennan meabhrach agus d’éirigh leis scoláireachtaí a fháil chuig Coláistí.  Cháiligh sé ina dhlíodóir.

Bhí sé dhá théarma ina Ghobharnóir ar Stát Maine idir 1979 agus 1987.  Ansin bhí sé ina Fheisire Comhdhála i Washington idir 1987 agus 1991.  Cheap an tUachtarán Clinton é ina bhall den Choimisiún Náisiúnta Mara i Meiriceá i 1999 ar feadh téarma cúig bliana agus d’athcheap an tUachtarán George W. Bush é ar feadh cúig bliana eile in 2004. 

Tá Joseph Brennan éirithe as an saol poiblí anois agus é ag tógáil an tsaoil níos réidhe san áit ar rugadh agus ar tógadh é i Munjoy Hill i Portland. Ní minic leis a bheith páirteach in imeachtaí poiblí anois ach tá fíor-áthas ar lucht Ionad Oidhreachta na hÉireann i Portland gur thoiligh sé a chuid cáipéisí a thabhairt ar láimh dóibh agus labhairt an oíche cheana.  Tá an t-iarGhobharnóir ag súil go mbunófar ionad taighde sóisialta in Ionad Oidhreachta na hÉireann i Portland amach anseo.   

“Chuirfeadh sin an sméar mhullaigh ar an gceangal le Joseph Brennan,” arsa Maureen Coyne-Norris, duine de bhunaitheoirí na háite.

Ba thráthúil go raibh an Seanadóir George Mitchell ag an ócáid an oíche cheana.  Tharla sé gurbh é an Gobharnóir Brennan a chuir Mitchell ar a chosa sa bpolaitíocht. 

Nuair a ceapadh an Seanadóir Edmund Muskie mar Rúnaí Stáit le linn Uachtaránacht Jimmy Carter i 1979 bhí folúntas fágtha do Sheanadóir i Stát Maine.  Ba é an socrú a bhí i bhfeidhm ná gurb é an Gobharnóir a cheapadh an Seanadóir nua idir dhá thoghchán agus ba é George Mitchell a roghnaigh an Gobharnóir le dhul go Washington. 

Bhain Mitchell ardstádas amach sa bpolaitíocht náisiúnta i Meiriceá agus go hidirnáisiúnta ina dhiaidh sin.

Ar ais níos gaire do bhaile agus tá ceangal déanta idir Ionad Oidhreachta na hÉireann i Portland agus tionscnamh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna i gConamara, an áit as a ndeachaigh tuismitheoirí an Ghobharnóra Brennan trasna an Atlantaigh go Portland.

Tá an Tionscnamh Gaeltachta ar bun freisin in Ionad Oidhreachta na hÉireann i Portland, sin staidéar eolaíochta ar na ceangail ghaoil idir muintir Chonamara sa mbaile agus i Portland agus Maine.

Léiríonn imeachtaí na seachtaine seo i Portland gur iomaí anonn agus anall a bhaineann le cosán na himirce. 

Tabharfaidh cáipéisí Joseph Brennan tuilleadh léargais ar an gcosán sin.

Fág freagra ar 'Cáipéisí Gobharnóra arbh as Conamara a thuismitheoirí bronnta ar Ionad na nÉireannach i Maine'