Cáineadh déanta ar Fhoras na Gaeilge as físeán ina ndéantar scigmhagadh faoin nGaeilge a scaipeadh

Deirtear go magúil i bhfíseán a scaip Foras na Gaeilge go gcruthódh litriú ainmneacha áirithe Gaeilge deacrachtaí do dhaoine a bhfuil disléicse orthu

Cáineadh déanta ar Fhoras na Gaeilge as físeán ina ndéantar scigmhagadh faoin nGaeilge a scaipeadh

Tá cáineadh déanta ag Oifigeach Pleanála Teanga ar Fhoras na Gaeilge as físeán grinn a scaipeadh ar líne ina ndéantar scigmhagadh faoi litriú na Gaeilge.

Scaip an eagraíocht teanga físeán ar a leathanach Facebook ina ndéantar cur síos ar na difríochtaí atá ann idir litriú agus foghraíocht ainmneacha áirithe i nGaeilge.

Úsáidtear Sadhbh, Caoimhe agus Aoife mar shamplaí sa bhfíseán atá ag an aithriseoir Séamus Lehane.

Deirtear go magúil sa bhfíseán freisin go gcruthódh litriú na n-ainmneacha Gaeilge deacrachtaí do dhaoine a bhfuil disléicse orthu agus daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama eile acu.

Deir Foras na Gaeilge gur scaipeadh an físeán mar go dtaitníonn físeáin ghrinn dá leithéid lena leantóirí.

Tá roinnt físeán grinn eile déanta ag Lehane faoin nGaeilge agus faoin gcaoi a litrítear agus a bhfoghraítear focail sa teanga.

Cháin Oifigeach Pleanála Teanga Uíbh Ráthaigh, Victor Bayda, Foras na Gaeilge as an bhfíseán a scaipeadh.

“An oiread cacamais sa bhfíseán seo. Ní fhéadfadh duine é a dhéanamh le meas air féin. Físeán a rinne duine faoi thionchar teanga nach bhfuil aon chiall lena córas litrithe murab ionann agus córas litrithe na Gaeilge. Foras na Gaeilge, an bhfuil sibh ceart go leor?!,” a dúirt Bayda i dtrácht a d’fhág sé faoin bhfíseán.

Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge go dtaitníonn físeáin ghrinn dá leithéid lena leantóirí ar na meáin shóisialta.

“Roinneann Foras na Gaeilge réimse leathan ábhair ar na meáin shóisialta lenár leantóirí, idir ábhar dáiríre agus éadrom. Roinneadh an físeán grinn TikTok ar Facebook inniu mar go bhfuil sé léirithe go dtaitníonn na físeáin ghrinn lenár leantóirí.”

Tharraing an fear grinn John Cleese conspóid air féin cúpla bliain ó shin nuair a mhol sé go gcuirfí córas foghraíochta an Bhéarla i bhfeidhm ar ainmneacha Gaeilge.

Dúirt Cleese ag an am gur “deliberate attempts to mislead innocent people” a bhí sna bealaí a raibh roinnt ainmneacha Gaeilge litrithe.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar Fhoras na Gaeilge as físeán ina ndéantar scigmhagadh faoin nGaeilge a scaipeadh'

  • Dónall

    Jóc iad na hEagruis Gaeilge..faightear rèidh leo….dèantar an t-airgead a infheistiú sna ceantair Gaeltachta tríd na comharchumainn.

  • Cuairteoir

    An phríomhcheist ná cén fáth a mbeadh Foras na Gaeilge ag scaipeadh aon ábhar siamsa dá ‘leantóirí’? Nár chóir dóibh an gnó sin a fhágáil ag na meáin Ghaeilge agus ag eagraíochtaí eile seachas an foras trasteorann? Míthuiscint ar a spriocobair, cheapfá.

  • Pól Ó Braoin

    Ceist ar John Cleese: Céard a cheapann sé faoi Hugh, Cholmondeley (pronounced chumly!!!), Gloucester… agus neart nach iad atá coitianta sa gcóras béarla céanna?

  • Seán Ó Ceallaigh

    Céard é an focal Gaeilge ar woke nó cancel culture. Bhain mé an-sult as an bhfíseán sin. Níl ann ach píosa spraoi.

  • Con

    Bhainfimis bonn nó dhó dhá mbeadh cluiche gearáin ina spórt Oilimpeach.

  • Antóin

    ..mar go bhfuil sé léirithe go dtaitníonn na físeáin ghrinn lenár leantóirí.” A deir urlabhraí Fhoras na Gaeilge. Más í sin an tslat tomhais atá acu táim ag iarraidh gan smaoineamh ar na fiseáin a d’fhéadfadh a bheith ar an suíomh s’acu amach anseo.

  • S. Mac Muirí

    Léiríonn inghlacthacht an fhíseáin seo a dhearóile is atá dearcadh Éireannaigh na Gaeilge féin ar an teangaidh. Léirigh scoláirí Gaeilge 3ú agus 4ú leibhéal féin an lagmheas céanna ar a lán bealaí ón am a bunaíodh an dá stát. Corrdhuine ciallmhar acu a chuireadh a shaothar i gcló i nGaeilg i dtólamh 7 a thógadh a chlann leis an teangaidh. Fiafraíodh de theangeolaí Gaeilge in am amháin san ardchathair cad chuige nár thóg sé a chlann le Gaeilg?
    “I don’t want them to grow up as Irish fanatics” ar seisean. Ba leor leis iad a bheith ina nEnglish ‘fanatics’ is cosúil.

    Is mór eadar dearcadh an Éireannaigh ar an teangaidh aguis dearcadh na nGael úr as an tSín, an Afraic, as an bPolainn 7 ní hionadh gur Gael as an Rúis, an Dr. Bayda, bail ó Dhia air, a d’fhiafraigh an raibh siad ar fónamh thoir i mBÁC.
    Is mithid d’Éireannaigh na Gaeilge 7 do na Gaeil a thuiscint faoi dheireadh thiar nach n-oirfidh feasta a n-aitheachdhearcadh ar an teangaidh.

  • H. Loughnane

    Tá an físeán greannmhar go leor, agus is dócha go bhfuil an aithriseoir ag déanamh ceap magaidh den té a bhfuil an dearcadh sin aige/aici faoi litriú na Gaeilge, ach níl sé fóirsteanach go mbeadh comhlacht poiblí ar nós Foras na Gaeilge ag scaipeadh a leithéad de ruda. Níl sé soiléir in aon chor conas a bhaineann sé le ról na heagraíochta nó conas a chabhraíonn sé le cur chun cinn na Gaeilge.