Caifé na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le hoscailt arís, ach ceisteanna móra le freagairt

Cén mhaith a bheith ag caint ar phleananna Gaeilge murar féidir áit chaidrimh chomh tábhachtach le Caifé na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a choinneáil ag imeacht?

Caifé na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le hoscailt arís, ach ceisteanna móra le freagairt

Dea-scéala é go bhfuil an chuma ar chúrsaí go n-osclófar aríst Caifé na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

’Sea, ach tá ceisteanna móra le freagairt fós faoi na cúiseanna ar dúnadh ar chor ar bith é.

B’iontach an áit é an Caifé sin. Uair ar bith a ngabhfá isteach ann chloisfeá Gaeilge á labhairt ar chuile thaobh díot. Bhíodh deis ag Gaeilgeoirí ó dhúchas agus ag foghlaimeoirí comhrá a dhéanamh ann agus cúnamh a thabhairt dá chéile.

Áit thar a bheith daonlathach a bhí ann. Is minic a d’fheicfeá léachtóir thall i gcúinne ag roinnt eolais le beirt nó triúr daltaí.

Bhíodh mug breá tae, ceapaire tacúil agus sólaistí eile le fáil ann. Uair ar bith a raibh mise ann freastalaí Gaeltachta a bhí taobh thiar den chuntar. Níor fiafraíodh ariamh díom an raibh ticéad iontrála ná cárta aitheantais agam.

Sampla maith den chaoi a ndeachaigh an áit i bhfeidhm ar dhaltaí is ea an méid seo a scríobh Hynek Daniel Janousek as Prág, i bPoblacht na Seice.

“Ba é Caifé na Gaeilge an t-aon spás sóisialta lán-Ghaeilge dá raibh ar an gcampas agus sa gcathair ar fad, d’fhéadfá a rá. An t-aon áit a bhféadfá a bheith ar do chompord ag ordú braon tae nó greim bia as Gaeilge, ag labhairt na teanga, ag caint le do chairde i nGaeilge.

“An t-aon áit a gcloisfeá an Ghaeilge san Ollscoil agus sa gcathair mar theanga phobail nádúrtha. An áit a bhfuair mise cuid mhaith de mo chuid Gaeilge nuair a tháinig mé go Gaillimh den chéad uair i mo bhliain ERASMUS.”

Ba iad an Students Union Commercial Services Ltd. a bhí ag reáchtáil na háite. D’fhoilsigh siadsan ráiteas faoin dúnadh. Dúirt siad nach gnó brabúsach a bhí ann agus gur ar choinníoll amháin a chuaigh siad ina bhun: go seasfadh an Ollscoil aon chaillteanas a dhéanfaí agus go n-íocfadh an Ollscoil as na seirbhísí agus as an mbainistíocht a chuirfeadh an comhlacht ar fáil.

Bhí ag éirí leis an socrú sin ar feadh cúpla bliain, a dúirt siad, ach stop an Ollscoil ag íoc na sonrasc in 2010 agus níor íoc siad na táillí bainistíochta agus níor sheas siad an caillteanas ó shin.

Deir an comhlacht go n-íocann siadsan €230,000 sa mbliain leis an Ollscoil as Siopa an Chomhaltais, Sult agus Smokey’s Cafe. Dúirt an Ollscoil leo go bhfuil a gcomhlacht brabúsach ach thug siad an chluas bhodhar do cheist Chaifé na Gaeilge. Thart ar £197,000 de chaillteanais agus de tháillí bainistíochta atá i gceist ó 2010, a deir an comhlacht.

Mhol an comhlacht don Ollscoil cuid bheag de na táillí ceadúnais a bhailítear ó na riarthóirí uile ar an gcampas (amhail Sult, Smokey’s, Siopa an Chomhaltais, an Bhialann, Friars, Zinc, srl.) a chur de leataobh leis an gcostas a chlúdach ach diúltaíodh don mholadh sin scun scan.

Níl an cath caillte fós ach is léir go dteastódh fiosrúchán domhain a dhéanamh faoin scéal ar fad.

Cén mhaith a bheith ag caint ar phleananna Gaeilge murar féidir áit chaidrimh chomh tábhachtach seo a choinneáil ag imeacht? Nár bhocht an cás é dá mbeadh an áit dúnta an bhliain seo chugainn nuair a bheas cathair na Gaillimhe ag déanamh gaisce as a cuid cultúir ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain?

B’fhéidir fós nach dtarlóidh sé.

I bhfreagra a fuair mé ó Riarthóir Theagasc na Gaeilge agus Príomhfheidhmeannach Gníomhach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an Dr. Dorothy Ní Uigín, dúirt sí an méid seo a leanas: “Chuaigh tairiscint nua amach an tseachtain seo caite, agus tá súil ag an Ollscoil go mbeidh an Caifé á oscailt arís théis na Nollag. Ní raibh sé oscailte an téarma seo, ach le cúnamh Dé, beidh chuile shórt socraithe roimh bhriseadh na Nollag.”

Fág freagra ar 'Caifé na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le hoscailt arís, ach ceisteanna móra le freagairt'

  • Daor Mac an tSaoir

    Is mór an náire go bhfostaítear comhlachtaí seachtracha chun bialanna, siopaí, agus caiféanna na hollscoile a chur ar fáil. Níl ar a n-intinn siúd ach an brabús. Ní chun leas an mhic léinn a bhíonn siad ag gníomhú. Níl a leithéid fiú i Meiriceá agus táthar mór leis an caibidleachas thall