Cainteoirí Gaeilge á lua le post an láithreora le The Sunday Game

Tá iarchaptaen Chiarraí agus colúnaí de chuid Tuairisc, Dara Ó Cinnéide agus an craoltóir Evanne Ní Chuilinn i measc na ndaoine atá á lua le ceann de na poist is mó i saol na craoltóireachta spóirt

Cainteoirí Gaeilge á lua le post an láithreora le The Sunday Game

Tá beirt Ghaeilgeoirí i measc na ndaoine is mó atá á lua le post an láithreora le The Sunday Game.

D’fhógair Des Cahill, láithreoir an chláir iomráitigh, an tseachtain seo go mbeidh ag éirí as a chúram chun na cláir raidió Saturday Sport agus Sunday Sport a chur i láthair. Cúig shéasúr déag a chaith Des Cahill ag cur The Sunday Game i láthair.

Tá sé fógartha cheana féin ag RTÉ go gcoinneoidh Joanne Cantwell uirthi ag cur The Sunday Game Live i láthair.

Ní fhógrófar comharba Cahill go dtí an bhliain seo chugainn ach tá an-chuid cainte ann cheana faoi cé a thiocfaidh ina áit.

Tá iarchaptaen Chiarraí agus colúnaí de chuid Tuairisc, Dara Ó Cinnéide á lua leis an bpost. Tá taithí na mblianta ag an gCinnéideach ar chúrsaí craoltóireachta agus é anois ina Bhainisteoir Réigiún an Deiscirt le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cuireann sé an clár Spórt Iris i láthair ar TG4 agus bhíodh sé mar anailísí ar The Sunday Game tráth freisin.

Gaeilgeoir eile, Evanne Ní Chuilinn, atá mar rogha na coitiantachta faoi láthair chun teacht in áit Cahill. Tá Ní Chuilinn, arb as Cill Chainnigh di, ag obair le RTÉ le fada agus an-taithí aici maidir le cúrsaí CLG. Chuir sí na Cluichí Oilimpeacha i láthair ar RTÉ anuraidh freisin.

Bean eile atá á lua leis an bpost ná Jacqui Hurley, a bhfuil sé ráite cheana aici go mbeadh an-suim aici The Sunday Game a chur i láthair. Cuireann Hurley agus Darren Frehill an clár raidió Sunday Sport i láthair ar RTÉ Raidió 1.

Tá roinnt daoine nach bhfuil ag obair do RTÉ i láthair na huaire á lua leis an ról freisin. Tá an-mheas ar Joe Molloy, a chuireann Off The Ball ar Newstalk i láthair. Bíonn an Conallach Tommy Martin ag plé le cúrsaí sacair ar Virgin Media freisin agus é á lua mar rogha ag daoine áirithe, mar atá Eoin McDevitt ón bpodchraoladh Second Captains.

Craoltóir cumasach eile é Micheál Ó Domhnaill, a chuireann GAA BEO i láthair ar TG4.

Beidh níos mó ná láithreoir nua ag teastáil ó The Sunday Game an bhliain seo chugainn agus cuid de na hanailísithe is aitheanta ag fágáil chomh maith. D’éirigh Pat Spillane as ag deireadh an tséasúir seo caite agus tá Colm O’Rourke, Kevin McStay agus Oisín McConville uile ag dul ag plé le foirne idirchontae an bhliain seo chugainn. Ó thaobh na hiomána de, tá Davy Fitzgerald agus Micheál Donoghue le filleadh ar an mbainistíocht.

Fág freagra ar 'Cainteoirí Gaeilge á lua le post an láithreora le The Sunday Game'

  • Colmcille Ó Monacháin

    Ba chruinne a rá: ‘ceann de na poist is mó i saol na craoltóireacht spóirt Béarla (in Éirinn)’.

    Is bocht an scéal é más é buaic gairme an chraoltóra le Gaeilge é post mór a fháil in RTÉ an Bhéarla. Agus ba mhór an chaill duine chomh cumasach le Dara Ó Cinnèide imeacht le RTÉ an Bhéarla.

    Ba dheas alt anailíse a léamh ar Tuairisc.ie faoin ‘chailliúint mianaigh’ ó na meáin Ghaeilge, faoi tharraingt na meán Béarla ar ghairmithe le Gaeilge, agus faoin easpa físe agus easpa deiseanna forbartha gairmiúla sna meáin Ghaeilge.