Cailín óg as Gaeltacht na hAlban fillte abhaile 100 lá i ndiaidh ionsaí Mhanchain

Dódh Laura Nic an tSaoir go dona ag ceolchoirm Ariana Grande i Manchain ag tús an tsamhraidh, ceolchoirm ag ar maraíodh a dlúthchara Eilidh NicLeòid san ionsaí sceimhlitheoireachta

Cailín óg as Gaeltacht na hAlban fillte abhaile 100 lá i ndiaidh ionsaí Mhanchain

Tá Laura Nic an t-Saoir, an déagóir as Barraigh in Inse Ghall na hAlban a gortaíodh in ionsaí Mhanchain sa Bhealtaine le filleadh ar an oileán.

Bhí Laura (15) ag ceolchoirm Ariana Grande i Manchester ag tús an tsamhraidh lena dlúthchara Eilidh NicLeòid, a maraíodh san ionsaí sceimhlitheoireachta.

Bhí Eilidh agus Laura ar a mbealach amach as an Manchester Arena nuair a rinne an buamadóir féinmharaithe ionsaí in oifig fáilte an ionaid, ionsaí inar maraíodh 22 duine agus inar gortaíodh na scórtha eile.

Dódh Laura go dona agus ba i Manchain a bhí cóir leighis á cur uirthi go dtí mí Iúil nuair a aistríodh go hospidéal i nGlaschú í. Tá sí anois le teacht abhaile, 100 lá ó tharla an t-ionsaí.

Dúirt tuismitheoirí Laura go bhfuil siad sona sásta go mbeidh sí sa teach arís, agus ghabh buíochas le gach duine a thug cúnamh di agus dóibh féin ó tharla an t-ionsaí. D’iarr a muintir ar an bpobal “am a thabhairt dóibh” le fáilte a chur roimh Laura abhaile agus le haire a thabhairt di.

Ba dhaltaí de chuid Sgoil Bagh a Chaisteil Eilidh iad Laura agus Eilidh, scoil bheag san oileán Gaeltachta. Dúirt tuismitheoirí Eilidh nach raibh “aon insint ar a mbris” nuair a tháinig an scéala go raibh a n-iníon 14 bliain d’aois i measc na marbh.

Fág freagra ar 'Cailín óg as Gaeltacht na hAlban fillte abhaile 100 lá i ndiaidh ionsaí Mhanchain'