CAINTEANNA RIALTAIS: Glactha ag FG le héileamh FF go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta i gcúrsaí Gaeilge

Idir an dá linn, tá sé curtha in iúl ag an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl do Chonradh na Gaeilge go mbunófar Comhchoiste Oireachtais Gaeilge agus Gaeltachta

22/04/2016 General Election 2016 - government formation talks. Pictured (L to R) Barry Cowen TD, Jim O'Callaghan TD, Charlie McConalogue TD, Michael McGrath TD as they are leaving TCD building on Pearse Street in Dublin today, at the end of their days meeting as part of the on going discussions between Fine Gael and Fianna Fail on the formation of a Government. Photo:RollingNews.ie
Barry Cowen TD, Jim O’Callaghan TD, Charlie McConalogue TD agus Michael McGrath TD  atá i mbun idirbheartaíocht le Fine Gael thar ceann Fhianna Fáil Picitiúr:RollingNews.ie

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil glactha ag Fine Gael le héileamh ó Fhianna Fáil go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa chéad rialtas eile.

Thug foinse shinsearach atá ag plé leis na cainteanna atá ar bun faoi láthair idir an dá pháirtí le fios do Tuairisc.ie go bhfuil ceist na Gaeilge luaite faoi cheann de cheithre mhórphrionsabal Fhianna Fáil.

Tá tuilleadh infheistíochta don Ghaeilge luaite faoi ‘fhorbairt pobail’ sna mórphrionsabail atá leagtha síos ag Fianna Fáil sna cainteanna maidir le tacaíocht a thabhairt do rialtas mionlaigh de chuid Fhine Gael.

Cé nach luaitear go sonrach na trí mhóréileamh réamhthoghcháin a rinne Conradh na Gaeilge sna héilimh atá déanta ag Fianna Fáil, tuigtear gur pléadh dhá cheann de na héilimh sin le linn na gcainteanna rialtais atá ar bun idir an dá pháirtí le tamall anuas.

€18 milliúin atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge.

Tuigtear gurbh é an tAire Airgeadais Michael Noonan ba mhó a bhí dearfach faoin éileamh ar infheistíocht bhreise don Ghaeilge le linn na gcainteanna le Fianna Fáil, cé go raibh cuid dá chomhghleacaithe patuar go maith i dtaobh na ceiste.

Ba iad na héilimh réamhthoghcháin a dhein Conradh na Gaeilge ná go gceapfaí Aire Sinsearach a mbeadh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta mar phríomhchúram air, go gcuirfí maoiniú breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge agus go mbunófaí coiste buan Oireachtais a phléifeadh le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá sé curtha in iúl ag an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl do Chonradh na Gaeilge go mbunófar Comhchoiste Oireachtais Gaeilge agus Gaeltachta.

Tugadh le fios do Chonradh na Gaeilge go gcuirfear an coiste Oireachtais nua ar bun ach a mbeidh deireadh le toghchán an tSeanaid.

Tá amhras ann i gcónaí faoin tríú éileamh ag Conradh na Gaeilge – go gceapfaí Aire Sinsearach a mbeadh Gaeilge aige agus cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta mar phríomhchúram air.

Ghlac Fianna Fáil leis an éileamh sin ina bhforógra réamhthoghcháin féin, ach tuigtear do Tuairisc.ie nár pléadh cúrsaí aireachta le linn na gcainteanna rialtais idir Fine Gael agus Fianna Fáil.

Fág freagra ar 'CAINTEANNA RIALTAIS: Glactha ag FG le héileamh FF go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta i gcúrsaí Gaeilge'