Cainteanna ar siúl idir an Úcráin agus an Rúis, na scórtha eile maraithe

Rinne Banc Ceannais na Rúise a rátaí úis a dhúbailt go dtí 20% agus an tóin tite as an rúbal agus é ina imní go dtarlódh oll-aistarraingt as na bainc

Cainteanna ar siúl idir an Úcráin agus an Rúis, na scórtha eile maraithe

Tá na chéad chainteanna ar siúl idir an Úcráin agus an Rúis sa Bhealarúis, agus ionradh na Rúise ar siúl don chúigiú lá.

Casadh toscaireachtaí as Cív agus Moscó ar a chéile ar theorainn na hÚcráine agus na Bealarúise, ach is beag dóchas a bhí ag Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go gcuirfeadh na cainteanna stop leis an gcogadh.

Dúirt Aireacht Chosanta na hÚcráine gur maraíodh 352 sibhialtach de chuid na tíre ó thús an ionraidh, 14 páiste ina measc. Dúradh gur gortaíodh 1,684 duine eile, 116 páiste ina measc.  

Dúradh gur maraíodh na scórtha daoine agus gur gortaíodh na céadta daoine nuair a scaoil fórsaí na Rúise roicéid le cathair Kharkiv maidin inniu, Dé Luain. 

Beidh seisiún éigeandála ag na Náisiúin Aontaithe inniu ag a mbeidh an 193 ball go léir i láthair chun plé a dhéanamh ar ionradh na Rúise.

Tá na mílte de mhuintir na hÚcráine, mná, páistí agus daoine aosta den chuid is mó, ag teitheadh leo ón gcogadh i gcónaí agus iad ag dul sa tóir ar thearmann i dtíortha in aice láimhe ón bhforéigean.

Tuairiscítear go bhfuil airm núicléacha na Rúise ‘réidh chun gnímh’. Na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm ar an Rúis ba chúis leis sin, a mhaígh Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise.

Ag labhairt dó roimh chainteanna an lae inniu ar theorainn na Bealarúise, dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, gur theastaigh sos cogaidh láithreach óna thír agus go n-imeodh fórsaí na Rúise ón Úcráin. Ba chóir freisin go bhfógrófaí an Úcráin ina ball den Aontas Eorpach láithreach. Deir an Rúis gur comhaontú a bheadh ar leas “an dá thaobh” atá uathu. 

Idir an dá linn, tá na smachtbhannaí ag luí go trom ar gheilleagair na Rúise. Rinne Banc Ceannais na Rúise a rátaí úis a dhúbailt go dtí 20% agus an tóin tite as an rúbal agus é ina imní go dtarlódh oll-aistarraingt as na bainc.

Fág freagra ar 'Cainteanna ar siúl idir an Úcráin agus an Rúis, na scórtha eile maraithe'