Cáineadh sa Dáil ar ‘chaint san aer’ agus ‘teachtaireachtaí contrártha’ an Rialtais

Deir Leo Varadkar gurb í ‘an réchúis an namhaid nua’ san fheachtas i gcoinne Covid-19

Cáineadh sa Dáil ar ‘chaint san aer’ agus ‘teachtaireachtaí contrártha’ an Rialtais

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Rinneadh cáineadh láidir sa Dáil inniu ar chur chuige an Rialtais i leith na géarchéime sa tsláinte phoiblí.

Chuir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly i leith an Taoisigh Leo Varadkar agus an Aire Sláinte Simon Harris go mbíonn an iomarca caint san aer gan aon chur leis acu faoi phleananna nach bhfuil deimhnithe fós agus go mbíonn na teachtaireachtaí acu ag teacht salach ar a chéile go minic.

Agus é ag tagairt do ráitis éagsúla faoi straitéis éalaithe an Rialtais agus athoscailt na scoileanna, mhaígh Kelly go gcaithfeadh an Taoiseach agus an Tánaiste a bheith níos cúramaí ina gcuid cainte.

“Caithfear stop a chur leis an méid a chonaiceamar uaitse [an Taoiseach] agus an tAire Sláinte an deireadh seachtaine seo caite – an nós giorria a chur ina sheasamh agus teachtaireachtaí contrártha a thabhairt. Cuimhnígí go bhfuil an uile dhuine ag éisteacht le gach focal dá dtagann as bhur mbéal,” arsa Alan Kelly, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre.

Dúirt Kelly go raibh easpa trédhearcachta ag baint leis an tslí a bhfuil cinntí á ndéanamh, go háirithe i dtaobh chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

“Ní féidir an cinneadh deiridh a fhágáil faoi roinnt bheag daoine agus daoine a toghadh a bheith umhal dóibh, fiú le linn na géarchéime seo.”

Ag labhairt dó leis an Taoiseach, dúirt Kelly gur ghlac sé leis go raibh ag éirí leis na beartais a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an ngalar ach nárbh leor sin.

“Tá muinín agam as an tuairim atá agat go bhfuil ag éirí leo, ach níl trédhearcacht ann fúthu beag ná mór,” ar sé.

Dúirt an Taoiseach go raibh “an-bhaol” ann go n-imeodh scaipeadh an ghalair ó smacht dá luífeadh daoine ar na maidí.

Dúirt Leo Varadkar gurb í “an réchúis an namhaid nua” san fheachtas i gcoinne Covid-19.

“Ní mór a bheith de shíor san airdeall más fúinn an dara ráig den ghalar a sheachaint,” ar sé.

De réir a chéile a dhéanfaí níos boige na srianta a tugadh isteach chun an galar a choimeád faoi chois, a dúirt sé.

Cháin ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chomh maith gnéithe den chur chuige i leith na géarchéime. Dúirt Martin gur rómhinic a tharlaíonn sé go bhfaightear freagraí doiléire nó seachantacha ar cheisteanna.

Mhaígh sé gur minic nach mbíonn na húdaráis macánta faoi na fadhbanna atá ann nó go mbíonn réiteach na faidhbe acu.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, a raibh uirthi fanacht 16 lá ar thoradh na tástála a cuireadh uirthi do Covid-19, nach mbeadh sé slán maolú a dhéanamh ar na srianta nó go mbeadh córas olltástála agus cuardaigh ann. Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan gur gá córas tástála, cuardaigh agus leithlisithe a chur i bhfeidhm chun gur féidir na srianta a mhaolú.

Fág freagra ar 'Cáineadh sa Dáil ar ‘chaint san aer’ agus ‘teachtaireachtaí contrártha’ an Rialtais'