Caighdeán uisce den scoth ag 80% de thránna Gaeltachta – tuarascáil nua

De réir na tuarascála Bathing Water Quality in Ireland — A Report for the Year 2017, rinneadh tástáil ar scór trá Ghaeltachta anuraidh agus d’éirigh le 18 acu stádas ‘caighdeán maith’ nó ‘caighdeán den scoth’ a bhaint amach

Caighdeán uisce den scoth ag 80% de thránna Gaeltachta – tuarascáil nua

Níl droch-chaighdeán ag baint leis an uisce ag aon cheann den 20 trá Ghaeltachta a luaitear i dtuarascáil nua de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

De réir na tuarascála Bathing Water Quality in Ireland — A Report for the Year 2017, rinneadh tástáil ar scór trá Gaeltachta anuraidh agus d’éirigh le 18 acu stádas ‘caighdeán maith’ nó ‘caighdeán den scoth’ a bhaint amach do chaighdeán an uisce.

Trá na bhForbacha agus Trá na mBan ar An Spidéal i nGaeltacht Chonamara an t-aon dá thrá Ghaeltachta nár bhain ar a laghad stádas ‘caighdeán maith’ amach.

In 2017, bhí ar Chomhairle Contae na Gaillimhe comharthaíocht a chrochadh ag trá na bhForbacha ag tabhairt rabhadh don phobal gan snámh ann, ach tá feabhas tagtha ar chaighdeán an uisce de réir na tuarascála is déanaí agus ‘caighdeán sásúil’ tugtha anois don trá sin.

Tugadh an stádas céanna do Thrá na mBan sa Spidéal.

Bhí ‘caighdeán maith’ uisce ann ag trá Chéibh an Spidéil agus bronnadh stádas ‘caighdeán den scoth’ ar na tránna uile eile i nGaeltacht na Gaillimhe a ndearnadh tástáil orthu.

Ba é Trá Phort Arthur sna Doirí Beaga an t-aon trá i nGaeltacht Thír Chonaill nár bhain stádas ‘caighdeán den scoth’ amach. Bhain an trá sin an caighdeán is airde amach le cúpla bliain anuas ach stádas ‘caighdeán maith’ a tugadh di sa tuarascáil is déanaí.

Níl tástáil déanta ar thrá Mhachaire Rabhartaigh agus ar thrá Dhumhaí ach le cúpla bliain anuas, ach deirtear sa tuarascáil gur cha go mbainfidh siad stádas ‘caighdeán den scoth’ amach an bhliain seo chugainn.

Bhain na tránna uile a ndearnadh tástáil orthu i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht Mhaigh Eo stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.

San iomlán, rinneadh tástáil ar 142 trá in Éirinn an bhliain seo caite agus d’éirigh le 132 acu, nó 93%, an bunchaighdeán uisce (‘sásúil’) a bhaint amach. Bhain 72% an stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.

Chomh maith leis an bhfiche trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu ó thaobh chaighdeán an uisce snámha, luaitear sé thrá eile sa Ghaeltacht nach dtagann faoi na rialacha maidir le huisce snámha.

Déantar tástáil eile ar an uisce ag na tránna seo ar mhaithe le sláinte an phobail. Bhain cúig cinn de na tránna sin ‘caighdeán den scoth’ amach, ina measc Béal Bán i gCorca Dhuibhne agus Trá na gCaorach in Inis Oírr, agus bhain an ceann eile, An Trá Mhór i nGarmna i gConamara, stádas ‘caighdeán maith’ amach.


Tránna Ghaeltachta a luaitear sa tuarascáil

Ciarraí
Fionntrá Caighdeán den scoth
Baile an Sceilg Caighdeán den scoth
Dún na nGall
Baile Thiarnáin Caighdeán den scoth
An Charraigh Fhinn Caighdeán den scoth
Na Dúnaibh Caighdeán den scoth
Droim na Tine Caighdeán den scoth
Trá Phort Arthur Caighdeán maith
Dumhaigh Caighdeán den scoth
Machaire Rabhartaigh Caighdeán den scoth
Gaillimh
Trá na bhForbacha Caighdeán sásúil
Tá na mBan Caighdeán sásúil
Céibh an Spidéil Caighdeán maith
An Trá Mór, Coill Rua Caighdeán den scoth
Trá an Dóilín Caighdeán den scoth
Trá Chaladh Fínis Caighdeán den scoth
Cill Mhuirbhigh, Inis Mór Caighdeán den scoth
Trá Inis Oírr Caighdeán den scoth
Maigh Eo
Dumha Éige, Acaill Caighdeán den scoth
Cuan Oilí Caighdeán den scoth
An Mallach Rua Caighdeán den scoth
Tránna eile
Béal Bán (Ciarraí) Caighdeán den scoth
Trá na gCaorach, Inis Oírr (Gaillimh) Caighdeán den scoth
An Tearmann (Maigh Eo) Caighdeán den scoth
An tSraith (Maigh Eo) Caighdeán den scoth
An Chrois (Maigh Eo) Caighdeán den scoth
An Trá Mhór, Garmna (Gaillimh) Caighdeán maith

Fág freagra ar 'Caighdeán uisce den scoth ag 80% de thránna Gaeltachta – tuarascáil nua'