Cainteanna tosaithe faoi chomóradh 1,500 bliain shaolú Cholm Cille

Tá Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge i mbun cainte faoi chomóradh a dhéanamh an bhliain seo chugainn ar Naomh Cholm Cille, duine de Thríonóid na nGael

Cainteanna tosaithe faoi chomóradh 1,500 bliain shaolú Cholm Cille

Tá Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge i mbun cainteanna faoi conas ab fhearr comóradh a dhéanamh mí na Nollag an bhliain seo chugainn ar shaolú Naomh Colm Cille 1,500 bliain ó shin.

Tá Colm Cille ar dhuine de Thríonóid na nGael, in éineacht le Bríd agus Pádraig, agus tá go leor seanchais faoi fós beo in Éirinn agus in Albain.

Measadh ar feadh i bhfad gur ar an 7 Nollaig 521 a rugadh Colm Cille ach ceaptar anois gur dócha gur in 520 a rugadh é i nGartán i nDún na nGall.

Is le contae Dhún na nGall agus le Gaeltacht Dhún na nGall go háirithe is mó a luaitear Colm Cille go dtí an lá inniu.

Ach tá dáimh ag muintir Ghaeltacht Chonamara agus Árann leis freisin agus déantar a phátrún a cheiliúradh ar an 9 Meitheamh i gceantar Chois Fharraige chomh maith le Gleann Cholm Cille.

Thug an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan le fios nach raibh aon teagmháil déanta go fóill ag Comhairle Chontae Dhún na nGall ná ag aon eagraíochtaí eile léi mar gheall ar chomóradh a dhéanamh ar Cholm Cille an bhliain seo chugainn, ach go mbeadh suim aici an scéal a phlé le dreamanna eile.

D’fhéadfadh go mbeadh baint chomh maith ag Bòrd na Gàidhlig le haon chomóradh a dhéanfar ar Cholm Cille, a bhásaigh in Oileán Í ar an 9 Meitheamh 597. D’eagraigh  Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig ócáid in Ardeaglais Chríost Rí i mBaile Átha Cliath i mbliana chun ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht an naoimh.

Fág freagra ar 'Cainteanna tosaithe faoi chomóradh 1,500 bliain shaolú Cholm Cille'