Caifé Gaeltachta roghnaithe ar an gceann is fearr sa tír ag gradaim mór le rá

Thug POTA Café, caifé agus bialann i mBaile na hAbhann i gConamara, an gradam don Caifé is Fearr sa tír leis ó Ghradaim Bhialann na Bliana urraithe ag Food and Wine Ireland

Caifé Gaeltachta roghnaithe ar an gceann is fearr sa tír ag gradaim mór le rá

Tá gradam don chaifé is fearr in Éirinn buaite ag caifé Gaeltachta.

Thug POTA Café, caifé agus bialann ar an Tulaigh i mBaile na hAbhann i gConamara, an gradam don Caifé is Fearr sa tír leis ó Ghradaim Bhialann na Bliana atá urraithe ag Food and Wine Ireland.

Bhí POTA Café ar cheann de chúig chaifé a bhí ainmnithe ar an ngearrliosta agus bronnadh an phríomhdhuais ar úinéir an chaifé, Diarmuid Ó Mathúna, ag an ócáid bhronnta a reáchtáladh i dTeach an Ardmhéara.

“Ba mhór an onóir dúinn é gur roghnaíodh muid as liosta de chuid de na caiféanna is mó a bhfuil meas againn orthu ar fud an oileáin seo,” a deir Ó Mathúna.

“An chúis ar thug muid POTA ar an gcaifé an chéad lá ná gur breá linn an íomhá de phobal a bheith tarraingthe le chéile thart timpeall ar phota mór bia, sult á bhaint acu as comhluadar a chéile agus scéalta, smaointe – agus bia, ar ndóigh – á roinnt go flúirseach.

“Bhí muid ag iarraidh spás fáiltiúil, compordach a chur ar fáil dár gcustaiméirí, agus tacú leis an bpobal láidir, bríomhar atá anseo i gConamara Theas. Pobal, inmharthanacht agus ardchaighdeán – sin iad na bunchlocha ar a bhfuil POTA tógtha.”

Tá an-rath ar POTA Café ó osclaíodh é i samhradh 2021 agus ardmholadh faighte ag caighdeán na beatha ann agus ag atmaisféar, éiteas agus seirbhís an chaifé.

Chomh maith leis an mórghradam seo a fuair POTA Café Dé Domhnaigh, luadh i mbliana é san Irish Times agus san Sunday Independent ar cheann de na háiteanna is fearr lin Éirinn e plaic a ithe iontu.

Deir Ó Mathúna nach mbeadh an gradam bainte ag a chaifé murach na táirgeoirí áitiúla “atá ag treabhadh an ghoirt” chun comhábhair a chur ar fáil agus deir sé freisin go bhfuil an Ghaeilge lárnach in obair POTA Café.

“Ón gcéad lá, níor fhostaigh muid ach cainteoirí líofa Gaeilge,” a deir sé. “Tá dea-thionchar an pholasaí sin an-soiléir nuair a shiúlann tú isteach san áit. Tá an Ghaeilge le cloisteáil i measc na gcustaiméirí, ar cainteoirí dúchais áitiúla cuid mhór acu. Tá sí le cloisteáil i measc na foirne freastail agus tá sí le cloisteáil amach as an gcistin oscailte agus na cócairí ag scairteadh ‘ordú réitithe’ amach go breá muiníneach.”

Tá an caifé lonnaithe ar an Tulaigh i mBaile na hAbhann, san áit a mbíodh an teach ósta Tigh Johnny Sheáin, le taobh cheannáras TG4.

Fág freagra ar 'Caifé Gaeltachta roghnaithe ar an gceann is fearr sa tír ag gradaim mór le rá'

  • Colm

    Comhghairdeas ó chroí le foireann an Phota agus go raibh rath gan srian orthu.