Níl aon oifigeach leasa pobail a bhfuil Gaeilge aige fágtha chun freastal ar an Ghaeltacht toisc go bhfuil na cainteoirí Gaeilge ar fad imithe ar scor agus gan aon teacht ar Ghaeilgeoirí nua.
Sin a bhí le rá ag oifigeach de chuid na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an tseachtain seo.
Le linn an chruinnithe sin, dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go bhfuil “easpa pleanála uafásach” sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge.
Dúirt Ó Cuív gur cheart don Roinn “polasaí soiléir” a chur i bhfeidhm lena chinntiú go mbeadh cainteoirí líofa Gaeilge ag obair sna ceantair “is mó” a mbeadh éileamh ar sheirbhísí Gaeilge.
“Tá na hacmhainní atá agaibh an-tanaí. Níl mórán foirne le Gaeilge agaibh ach ní léir go bhfuil polasaí soiléir ann le déanamh cinnte go bhfuil na hacmhainní sin a n-úsáid sa méid agus gur féidir san áit a bhfuil éileamh orthu,” a dúirt Ó Cuív.
Dúirt sé go bhféadfaí a bheith “céad faoin gcéad cinnte” go labhródh “80-90%” de phobal dheisceart Chonamara Gaeilge le hoibrithe de chuid na Roinne dá mbeadh líofacht na Gaeilge acu.
Dúirt Ó Cuív gur cheart “go ndéanfaí cinnte de” go mbeadh Gaeilge ag oifigigh leasa pobail agus cigirí leasa shóisialaigh “an dá phost is mó ina mbíonn plé acu leis an bpobal”. D’fhiafraigh an t-iar-aire leasa shóisialaigh de na hoifigigh ón Roinn a bhí i láthair cén fáth nach raibh a leithéid de pholasaí á chur i bhfeidhm ag an Roinn sa Ghaeltacht.
Mar fhreagra ar an mhéid sin, dúirt Eoin Brown, bainisteoir rannán na Roinne i nGaillimh, nach bhféadfaí daoine le Gaeilge a earcú ar ghrád na bpost (HEO) toisc nach raibh a leithéid de phainéil earcaíochta ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Dúirt Brown go mbíodh fostaithe le Gaeilge ar dualgas ag an Roinn sna ceantair Ghaeltachta san am a caitheadh ach go raibh na daoine sin anois ar scor agus gan fáil anois ag an Roinn ar a macasamhail.
Mhaígh sé go gceapfaí oifigigh le Gaeilge don Ghaeltacht dá mbeadh an deis sin ag an Roinn.
Tugadh le fios ag an chruinniú go bhfuil 191 duine den 6,730 atá ag obair sa Roinn – níos lú ná 3% – ar liosta daoine atá sásta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge más gá.
As an 300-400 post atá á bhfógairt ag an Roinn i mbliana, baineann riachtanas Gaeilge le cúig cinn acu.
I nGaillimh atá na cúig phost sin.
Gabriel Rosenstock
Jóc.
Mánus
Nach seanscéal é seo agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag tabhairt amach faoi cúpla bhliain ó shoin.