Cáin faoi choim ar na boicht nó cabhair nach gceilfeadh éinne?

Tá conspóid ann faoi fhógra an Aire Sláinte i Stormont go mb’fhéidir go ngearrfar táille ar chógais leighis ionas ar mhaithe le ciste a bhunú chun drugaí speisialta a thabhairt d’othair le hailse

_64244324_jimwells

Cáin faoi choim ar na boicht nó cabhair nach gceilfeadh éinne ar dhaoine a bhfuil ailse orthu. Sin í an cheist faoi fhógra a rinne an tAire Sláinte i Stormont  go mb’fhéidir go ngearrfar táille feasta ar chógais leighis ionas gur féidir ciste eisiach a bhunadh chun drugaí speisialta a thabhairt d’othair le hailse. Tá próiséas comhairliúcháin seolta ag an Aire Jim Wells faoin moladh.

Is mór idir an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte i dTuaisceart Éireann agus an córas poiblí ó dheas. Tá fáil ag an saoránach ó thuaidh ar shaorsheirbhís sláinte ‘ó bhreith go bás’, idir dhochtúirí teaghlaigh, ospidéil agus cúram speisialtóirí. Údar alltachta ag a lán ó thuaidh na táillí a chaitheann daoine a íoc le dochtúirí ó dheas, an costas ar oidis agus cógais.

Bhíodh costas beag ar oidis ó thuaidh dóibh siúd a bhí in acmhainn é a íoc. Cúig  bliana ó shin chuir aire na linne, Michael McGimpsey, UUP ar ceal iad – céim a bhí glactha ag na húdaráis dhíláraithe in Albain agus sa Bhreatain Bheag díreach roimhe. Cosnaíonn na hoidis gar do leathbhilliún punt sa bhliain ar an roinn sláinte: tá £467 milliún san áireamh don bhliain reatha. Deich billiún punt  an buiséad iomlán do Thuaisceart Éireann agus caitear a leath ar shláinte. Mar sin féin, tá easnamh £169 milliún ar an roinn faoi láthair agus níl sé in acmhainn roinnt drugaí frithailse atá ar fáil i Sasana a sholáthar d’othair abhus.

Rith eagraíochtaí do dhaoine le hailse dianfheachtas ag éileamh ar an bhFeidhmeannas na cógais speisialta sin a chur ar fáil. Is é freagra an Aire Wells táille a ghearradh ar oidis agus an teacht isteach iomlán a chur i gciste ailse speisialta. Tá tuairimí an phobail á n-éileamh i bpróiséas comhairliúcháin. I measc na moltaí a bhaineann le praghsanna, tá táille bhliantúil £25 nó “ticéad séasúir” mar a thugann Wells air – dhéanfaí eisceacht ar bhonn ioncaim. Rogha eile is ea táille uilíoch 30 nó 50 pingin ar gach oideas, gan aon eisceacht.

Níor cheart, ar ndóigh, go mbeadh milliúnaí in ann bindealán nó paraicéatamal a fháil saor in aisce nuair atá drugaí ceilte ar dhaoine a bhfuil gá acu leo. Bheadh cuid mhór den phobal toilteanach íoc as oideas ar mhaithe le daoine atá go dona tinn. Deir cuid acu, áfach, gur mhaith leo a bheith cinnte go gcaithfí an t-airgead ar othair seachas ar riaradh na scéime, nó cur amú a bheadh ann.

Deir lucht cáinte na scéime, roinnt mhaith dochtúirí teaghlaigh ina measc, gurb iad na boicht a bheadh thíos leis. Thagair siad don am nuair a bhíodh táille le n-íoc agus othair ag fiafraí cén druga ar an liosta a bhféadfaidis déanamh dá uireasa. Deir siadsan go bhfuil bealaí eile le coigilt a dhéanamh chun an ciste ailse a bhunú.

Tá ceisteanna le freagairt faoi chuid de na drugaí a luaitear, iad nua gan a bheith  ceadaithe fós ag an údarás cuí i dTuaisceart Éireann. Thairis sin, is cosúil go n-airíonn an roinn gur  £10milliún punt an teacht isteach sa bhliain ón scéim. An leor sin?  Seans gur gearr a mhairfeadh sé i bhfianaise ráitis an Aire Wells go gcosnódh druga ar leith £220,000 an duine in aghaidh na bliana. Sin leathchéad othar; céard faoin gcuid eile? An bhfuil plean ann dóibhsean?

Foilsíodh tuarascáil an mhí seo caite ar ghrinnscrúdú ar an gcóras sláinte i dTuaisceart Éireann. Cuntas cuimsitheach is ea é ar fiú é a scrúdú as féin ach rinne sé moltaí faoi róchaiteachas sa chóras. Maítear nach baol do pholaiteoirí gabháil i bhfoisceacht scread asail do na moltaí sin – go háirithe nuair atá toghchán buailte linn. Ach bhí gá le beart i Stormont tar éis parailís na bliana seo caite. Seans gur furasta go mór gabháil i gcomhairle nó fiú bréagiomaíocht idir na boicht agus daoine le hailse a chothu ná tabhairt faoi ghníomhartha a  mbeadh praghas polaitiúil orthu.

Fág freagra ar 'Cáin faoi choim ar na boicht nó cabhair nach gceilfeadh éinne?'