Cáineadh géar déanta ar pholaiteoirí a shiúil amach as cur i láthair ag Conradh na Gaeilge

Deir Conradh na Gaeilge go raibh an-díomá orthu faoi iompar roinnt polaiteoirí i gComhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte

Cáineadh géar déanta ar pholaiteoirí a shiúil amach as cur i láthair ag Conradh na Gaeilge

Conchúr Ó Muadaigh. Pictiúr: BBC

Tá cáineadh géar déanta ar pholaiteoirí a shiúil amach as cur i láthair a bhí á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge faoi Sheachtain na Gaeilge.

Tharla an eachtra i gComhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte nuair a shiúil roinnt polaiteoirí aontachtacha amach as an seomra a luaithe is a thosaigh na hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge a bhí ar cuairt orthu ag caint. 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, a bhí ar dhuine de thoscaireacht an Chonartha, go raibh an-díomá orthu faoi iompar na bpolaiteoirí.

“Mar is dual dúinn, phléigh muid tábhacht na teanga do go leor daoine sa cheantar comhairle sin, agus chuir muid béim ar choimitmintí na Comhairle de réir na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. Ar an drochuair, sula raibh deis againn ár gcás a chur i láthair na bpáirtithe agus a gcuid comhairleoirí, d’imigh roinnt comhairleoirí ón chruinniú ar thoiseacht dúinn ag caint.” 

Dúirt Ó Muadaigh gur údar mór díomá dóibh féin gur tharla sin agus nár ghlac roinnt comhairleoirí leis an deis tuilleadh a fhoghlaim agus a phlé faoin Ghaeilge. Dúirt sé go raibh “coimitmintí úra teanga, measa agus comhionannais lárnach sa chomhaontú a rinneadh anuraidh in ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ atá fós le cur i bhfeidhm”.

Tá cáineadh géar déanta ag an mball tionóil de chuid Shinn Féin Dermot Nicholl ar na comhairleoirí a shiúil amach as an gcur i láthair. 

“Rinne baill aontachtacha na Comhairle díspeagadh ar an nGaeilge agus léirigh an-dímheas di agus do lucht a labhartha nuair a shiúil siad amach mar a bheadh páistí iontu as an gcur i láthair a bhí á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge.

“Bhí Conradh na Gaeilge i láthair na Comhairle chun labhairt faoi Sheachtain na Gaeilge agus faoi cad is féidir le comhairlí a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn.” 

Dúirt Dermot Nicholl gur ag fás atá líon na ndaoine “a labhraíonn Gaeilge gach lá agus a bhfuil sí ina cuid lárnach dá saol agus ba chóir a gceart a chosaint. Níor chóir glacadh beag ná mór le claontacht ná leithcheal.”

Dúirt sé gur chóir do chomhairlí a ndícheall a dhéanamh “dearcadh níos forásaí agus níos cuimsithí a bheith acu i leith an uile dhuine sa tsochaí”. 

Bíonn cruinnithe rialta ag Conradh na Gaeilge leis na Comhairlí ó thuaidh agus iarann siad tacaíocht do Sheachtain na Gaeilge orthu gach bliain.  

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh le Tuairisc.ie nach gcuirfeadh eachtra na seachtaine seo dá mbuille iad.

“Leanfaidh muid orainn ag iarraidh cúis na Gaeilge a mhíniú agus a phlé le haon duine a bhfuil dúil acu ann.”

Fág freagra ar 'Cáineadh géar déanta ar pholaiteoirí a shiúil amach as cur i láthair ag Conradh na Gaeilge'

  • S. Mac Muirí

    An té a mbíonn a iúl amuigh ní fearrde an teach a mbí sé ann. Níorbh é tubaiste na bliana a n-imeacht ar aon bhealach.