Cainteoirí mionteanga sáite i gconspóid bhliantúil ‘Zwarte Piet’ san Ísiltír

Agus pionóis seirbhíse pobail 240 uair an chloig gearrtha ar bhean as an bhFreaslainn a ciontaíodh as gríosú pobail ar Facebook, táthar ag súil le tuilleadh aighnis san Ísiltír faoi thraidisiún conspóideach ‘Peadar Dubh’ sna seachtainí beaga amach romhainn

Cainteoirí mionteanga sáite i gconspóid bhliantúil ‘Zwarte Piet’ san Ísiltír

An t-am sin den bhliain atá ann arís san Ísiltír: tá féile Shan Nioclás ar na bacáin agus tá muintir na tíre in adharca a chéile faoi ghiolla an naoimh sin, Zwarte Piet, nó ‘Peadar Dubh’.

Tá féile Shan Nioclás ar cheann d’fhíorbheagán traidisiúin dhúchasacha san Ísiltír atá beo beathach go dtí an lá atá inniu ann; is tábhachtaí í ná an Nollaig féin. 

Ach mar chuid den fhéile, gléasann daoine fásta geala suas mar dhaoine dubha – nó mar a shamhlaítear daoine dubha dóibh. Péint aghaidhe dhubh, fáinní cluaise órga, brístí gáifeacha nicearbacair.

‘Ciníochas!’ a deir Ísiltírigh a bhfuil dath dorcha ar a gcraiceann féin, agus, go deimhin, go leor dá gcomhthírigh gheala freisin.

‘Dúchas!’ a deir lucht na heite deise, a bhreathnaíonn ar na hiarrachtaí atá ar bun le blianta beaga anuas chun traidisiún Zwarte Piet a athrú mar ionsaí ar chultúr mhuintir na háite.

Chuaigh rudaí ó smacht cothrom is bliain ó shin, nuair a bhlocáil 33 duine a dteastaíonn uathu traidisiún Zwarte Piet a choinneáil mar atá mótarbhealach chun cosc a chur ar léirseoirí frith-Zwarte Piet freastal ar theacht i dtír Shan Nioclás agus a lucht cúnta, mórimeacht cultúrtha a chraoltar beo ar an teilifís gach bliain. 

Tharla gur sa Fhreaslainn, cúige i dtuaisceart na hÍsiltíre ina labhraítear an Fhreaslainnis, a tháinig San Nioclás i dtír anuraidh. Dá bharr sin, bhí ról gan choinne ag an mionteanga sin sa díospóireacht faoi Zwarte Piet.

Cainteoir Freaslainnise í Jenny Douwes, bean dhá scór bliain d’aois as baile mór Drachten a mbreathnaítear uirthi mar cheannaire neamhoifigiúil an dream atá ag iarraidh traidisiún Zwarte Piet a choinneáil mar atá. Anuraidh, chroch sí teachtaireacht ar Facebook inar iarr sí ar mhuintir na Freaslainne stop a chur leis na léirseoirí frith-Zwarte Piet. An bac a cuireadh ar an mótarbhealach – agus, dá bharr sin, an bac a cuireadh ar chearta an lucht frith-Zwarte Piet agóid shíochánta a chur ar bun – an toradh a bhí air sin. 

An tseachtain seo caite, ciontaíodh Jenny Douwes as gríosú pobail. Gearradh pionós seirbhíse pobail 240 uair an chloig agus téarma príosúin míosa faoi choinneáil uirthi. Gearradh pionóis níos lú ar an gcuid eile de ‘Fhreaslannaigh na blocála’, mar a thugtar go coitianta san Ísiltír ar an dream a bhlocáil an mótarbhealach. 

I bhFreaslainnis ba mhó a labhair Douwes sa chúirt, rud a tharraing aird na meán. Teanga oifigiúil de chuid na Freaslainne í an Fhreaslainnis, ach ní labhraítear í lasmuigh den chúige sin. Go minic, déantar dearmad de sa chuid eile den Ísiltír gurb ann di ar chor ar bith. Lena chois sin, is minic a baineadh úsáid as manaí Freaslainnise san fheachtas ar son traidisiún Zwarte Piet anuraidh. Beidh le feiceáil cén tionchar a bheidh ag an dlúthcheangal atá á chothú idir an Fhreaslainnis agus gluaiseacht, a bhféadfadh go ndéarfaí fúithi amach anseo go raibh sí ‘ar an taobh mícheart den stair’, ar íomhá na Freaslainnise sa chuid eile den Ísiltír.

I gcathair Zaandam, san Ollainn féin, a thiocfaidh San Nioclás agus a lucht cúnta i dtír i mbliana. Cé go ndeir na húdaráis gur ‘stríocaí súiche ó na simléir a dtéann siad síos iontu’ a bheidh ar aghaidh mhórchuid na Zwarte Pieten ag an mórimeacht sin a chraolfar beo ar an teilifís Dé Sathairn beag seo, is cosúil go mbeidh smideadh dubh a chlúdóidh a n-aghaidh ar fad ar chuid eile, agus tá súil le hagóidí ina choinne sin.

Bhí réamhbhlaiseadh den chineál agóidíochta sin ag saol na meán maidin Dé Luain seo, nuair a bhlocáil léirseoirí frith-Zwarte Piet an droichead coisithe idir lárionad na meán craolta san Ísiltír, i mbaile mór Hilversum, agus an stáisiún traenach in aice láimhe. Cuireadh moill ar roinnt mhaith oibrithe raidió agus teilifíse agus iad ar a mbealach chun a n-ionad  oibre a bhaint amach.

Idir an dá linn, tá airgead á bhailiú ag Jenny Douwes agus an chuid eile de ‘Fhreaslannaigh na blocála’ chun achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe a gearradh orthu. De réir an áiritheora ar an suíomh slua-mhaoinithe a bhfuil úsáid á baint acu as, tá os cionn €175,000 bailithe cheana féin.

Fág freagra ar 'Cainteoirí mionteanga sáite i gconspóid bhliantúil ‘Zwarte Piet’ san Ísiltír'

  • Aodhan

    Sceal suimuil agus deas go bhfuil seans ag Alex iriseoreacht a dheanamh ar a thir fein!

    Ta an domhain ag athru i gcuid mhor doigheanna

  • Breathd2

    Céard é an Fhreaslannnais ar Zwarte Piet, n’fheadair???