Caillteanas €11 milliún ag mórfhostóir Gaeltachta

Rinne an t-ollchomhlacht leighis Randox ‘caillteanais eisceachtúla’ anuraidh, ach tá Údarás na Gaeltachta ‘an-sásta’ leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag brainse Gaeltachta an chomhlachta

Caillteanas €11 milliún ag mórfhostóir Gaeltachta

Tá Údarás na Gaeltachta “an-sásta” leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag ionad Gaeltachta Randox Teoranta, an mórchomhlacht leighis domhanda ar tuairiscíodh caillteanas réamhchánach £11 milliún a bheith déanta acu.

I gcontae Aontroma atá ceanncheathrú Randox, ach tá breis is 100 duine fostaithe ina n-ionad ar an gClochán Liath, rud a fhágann go bhfuil siad ar cheann de na fostóirí is mó i measc chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc.ie go rabhthas “an-sásta” le dul chun cinn brainse Gaeltachta Randox agus gurb amhlaidh gur ag fostú daoine atáthar faoi láthair ar an gClochán Liath.

“Bíonn Údarás na Gaeltachta i dteagmháil rialta le bainistíocht cliantchomhlachtaí ag áireamh Randox Teoranta ar an gClochán Liath.

“Tá Údarás na Gaeltachta an tsásta leis an dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh ag an gcomhlacht leighis domhanda seo sa Ghaeltacht le tacaíocht an Údaráis agus os cionn 100 duine fostaithe i bpostanna ardchaighdeáin. Tá méadú leanúnach déanta ar an gcomhlacht agus feachtais earcaíochta ar siúl acu faoi láthair,” a dúirt urlabhraí an Údaráis.

I nóta a cuireadh leis na cuntais inar tuairiscíodh caillteanas Randox tugadh le fios gur chuid den chúis a bhí leis an gcaillteanas gurbh éigean roinnt tástálacha a dhéanamh athuair.

Bhí baint ag brainse den chomhlacht, Randox Testing Services (RTS), le fiosrúchán anuraidh maidir le cur isteach ar shonraí, fiosrúchán a a spreag athbhreithniú ar bhreis agus 10,000 fiosrú coiriúil i gcásanna a raibh tástálacha a rinne RTS ina gcuid díobh.

Deirtear gur chosain sé thart ar £2.5 milliún na tástálacha a dhéanamh in athuair. Cúis eile leis an gcaillteanas ab ea an díscríobh a rinneadh ar shócmhainní de chuid an chomhlachta agus freastal ar fhiacha a bhí ar chomhlachtaí a raibh baint acu le Randox.

Bhí an-rath ar ghnó Randox le blianta beaga anuas agus de réir tuarascáil an chomhlachta do 2017 baineann 20% de shaotharlanna an domhain úsáid as a gcuid táirgí.

Dúirt lucht an chomhlachta go ndearnadh “caillteanais eisceachtúla” le linn 2017 ach go raibh airgead á dhéanamh acu agus go leanfadh cúrsaí mar sin.

Brabús réamhchánach €12 milliún a bhí ag an gcomhlacht in 2016 agus £18 milliún a bhí i gceist an bhliain roimhe sin, 2015.

De réir chuntais an chomhlachta d’fhág an caillteanas a rinne Randox in 2017 gur loic siad go teicniúil ar chúnaint iasachta le Danske Bank.

D’fhéadfadh Danske Bank cur faoi ndeara do Randox na hiasachtaí a íoc níos tapúla ach tuairiscítear nach ndearna an banc amhlaidh.

Fág freagra ar 'Caillteanas €11 milliún ag mórfhostóir Gaeltachta'