Caint mheasartha le bhur dtoil

Níl duine gan locht ná duine gan mhaith ar cheachtar taobh i nDáil Éireann

Enda Kenny. Pictiúr: RollingNews.ie
Enda Kenny. Pictiúr: RollingNews.ie

“Obnoxious and appalling,” a dúirt Mary Lou McDonald  agus í ag cur síos ar Fhine Gael Dé hAoine.  Ní ar pholasaí áirithe ná ar chinneadh áirithe a rinne an páirtí is mó sa Dáil a bhí sí ag caint ach ar a chur chuige iomlán.

Is ábhar imní caint chomh géar faoi namhaid polaitiúil am ar bith. Bheadh sé dona go leor dá mbeadh Leas-Cheannaire Shinn Féin ag caint roimh olltoghchán, ach ar ndóigh bhí sí ag caint agus an Dáil ar tí Taoiseach a thoghadh leis an líon vótaí Dála is lú (59) ó bunaíodh an Stát.

Cloistear  áibhéil agus baothchaint ar chaon taobh i ngach feachtas olltoghcháin, ach de ghnáth tar éis na vótála go dtí seo, d’éiríodh  formhór na dTeachtaí Dála as an gcaint ghéar ar feadh tamaill ar  a laghad.

Thosaigh an caidreamh idir ionadaithe tofa an stáit ag dul in olcas nuair a thit an bonn den gheilleagar agus den státchiste idir 2008 agus 2010. Cuimhnigh mar shampla ar an “tréas eacnamaíochta” a chuir Éamon Gilmore i leith an Taoisigh Brian Cowen in 2010.

Bhí an claonadh soiléir arís nuair a léirigh tarcaisne oscailte agus béicíl leanúnach Theachtaí Dála Fhine Gael agus an Lucht Oibre drochmheas náireach ar cheannaire Fhianna Fáil tar éis olltoghchán 2011.

Níor sheachain Fianna Fáil fonóid pháistiúil le cúig bliana anuas, agus drochmheas á léiriú acusan ar cheannairí tofa an rialtais. Agus chuaigh an faltanas nimhneach a spreag aighneas na dtáillí uisce i dtreise, ainneoin chúlú Fhine Gael agus an Lucht Oibre ón gcéad chóras a fógraíodh in 2014.  Ba ghéire caint cheannairí an fheachtais (i dTeach Laighean agus lasmuigh de) in aghaidh na dtáillí, ach léirigh leibideacht agus mí-eagar an rialtais tarcaisne de shaghas eile.

Ní cóir saothar ná díograis Teachtaí Dála ar chaon taobh den Dáil a chur as an áireamh, ach tá an dochar a rinne caint mhífhreagrach do shaol polaitiúil na tíre follasach.  

Fearacht gach iriseoir neamhchlaonta sa tír, tá aithne ag an scríbhneoir seo ar dhaoine uaisle, díograiseacha i ngach páirtí. Ní thuilleann siad tarcaisne ná drochmheas thar cuimse,

Thug an Teachta neamhspleách nua ó Ghaillimh Thiar Catherine Connolly dea-shampla dea-bhéasach do chách san óráid Dé hAoine inar cháin sí na polasaithe a fógraíodh sa chlár rialtais a dhréachtaigh Fine Gael.

Níor sheachain sí caint láidir. Teastaíonn córas cothrom sláinte, a dúirt sí, seachas córas arb ionann é agus margadh. Dúirt sí nach vótálfadh sí d’Enda Kenny ach ghuigh sí gach rath air ar dhul in oifig dó.

Mar is cóir a dhéanamh agus Taoiseach ar bith á thoghadh i nDáil Éireann. Go háirithe, Taoiseach nach mbeidh i gceannas ar feadh i bhfad eile.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Caint mheasartha le bhur dtoil'