Cáineadh ar chomparáid idir lucht éilimh comharthaí Gaeilge agus madraí ag mún

Tá sé molta do chomhairleoir de chuid an DUP gur chóir dó ‘cónaí sa 21ú haois ar nós an chuid eile againn’ i ndiaidh dó caint mhaslach a dhéanamh faoi chomharthaí Gaeilge

Cáineadh ar chomparáid idir lucht éilimh comharthaí Gaeilge agus madraí ag mún

Tá sé molta do chomhairleoir de chuid an DUP gur chóir dó “cónaí sa 21ú haois ar nós an chuid eile den phobal”.

Caint mhaslach a rinne Paul McClean ón DUP faoi chomharthaí Gaeilge a tharraing cáineadh ó Chomhairleoir de chuid Shinn Féin, Niamh Doris.

Dúirt Paul McClean, Ceannaire Ghrúpa an DUP ar Chomhairle Ceantair Lár Uladh, gur gheall le madra a bheith ag fual lena limistéar féin a mharcáil a bheith ag iarraidh comharthaí poiblí a raibh Gaeilge orthu.

“Is cosúil é leis an rud a dhéanann madra agus é ag fual – ag marcáil a dhúiche,” a dúirt Paul McClean.

Dúirt an Comhairleoir Dorris gur chóir do McLean a chuid cainte a tharraingt siar agus a leithscéal a ghabháil le pobal na Gaeilge.

“Ní hiarracht gan tairbhe le críocha a mharcáil a bhíonn ar siúl nuair a chinntítear go bhfuil cearta Gaeilgeoirí á gcosaint, is dualgas é más linn sochaí a chur chun cinn ina bhfuil an comhionannas, an uilechuimsitheacht agus an meas i réim.

“Caithfidh an Comhairleoir McLean deireadh a chur leis an bhfeachtas seo, na drochlaethanta a chur taobh thiar de agus cónaí sa 21ú haois leis an gcuid eile den tsochaí.” a dúirt sí.

Diúltaíodh do mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar pholasaí na Comhairle i leith comharthaí Gaeilge, 24 vóta in aghaidh 13.

Agus an t-aighneas sin i Lár Uladh, tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le vótáil ar rún atá á mholadh ag Sinn Féin go mbeadh na sráidainmneacha ar fad sa gcathair sin dátheangach, mura roghnódh muintir na sráide sin a mhalairt.

Shocraigh coiste de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste an tseachtain seo caite go ndéanfadh polasaí dá leithéid éascaíocht do dhaoine a bheadh ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ar ainm na sráide ina gcónaíonn siad.

Má ghlacann an Chomhairle Cathrach leis an moladh, chaithfeadh 15% de na daoine ar an tsráid a bheith sásta sula gcuirfí tús leis an bpróiseas.

Ní chrochfaí comharthaí dátheangacha sa gcás gur léirigh 33% de na háitritheoirí a ndearcadh agus go raibh breis is  leath acu sin ina gcoinne.

Ghlac Coiste Acmhainní agus Polasaí Straitéiseach na Comhairle leis an moladh le 14 vóta in aghaidh 6. Vótáil an SDLP agus Páirtí Alliance ar son an rúin chomh maith.

Cuireadh tuairisc faoi bhráid an choiste sin faoin gcostas a measadh a bheadh ar chomhartha dátheangach sráide agus an chomhairleoireacht, £1,089.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an moladh.

Fág freagra ar 'Cáineadh ar chomparáid idir lucht éilimh comharthaí Gaeilge agus madraí ag mún'

  • Gabriel Rosenstock

    An bhfuil aigne shalach ag McClean?