Cainteanna faoi fhorbairt an N59 ar an méar fhada le tamall

Deir an Seanadóir de chuid Fhine Gael Seán Kyne go bhfuil sé dóchasach go bhféadfaí cainteanna faoi fhorbairt an N59 i gConamara a athmhúscailt

Cainteanna faoi fhorbairt an N59 ar an méar fhada le tamall

Cothaíonn caint a rinne Seán Kyne, Seanadóir de chuid Fhine Gael, go leor amhrais faoi dhearcadh an Chomhaontais Ghlais ar fhorbairt fheiceálach ar bith ar bhóithre i gConamara. Bhí an Cadhnach ag trácht ar an moill mhór atá ar ghníomhaíocht ar bith eile ar an stráice de bhóthar an N59 as an Teach Dóite i gcroílár Chonamara chomh fada le hUachtar Ard. Tá cead iomlán forbartha ar fáil ar an mbóthar seo le deich mbliana ach, go dtí seo, níl déanta den obair ach sé chiliméadar as na 15 ciliméadar. Cúrsaí timpeallachta agus dúlra is cúis leis an mhoill.

Sé an t-adhmad a bhí le baint as caint an Chadhnaigh ná go bhfuil cainteanna a bhí ar bun idir an Chomhairle Contae agus Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra i gConamara maidir le forbairt an N59 ar an méar fhada le tamall. An Comhaontas Glas atá ag ligean maidí le sruth, arsa Seán Kyne.

Sé an stráice as an Teach Dóite chomh fada le hUachtar Ard atá i gceist.

Cuireadh coinníoll leis an gceadúnas pleanála a thug an Bord Pleanála in 2013 sa mhéid agus go mbeadh ar Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a bheith sásta leis na modhanna oibre a bheadh i bhfeidhm sula bhféadfaí a dhul ar aghaidh leis an uasghrádú ar an bpíosa bóthair seo. Bhí sé ceaptha gur jab iomlán agus cuimsitheach a bheadh ann agus go dtógfaí an bóthar ón leic aníos.

Tar éis cuimse tuarascálacha agus suíochan fada ar an ábhar, cheadaigh Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra an plean do shé chiliméadar as an Teach Dóite soir i dtreo cheantar na Léime. Rinneadh an obair sin le beagán blianta agus cuireadh an-fháilte roimhe i gConamara. Giortaíonn sé an t-aistear isteach agus amach as Gaillimh go suntasach. Leagann lucht turasóireachta i gConamara béim ar an aistear a bheith giortaithe ina gcuid fógraíochta.

Ach tá an chuid eile den bhealach as Uachtar Ard i dtreo an Tí Dhóite stoptha i gcónaí agus cainteanna idir an Chomhairle Contae agus Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ag leanacht ar aghaidh.

“Is cosúil go raibh lagan ar an tsraith cainteanna sin le tamall,” a deir an Seanadóir Seán Kyne an tseachtain seo “ach táthar ag iarraidh beocht a chur iontu aríst.”

Tá a chuid tuairimí féin ag an Seanadóir ar cad ba chúis leis an lag trá sna cainteanna seo agus cead pleanála faighte le deich mbliana.

“Bhí airí de chuid Fhine Gael sa Roinn Oidhreachta ar feadh tamaill agus mé féin i mo Aire Stáit ansin. Choinnigh muid na cainteanna faoin N59 dúisithe. Sé Darragh O’Brien as Fianna Fáil an t-aire sinsearach ansin anois agus sé Malcolm Noonan as an gComhaontas Glas atá ina Aire Stáit.

“Sílim gur fear maith agus Aire éifeachtach é Malcolm Noonan ach is cosúil nach bhfuil an Comhaontas Glas – a bhfuil sé ina bhall dó – go láidir i bhfabhar forbairt a dhéanamh ar bhóithre.”

Dúirt an Cadhnach go raibh sé dóchasach anois go bhféadfaí an anonn agus anall idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus lucht na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a threisiú aríst.

“Sé an trua é nach bhfaighfí réiteach ar an dris chosáin seo, mar táim cinnte go mbeadh fáil ar an airgead.

“Dhéanfaí cúig chiliméadar i dtosach agus cúig chiliméadar eile ina dhiaidh sin nó go sroichfí Uachtar Ard. Tá sé dochreidte go bhfuil muid fós ag fanacht théis deich mbliana.”

Tá na blianta caite ag innealtóirí agus ag lucht deartha bóithre ag plé le pleananna i gConamara agus na milliúin euro caite ar an obair pháipéarachais. In 2013 a ceadaíodh an fhorbairt idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard ach an choinníoll achrannach sin leis. Caitheadh amach iarratas ar chead pleanála go dtí an Bord Pleanála ar fhorbairt ar 34 ciliméadar as an gClochán go dtí an Teach Dóite i mí na Bealtaine, 2016. Níl aon cheo tarlaithe faoin stráice sin ó shin.

Dealraíonn sé anois go mbeidh cúrsaí polaitíochta níos tábhachtaí ná moltaí innealtóireachta má tá caighdeán idirnáisiúnta bhóithre an lae inniu le baint amach i gConamara. Sa gcás sin, d’fhéadfadh sé go dtabharfadh na céatadáin sna pobalbhreitheanna barúil níos fearr don phobal faoina bhfuil i ndán dóibh ina gcuid taistil.

Luath nó mall cuirfidh duine éigin ceist ar Shinn Féin faoina ndearcadh ar fhorbairt iomlán an N59 i gConamara agus ar fhorbairt mhór an R336 anoir as Gaillimh

go deisceart Chonamara.

Beidh na freagraí ar na ceisteanna sin spéisiúil.

Fág freagra ar 'Cainteanna faoi fhorbairt an N59 ar an méar fhada le tamall'