Cainteoir Gaeilge é an tAmbasadóir nua chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá

Cainteoir Gaeilge é Dan Mullhall agus is minic a rinne sé agallamh leis na meáin chraolta Ghaeilge faoi imeachtaí éagsúla a bhí ag titim amach sna tíortha a raibh sé ina ionadaí ag Éirinn iontu

Cainteoir Gaeilge é an tAmbasadóir nua chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá

Pictiúr: Rollingnews.ie

Beidh cainteoir Gaeilge ina Ambasadóir ag Éirinn chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá nuair a chuirfear Dan Mulhall, atá ina Ambasadóir chun na Breataine faoi láthair, in áit Anne Anderson, atá ag éirí as an bpost i Washington.

Tá céim, ard-dioplóma agus máistreacht ag Mulhall ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ón mbliain 1978 i leith.

Bhí sé ina Ard-Chonsal ag Éirinn i nDún Éideann in Albain ó 1998 go 2001 agus ina Ambasadóir chuig Malaeisia, Laos, an Téalainn agus Vítneam ó 2001 go 2005. Chaith sé seal ag obair san Aontas Eorpach nuair a d’fhág sé an Mhalaeisia sular ceapadh ina Ambasadóir chun na Gearmáine i mBeirlín in 2009. Ceapadh ina Ambasadóir chun na Breataine é in 2013 agus is ann atá sé ó shin.

Cainteoir Gaeilge é Mullhall agus is minic a rinne sé agallamh leis na meáin chraolta Ghaeilge faoi imeachtaí éagsúla a bhí ag titim amach sna tíortha a raibh sé ina ionadaí ag Éirinn iontu.

Nuair a mhol an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn d’ambasadóirí na hÉireann “an teanga ina gceaptar iad” (an Ghaeilge) a fhoghlaim leis an aip foghlama teanga Duolingo ag deireadh na bliana seo caite, dúirt Mullhall nach mbeadh aon ghá dósan a leithéid a dhéanamh. Bíonn roinnt Gaeilge chomh aige ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'Cainteoir Gaeilge é an tAmbasadóir nua chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá'

  • brian ó daimhín

    Comhghairdeas le fear na Gaeilge! Is maith an rud é gur cosúil go bhfuil tuiscint ar stair na Gaeilge aige agus mar sin beidh sé in ann rud éigin a rá le Trump faoina Undocumented Irish? B’fhéidir go bhfuil píosa beag de thalamh comónta acu tar éis an tsaoil? Nach bhfuil an fhuil chéanna sna Scotaigh (Gaeil) uilig? Nach good genes iad? – chun úsaid a bhaint as focail Trump féin! Nach as daoine na Gaeilge in Alban a shíolraigh seanmháthair? Trump agus mar gheall ar bhrú stairiúil agus eacnamaíochta a ndeacaigh siad go Meiriceá díreach cosúil leis na hÉireannaigh. Sílim go mbeidh tuiscint i bhfad níos fearr ag an dtaidhleoir seo faoi daobh de an stair ná atá agamsa agus an bealach is fearr le Trump a láimhseáil ar mhaithe le leas na Undocumented, ach ar aon nós tá súil agam go mbeidh sé in ann rud éigin a dhéanamh faoin gcás truamhéileach dár ndaoine thar lear. Go n-éirí leis!