Cáin charbóin nó cur i gcéill?

Polasaí ‘de chineál éigin’ atá á bhreithniú ag an Rialtas maidir le cáin carbóin

Cáin charbóin nó cur i gcéill?

Beidh an timpeallacht á plé go minic i dTeach Laighean agus i dTithe an Rialtais in 2019. Cén sórt toradh a bheas ar an gcaint – suntasach nó seafóideach? Sin scéal eile.

Má fhágtar na Healy-Raes agus corr-easaontóir eile as an áireamh, glacann ár bhformhór leis go bhfuil sé thar am ag an Rialtas cur chuige faillíoch na tíre a athrú. Níl shéantar sa tír seo fianaise na saineolaithe a léiríonn an phráinn, ach léiríonn an síor-ardú ar ár n-astaíochtaí carbóin ár neamhthoil í a laghdú.

D’admhaigh Leo Varadkar anuraidh, agus d’admhaigh an tAire Comhshaoil Richard Bruton le gairid go bhfuil an tír ag tarraingt na gcos maidir le hastaíochtaí carbóin. Tá athbhreithniú ar pholasaí an Rialtais geallta ag Bruton, agus tá tuairisc le foilsiú go luath ag an gCoiste um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Bunaíodh an coiste sin, a bhfuil Hildegarde Naughton ó Fhine Gael ina cathaoirleach air, chun moltaí maidir le hathrú aeráide a chuir an Tionól Saoránach chun na Dála a bhreithniú.

Ó thaobh cánachais de, bhí moltaí an Tionóil soiléir, cé gur cuireadh coinníollacha tábhachtacha leo:

  1. Dúirt 80% de chomhaltaí an Tionóil go raibh siad toilteanach cáin níos airde a íoc ar ghníomhaíocht a bheadh dian ar charbón 
  2. Dá méadódh ardú cánach dá leithéid teacht isteach an rialtais, mhol an Tionól go gcaithfí an t-airgead breise ar bheartais a chuideodh le cur i bhfeidhm athruithe a laghdódh astaíochtaí carbóin (painéil ghréine mar shampla) nó chun déileáil le hathrú aeráide.
  3. Mhol an Tionól nach ngearrfaí cáin sa bhreis ar dhaoine bochta. A slat tomhais – daoine a fhaigheann liúntas breosla (thart ar 400,000 duine faoi láthair).
  4. Mhol an Tionól ardú de réir a chéile ar cháin charbóin.

(Tá go leor moltaí eile, maidir le cáin ar astaíocht a bhaineann le talmhaíocht mar shampla, i dtuairisc an Tionóil atá ar fáil anseo.) 

Chuir Paschal Donohoe an cháin charbóin a gheall sé roimh an mBuiséad siar ar feadh bliana. Ó shin i leith, tá cáin charbóin de chineál éigin dá leithéid agus scéim chúitimh de chineál éigin molta ag an Taoiseach. 

Léiríonn úsáid na bhfocal ‘de chineál éigin’ san abairt thuas doiléire an pholasaí nua atá á bhreithniú ag an rialtas. Dúirt Leo Varadkar nach méadú ar ioncam an Rialtais ach athrú ar nósanna an phobail atá ar intinn aige. Thairis sin, ní fios conas a bhainfí aidhm an Taoisigh amach ná cad air a ghearrfaí cáin sa bhreis – breosla nó/agus rudaí eile, tinte oscailte mar shampla? 

Rabhadh eile don rialtas faoin gcontúirt a bhaineann le caint ar ardú cánach ab ea agóidíocht na gilets jaunes sa Fhrainc. Ba láidre an rabhadh toisc gur ardú ar cháin ar bhreosla a chothaigh an trioblóid sa Fhrainc. Is ionann cás an dá thír toisc go bhfuil pobal mór thall agus abhus a bhfuil cónaí orthu faoin tuath.

Nuair a ardaítear an cháin ar bhreosla, mar shampla, ní hionann a thionchar ar dhuine atá ina chónaí faoin tuath agus a thionchar ar mhuintir Bhaile Átha Cliath. Bíonn ionaid oibre, siopaí agus seirbhísí den uile chineál cóngarach do dhuine i gcathracha na tíre, gan trácht ar sheirbhís iompair phoiblí. Taobh amuigh de na bailte móra, ní modh iompair áisiúil é an gluaisteán ach modh iompair nach féidir déanamh dá uireasa. 

Go dtí seo, bhí ar gach rialtas an éagothromaíocht seo a mheá agus ardú ar cháin bhreosla á bheartú acu. Choinnigh riachtanas polaitiúil srian ar dhúil gach aire airgeadais cur le teacht isteach an rialtais. Ach anois tá riachtanas eile ag brú ar an Rialtas.

Tá polasaí agus spriocanna chun astaíochtaí carbóin a laghdú leagtha amach ag ballstáit an Aontais Eorpaigh. Tá pionóis mhóra (suas le €3 billiún idir seo agus 2030) ag bagairt ar an tír mura n-aimseofar na spriocanna a thoiligh an Rialtas a d’aimseofaí. Admhaíonn an rialtas nach n-aimseofar na luathspriocanna.

Más Breatimeacht crua atá romhainn, cuirfidh an dochar a dhéanfar don gheilleagar agus don státchiste dá dheasca caint ar cháin charbóin i leataobh ar feadh tamaill. Ach ní féidir leis an rialtas ná leis an tír neamhshuim a dhéanamh d’athrú aeráide ar feadh i bhfad. Admhaíonn ár bhformhór go bhfuil mórathrú de dhíth, i bprionsabal. Tá an fhianaise a shéanann Donald Trump agus na Healy-Raes soiléir. Neosfaidh an aimsir an chuid eile den scéal.

Tá Leo Varadkar ag moladh cainteanna le ceannairí an fhreasúra chun teacht ar chomhpholasaí faoina dtabharfaí isteach cáin charbóin mar aon le cúiteamh a dheimhneodh gur athrú nósanna seachas laghdú ar ioncam a d’fheicfí dá bharr.

Níl sonraí ná féidearthachtaí molta fós ag an Taoiseach. Go deimhin, i bhfianaise gach ar tharla ón uair gur fógraíodh córas na dtáillí uisce go dtí gur cuireadh ar ceal é, níl ach rud amháin cinnte.

Dá mhéad plé a chloisfear i mbliana agus dá mhéad tuairiscí a fhoilseofar maidir le cáin charbóin, is i ndiaidh an olltoghcháin a íocfar í.

Fág freagra ar 'Cáin charbóin nó cur i gcéill?'