Caint láidir ag an Taoiseach, ach is ar éigean go bhfuil San Nioclás ag éisteacht leis

In ainneoin a chuid cainte tá Enda Kenny fós ag brath ar dhea-thoil an Aontais Eorpaigh le leas na tíre seo a dhéanamh. Beidh thiar air…

Caint láidir ag an Taoiseach, ach is ar éigean go bhfuil San Nioclás ag éisteacht leis

An Taoiseach Enda Kenny. Pictiúr: Leah Farrell/ RollingNews.ie

Tá caint láidir déanta ag an Taoiseach Enda Kenny i dtaobh an Bhreatimeachta, ach tá sé fós ag brath ar dhea-thoil an Aontais Eorpaigh le leas na tíre seo a dhéanamh.

Ach an ann don dea-thoil sin, agus cén plean atá ag an rialtas murab ann di?

Bhí Enda Kenny ag labhairt leis an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta is Eorpacha, nuair a rinne sé coimriú den chéad uair faoi dhearcadh an rialtais faoina bhfuil le déanamh maidir le Breatimeacht.

Gheall sé, mar sin, cúnamh speisialta do ghnólachtaí a bheidh thíos le himeacht na Breataine ón Aontas, is dúirt go mbeadh cabhair speisialta á lorg ag an Rialtas ón Aontas féin sa chás gur mhó an buille an Breatimeacht don tír seo ná aon tír eile.

Ag tagairt dó don Tuaisceart, dúirt sé go neamhbhalbh nach nglacfadh an Rialtas le teorainn chrua ar an oileán seo. “Tá mé glan soiléir faoi phointe amháin,” a dúirt sé. “Is sainleas náisiúnta ríthábachtach na hÉireann nach bhfillfimid ar ré na teorann crua a raibh taithí fhada againn uirthi. Nó, go deimhin, nach gcruthódh muid teorainn nua sa todhchaí.”

“Ceist pholaitiúil” a bhí i gceist seo na teorann agus “ní ceist dlí nó teicniúil”, a dúirt sé.

Ach san óráid chéanna, dúirt an Taoiseach go lom gur cuid ‘d’fhoireann na hEorpa muid’ is nach bhfuil seans ar bith ann go leanfadh muid sampla na Breataine.

Is é sin le rá, mura dtugann na ballstáit eile aon aird ar an “sainleas náisiúnta ríthábhachtach” seo, fanfaidh muid ar an bhfoireann agus beimid deas béasach ciúin.

Tá an Taoiseach ag tabhairt le fios freisin go bhfuil an tír seo ag iarraidh teacht ar chomhghuaillithe nua in oirthear na hEorpa, ach tá a gcuid aidhmeanna féin ag na tíortha sin is ní hionann iad agus aidhmeanna na tíre seo.

Tá na tíortha Visegrad (an tSeic, an tSlóvaic, an Ungáir agus an Pholainn) ag iarraidh go mbainfí cumhachtaí den ‘lár’ agus stop a chur leis an gclaonadh i dtreo ollstát a dhéanamh den Aontas.

Beidh siadsan ag iarraidh leas a bhaint as an idirbheartaíocht faoi Bhreatimeacht leis  na haidhmeanna sin a chur chun cinn.

Tá fadhb go fóill ann, fiú má fhágtar as an áireamh nach ndearnamar aon iarracht comhghuaillíocht a bhunú leis na tíortha sin ó tháinig siad isteach san Aontas, mar go raibh muid sásta a bheith ag brath ar dhea-thoil an Choimisiúin agus ar an gcomhoibriú le Sasana.

Is é fírinne an scéil nach bhfuil aon spéis ag tíortha seo an oirthir socrú speisialta trádála a dhéanamh leis an mBreatain agus is beag spéis atá acu i mianta na tíre seo i dtaobh na teorann.

Cén fáth mar sin go mbeadh na tíortha seo, agus tíortha móra an Aontais, sásta maoiniú ar leith a chaitheamh orainne? Go háirithe agus é tugtha le fios againn arís agus arís eile nach mbeidh an tAontas thíos leis mórán má thugtar neamhaird ar fad orainn.

Ar an taobh eile den scéal, dá dtabharfaí le fios go mbeadh deacracht nó conspóid éigin i ndán don Aontas sa chás go dtabharfaí neamhaird orainn, ar a laghad ar bith, thabharfadh an méid sin ábhar machnaimh dár ‘gcairde’ san Eoraip.

Ach tá eagla as cuimse ar an Rialtas roimh aon bhagairt a dhéanamh go n-imeodh muid ón Aontas – ar chúis ar bith.

Tá an Rialtas sásta a mhíniú céard é leas na tíre seo maidir le socrú trádála leis an mBreatain agus ceist na teorann ach, ach is údar buartha é nach bhfuil oiread is ceannaire Eorpach amháin eile sásta tacú go neamhbhalbh leis na héilimh sin.

’Sea, tá ceannairí ann a déarfadh – le bheith béasach faoi – go dtuigeann siad na himpleachtaí ar leith a bhaineann leis an mBreatimeacht don tír seo, ach níl aon duine acu ag rá go dtacóidís leis na héilimh a luaigh an Taoiseach.

Maidir leis an tacaíocht airgid a bheas á lorg ag an rialtas, dar le foinsí oifigiúla áirithe go bhféadfadh go mbeadh ar an mBreatain an bille sin a íoc agus iad ag dul an doras amach! Ach an bille a bheidh le híoc ag an mBreatain, baineann sé leis na  fiacha atá faoi láthair uirthi, go háirithe i dtaobh pinsean na saoránach a bhíodh ag obair san Aontas. 

Níl aon bhunús dlí ann chun cur leis an mbille seo toisc go bhfuil airgead ag teastáil uainne.

Má bhíonn an t-airgead seo le fáil ar chor ar bith, tiocfaidh sé ó bhallstáit eile an Aontais.  Agus nuair a chuirtear chomh lom sin é, is léir nach bhfaighfear an t-airgead seo ar chor ar bith.

Ní plean ná gníomh substaintiúil a bhí faoi chaibidil ina chuid cainte ag an Taoiseach, mar sin, ach mianliosta.

Faraor, is ar éigean go bhfuil San Nioclás ag éisteacht leis.