Cáil na nÍsiltíreach maidir le foghlaim teangacha iasachta i mbaol

Tá cáil ar mhuintir na hÍsiltíre maidir le foghlaim teangacha le fada an lá. Ach seans go mbeidh titim thubaisteach ar líon na dteangacha iasachta atá á dteagasc in ollscoileanna na tíre roimh i bhfad.

UvAMaagdenhuis
Ollscoil Amsterdam (UvA)

Tá saol acadúil na hÍsiltíre trína chéile: tá Ollscoil Amsterdam (UvA), an institiúid tríú leibhéal is mó sa tír, ag iarraidh deireadh a chur le hocht gcinn de chúrsaí céime i dteangacha iasachta. Má théann na pleananna ar aghaidh, ní bheidh céimeanna á dtairiscint feasta san Arabais, san Eabhrais, san Iodáilis, sa Nua-Ghréigis, sa Pholainnis, sa tSeicis, sa tSeirbea-Chróitis ná i dteangacha Chríoch Lochlann. Tá nach mór céad post i mbaol.

Le fiche bliain anuas, tá titim mhór ar líon na mac léinn atá i mbun na gcúrsaí céime seo agus deir Ollscoil Amsterdam go bhfuil sé róchostasach iad a thairiscint feasta. Cuirfear deireadh le 98 bpost lánaimseartha má théann na pleananna ar aghaidh. Tá fearg mhór ar na mic léinn.

Tá sé áiféiseach nach mbeidh céim san Arabais ar fáil in Amsterdam feasta,’ a deir an mac léinn fealsúnachta Tivadar Tervoort. Tá cónaí ar mhilliún Moslamach san Ísiltír; is í an Arabais teanga a leabhair naofa, an Córán.

Tá brúghrúpa dar teideal Humanities Rally (NASC: https://humanitiesrally.com/about/) bunaithe ag Tervoort agus mic léinn eile chun aird a tharraingt ar an ngearradh siar atá ar bun ag Ollscoil Amsterdam i nDámh na nDán. Le nach mór dhá mhí anuas, tá seilbh glactha ag slua mac léinn radacacha ar ardoifig Ollscoil Amsterdam. Ní an gearradh siar ar chúrsaí céime i dteangacha iasachta amháin ach fealsúnacht Ollscoil Amsterdam i gcoitinne, atá dírithe ar bhrabús, dar leis na mic léinn, a spreag an agóid seo.

Ní ag Ollscoil Amsterdam amháin atá an scian á cur sna cúrsaí céime i dteangacha iasachta. Cuireadh deireadh leis an gcéim sa Phortaingéilis ag Ollscoil Utrecht le gairid; ó thuaidh, ag Ollscoil Groningen, níl an Fhionlainnis, an Ungáiris, an Danmhairgis ná an Ioruais á múineadh a thuilleadh.

Cad is fiú cúrsaí céime nach bhfuil mórán éilimh orthu a choinneáil? Mar shampla amháin, ní bheadh an tuairisc seo á léamh agat murach an Léann Ceilteach a bheith ar fáil ag Ollscoil Utrecht le breis agus nócha bliain; is ann a chuir údar an ailt seo tús lena chuid staidéir ar an nGaeilge.

Rinne Ollscoil Utrecht iarracht fáil réidh lena Léann Ceilteach ag deireadh na 1990í, ach cuireadh stop leis na pleananna nuair a tarraingíodh aird idirnáisiúnta ar an gcás. Bhí alt ó mo pheann féin a foilsíodh ar phríomhleathanach sean-Foinse ag an am ar cheann de na hairm ar baineadh úsáid astu sa troid chun an Léann a shábháil.

Cá bhfios nach n-éireoidh fós le mic léinn Ollscoil Amsterdam a gcúrsaí céime san Arabais, san Eabhrais, san Iodáilis, sa Nua-Ghréigis, sa Pholainnis, sa tSeicis, sa tSeirbea-Chróitis agus i dteangacha Chríoch Lochlann a shábháil.

Má éiríonn, beidh a gcuid féin déanta acu chun clú na nOllainneach maidir le foghlaim teangacha a thabhairt slán.

Fág freagra ar 'Cáil na nÍsiltíreach maidir le foghlaim teangacha iasachta i mbaol'