Cáineadh déanta ag an WHO ar ‘easpa gnímh scanrúil’ agus Covid-19 fógartha ina phaindéim

Dúirt ceann feadhain an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus tráthnóna go raibh an galar á scaipeadh chomh forleathan agus chomh tréan sin gur paindéim a bhí i gceist

Cáineadh déanta ag an WHO ar ‘easpa gnímh scanrúil’ agus Covid-19 fógartha ina phaindéim

Tá Covid-19 anois ina phaindéim, de réir na hEagraíochta Sláinte Domhanda, an WHO.

Dúirt ceann feadhain an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus tráthnóna go raibh an galar á scaipeadh chomh forleathan agus chomh tréan sin gur paindéim a bhí i gceist, cur síos nár úsaideadh roimhe seo.

Cloch mhíle eile i scéal scaipeadh an ghalair é ráiteas an WHO tráthnóna.

Dúirt Tedros Adhanom Ghebreyesus go raibh breis is 118,000 cás de Covid-19 anois in 114 tír agus nach mór 3,000 duine curtha den saol aige.

Dúirt ardstiúrthóir an WHO:

“Ní mór a bheith cairéiseach agus an focal paindéim á úsáid agus ní focal é ba cheart a tharraingt chugat gan chúis. Focal é, má bhaintear mí-úsáid as, a chothaíonn imní mhíréasúnta nó d’fhéadfadh gurb amhlaidh go nglacfadh daoine leis go bhfuil an cath caillte, rud nach mbeadh de thoradh air ach fulaingt agus bás a d’fhéadfaí a chosc. 

“Cé gur paindéim an cur síos atá anois againn air, is mar a chéile breith an WHO faoin mbagairt a bhaineann  leis an gcoróinvíreas. Ní athraíonn sé a bhfuil ar siúl ag an WHO ná an rud ba cheart do thíortha a dhéanamh.”

Dúirt an WHO gur údar mór imní don eagraíocht an scaipeadh “scanrúil” atá á dhéanamh ag an ngalar agus an “easpa gnímh scanrúil” atá á dhéanamh chun é a chosc.

Mhol Tedros Adhanom Ghebreyesus tráthnóna na dianbheartais i gcoinne an ghalair a bhí ar bun i dtíortha amhail an Iodáil, ach cháin sé siléig thíortha eile nár ainmnigh sé.

“Easpa acmhainní atá ag cur as do thíortha áirithe. Easpa áiseanna atá ag cur as do thíortha eile. Agus easpa diongbháilteachta atá ag cur as do thíortha eile,” arsa ardstiúrthóir an WHO.

Deimhníodh tráthnóna go raibh duine tar éis bás a fháil de bharr an ghalair Covid-19 in Éirinn.

Seo an chéad duine a bhásaigh de bharr an ghalair sa tír seo.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomh-Oifigeach na Roinne Sláinte:

“Ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh le gaolta agus cairde an othair seo. Táim ag iarraidh ar na meáin agus an pobal meas a léiriú ar a bpríobháideachas ag an am corrach seo.

“Táimid ag leanúint lenár gcuid iarrachtaí bac a chur ar scaipeadh an víris. Is gá dúinn ar fad gníomhú le chéile chun go n-éireoidh linn. Cloígí leis an gcomhairle sláinte phoiblí le bhur dtoil,” a dúirt an Dr Tony Holohan.

Bhásaigh an t-othar in ospidéal in oirthear na tíre inniu agus tuairiscítear gur bhean a bhí amach san aois agus a raibh fadhbanna eile sláinte aici a bhí i gceist.

Tuairiscítear gur tháinig an bhean chun an ospidéil agus fadhbanna anála aici agus go raibh toradh dearfach ar an tástáil don ghalar a cuireadh uirthi ina dhiaidh sin.

Deimhníodh 10 gcás nua den ghalar Covid-19 in Éirinn inné agus 50 cás ar fad atá anois ann, 34 cás ó dheas agus 16 cás ó thuaidh den teorainn.

Ba é ardú an lae inné an t-ardú is mó in aon lá amháin ar chásanna den choróinvíreas in Éirinn ó deimhníodh an chéad chás ag deireadh na míosa seo caite.

Dheimhnigh Ospidéal na hOllscoile i bPort Láirge ar maidin go raibh an galar tolgtha ag othar ansin atá anois á choinneáil amach ó dhaoine eile.

Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid inniu go rabhthas anois ag dul isteach “i gcéim nua” den choróinvíreas.

De réir Ollscoil John Hopkins, tá breis is 121,000 cás den ghalar deimhnithe ar fud an domhain agus nach mór 4,400 duine curtha den saol aige. Tá téarnamh déanta go dtí seo ag 66,216 duine a bhí buailte ag Covid-19.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ag an WHO ar ‘easpa gnímh scanrúil’ agus Covid-19 fógartha ina phaindéim'