Caint agus ceol – a gclár don scoilbhliain nua fógartha ag Gael Linn

Tá deiseanna ceoil, drámaíochta agus díospóireachta á dtairiscint arís ag Gael Linn do dhaltaí bunscoile agus meánscoile

Caint agus ceol – a gclár don scoilbhliain nua fógartha ag Gael Linn

Tá a gclár don scoilbhliain nua fógartha ag Gael Linn agus idir dheiseanna ceoil, drámaíochta agus díospóireachta á dtairiscint acu do dhaltaí bunscoile agus meánscoile.

D’fhógair an eagraíocht teanga go bhfuil iarratais á lorg anois acu do leithéidí na scéime ‘Coirm’, féilte siamsaíochta stáitse do Ghaelscoileanna agus do bhunscoileanna Gaeltachta agus Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain d’iarbhunscoileanna a ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu.

Tá iarratais á lorg chomh maith do Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh atá dírithe ar iarbhunscoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu.

Beidh Siansa, comórtas agus ceardlanna ceoil do ghrúpaí ceoil traidisiúnta le ceoltóirí óga idir 12 agus 19, ar siúl arís i mbliana chomh maith. Bíonn craobhchomórtas Siansa ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta agus duaischiste €4,500 i gceist leis. Comórtas tallainne é Scléip atá dírithe ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.

I mbliana, reáchtálfar Abair chomh maith, an comórtas cainte poiblí d’iarbhunscoileanna i gCúige Uladh agus Tráth na gCeist, tráth na gceist boird d’iarbhunscoileanna sa Chúige céanna.

Mar is gnáth, beidh comórtais díospóireachta do mhic léinn tríú leibhéal ar siúl chomh maith
agus beidh craobh an chomórtais díospóireachta idir choláistí ar siúl ar an 5 Samhain le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Beidh réamhbhabhtaí ar siúl ar fud na tíre i mí Dheireadh Fómhair.

Mic léinn tríú leibhéal atá ag déanamh staidéar ar an dlí a ghlacann páirt i mBréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn a bheidh ar siúl sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna.

Fág freagra ar 'Caint agus ceol – a gclár don scoilbhliain nua fógartha ag Gael Linn'