Cáineadh láidir déanta ar ‘ionsaí’ an UUP ar Choláiste Dhoire

Athbhreithniú á lorg ar chinneadh an Aire Oideachais John O’ Dowd maoiniú a chur ar fáil don scoil nua

ODowd
An tAIre Oideachais, John O’ Dowd

Tá cáineadh láidir déanta ag an scátheagras POBAL ar “ionsaí” an UUP ar Choláiste Dhoire, iar-bhunscoil nua lán-Ghaeilge i nDún Géibhinn.

Dúirt Danny Kinahan, comhalta de chuid an UUP i dTionól Stormont, gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an Aire Oideachais John O’ Dowd maoiniú a chur fáil don scoil nua.

Thug Kinahan le fios nach raibh aon bhaint ag an scéal leis an nGaeilge ach gur chúis imní dá pháirtí gur chuir oifigigh na Roinne Oideachais agus grúpaí oideachais éagsúla comhairle ar an Aire O’ Dowd gan dul ar aghaidh le míniú na scoile nua.

Ní ‘feachtas frith-Ghaeilge’ a bhí ar bun ag an UUP, a dúirt Kinahan, ach ‘feachtas ar mhaithe le luach ar airgead’.

_73215869_dannykinaghan
Danny Kinahan ón UPP

Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, áfach, gur ionsaí “atá ar éigean ceilte” a bhí ann “ar an Ghaeilge agus a lucht labhartha”.

D’aontaigh Muller gur ceart imscrúdú a dhéanamh ar chaiteachas poiblí, ach dúírt sí go raibh “ceisteanna an UUP gan bunús”.

“Ar an chéad dul síos, fiú mura raibh ann do Choláiste Dhoire, bheadh ar an stát oideachas a chur ar fáil dá cuid daltaí áit éigin eile. Cosnaíonn oideachas trí Bhéarla airgead poiblí chomh maith, agus ní sholáthraíonn sé buntáistí an dhátheangachais,” a dúirt Príómhfheidhmeannach POBAL.

Dúirt Muller go raibh dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais  an Ghaeloideachas a spreagadh faoin Ord Oideachais.

“Tá an Gaeloideachais ag croílár na cosaintí faoi Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Seans nach bhfuil sa díospóireacht sa Tionól ach tús curtha le feachtas toghchánaíochta agus mí Bealtaine ag druidim linn,” a dúirt sí.

Chuir an UUP rún síos i Stormont go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh faoi Ghaelscoil Dhoire “on the grounds of rationality, affordability and sustainability”.

Dúirt an comhalta Tionóil ó Shinn Féin Cathal Ó hOisín go leanfadh a pháirtí siúd den tacaíocht atá á tabhairt acu do don iar-bhunscoil.

Tá trí bhunscoil lan-Ghaeilge i gCathair Dhoire agus dhá cheann eile sa gceantar máguaird. Tá feachtas ar bun iar-bhunscoil a bhunú sa chathair ó dúnadh Coláiste Cholm Cille sé bliana ó shin.

Fág freagra ar 'Cáineadh láidir déanta ar ‘ionsaí’ an UUP ar Choláiste Dhoire'