Cainteanna speisialta á lorg le plean a aontú chun muintir Mariupol a thabhairt slán

Maíodh go bhfaigheadh fórsaí na Rúise smacht iomlán inniu ar mhonarcha cruach Azovstal in Mariupol

Cainteanna speisialta á lorg le plean a aontú chun muintir Mariupol a thabhairt slán

Monarcha cruach Azovstal in Mariupol

Tá an Úcráin ag iarraidh go mbeadh babhta speisialta idirbheartaíochta ann le plean a aontú chun na sibhialtaigh atá fós teanntaithe in Mariupol a thabhairt slán.

Dúirt príomh-idirbheartaí na hÚcráine, Mykhailo Podolyak, go rabhthas sásta dul chun cainte in Mariupol gan aon choinníolacha a leagan síos.

“Táimid réidh do ‘bhabhta speisialta idirbheartaíochta’ in Mariupol féin. Duine le duine. Beirt le beirt. Chun ár ndream féina a thabhairt slán, Azov, an t-arm, sibhialtaigh, páistí, iadsan atá beo nó gortaithe. An uile dhuine. Mar siad ár muintir féin iad. Mar go bhfuil siad i mo chroí. Go deo,” arsa Mykhailo Podolyak i dteachtaireacht a chuir sé amach ar a chuntas Twitter.

Níor tugadh slán as cathair faoi léigear Mariupol inné oiread daoine is a bhíothas ag súil leis.

Dúirt gobharnóir Donetsk, Pavlo Kyrylenko, nár éirigh le hoiread busanna is a bhíothas ag súil leis Mariupol a bhaint amach chun chun mná, páistí agus daoine críonna a thabhairt slán ón gcathair threascartha i ndeisceart na tíre.

Bhí súil ag údaráis na hÚcráine 6,000 sibhialtach a thabhairt slán trí chonair dhaonnúil i 90 bus a rachadh go dtí Zaporizhzhia trí Berdyansk, ach i bhfad níos lú daoine ná sin a tugadh slán.

Dúirt Ramzan Kadyrov, ceannasaí Phoblacht na Seisnia go bhfaigheadh fórsaí na Rúise smacht iomlán inniu ar mhonarcha cruach Azovstal in Mariupol.

Deir na trúpaí sa mhonarcha, a bhfuil an daingean deireanach in Mariupol déanta de, nach ngéillfidh siad ach go bhfuil siad ag iarraidh go dtabharfaí slán iad do thír eile.

Dúirt ceannasaí de chuid na dtrúpaí go bhféadfadh nach raibh fágtha ag a chuid saighdiúirí “ach roinnt uaireanta an chloig”.

Bheadh Mariupol ar an gcathair is mó atá gafa ag an Rúis ó cuireadh tús leis an ionradh ocht seachtaine ó shin.

Tá an Rúis ag súil bealach ar tír a fháil idir an Chrimé agus an t-oirthear ach an chonstaic is mó atá rompu san obair sin ná an chosaint dhiongbháilte atá déanta ag an Úcráin ar Mariupol.

Thug an Rúis foláireamh eile inné do na trúpaí atá fós ag seasamh an fhóid sa chathair chalafoirt iad féin a thabhairt suas láithreach.

Breis is cúig mhilliún duine atá teite ón Úcráin ó thús an ionraidh, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe, an ghéarchéim teifeach is measa san Eoraip ón dara cogadh domhanda.

Fág freagra ar 'Cainteanna speisialta á lorg le plean a aontú chun muintir Mariupol a thabhairt slán'