Cainteoirí dúchais Kawarla ar an taifead ar chlosleabhar nua san Astráil

Táthar ag súil go gcaomhnófar stór focal agus saineolas ar an teanga trí na taifid a rinneadh do chlosleabhar nua a forbraíodh in Ollscoil Queensland na hAstráile

talkingbookg

Táthar ag súil go gcabhróidh closleabhar nua a forbraíodh san Astráil stór focal na mionteanga Kawarla a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

D’oibrigh an Dochtúir Felicity Meakins ó Scoil na dTeangacha agus Cultúr in Ollscoil Queensland le Biddy Wavehill agus Violet Wadrill, seanfhondúirí na treibhe Gurindji, chun an leabhar Kawarla: How to Make a Coolamon a chur le chéile.

“Tá nasc idir téacs an leabhair agus códanna QR, ar féidir iad a chasadh ar fhóin chliste, agus cloisfidh an léitheoir na focail á rá os ard. Ciallaíonn sé go gcloisfear seanfhondúirí Gurindji i bhfad i ndiaidh mbáis, agus beidh teacht ag na glúnta atá le theacht ar a gcuid gaoise,” a dúirt an Dr Meakins.

Is i gCeantar na nAibhneacha Victoria sa Dúiche Thuaidh atá an treibh Gurindji lonnaithe tuairim is 900km siar ó dheas ó Darwin. Tá taighde teangeolaíochta déanta ag an Dr Meakin ar theangacha dúchais na hAstráile sa réigiún agus tionchar an Bhéarla orthu. Ní mhaireann ach 40 teanga as measc an 250 a labhraítí sa cheantar.

Tá an Dr Meakins ag súil go gcaomhnóidh a cuid oibre teanga agus meon an Gurindji. Foilseofar an leabhar ag deireadh na míosa seo.