IMEACHTAÍ: Caidé atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Galway-Food-Festival-A-Celebration-of-Irish-Food-Photos-Boyd-Challenger-81


Cúige Chonnacht


FÉILE: ‘Féile Bhia na Gaillimhe’, 2-6 Aibreán, Ionaid éagsúla, Co na Gaillimhe.

An ceathrú bliain den fhéile bheag iontach seo. Ceiliúradh ar bhia áitiúil agus idirnáisiúnta atá san fhéile, a thugann ardán ar leith do thairgeoirí bia an chontae. Idir mhargaí, chainteanna, thaispeántais chócaireachta agus turais bhia, tá éagsúlacht ann don uile dhuine ar spéis leis nó léi foghlaim faoi bhia nó díreach bia den scoth a bhlaiseadh!

Sa Taibhdhearc Dé Sathairn, 4 Aibreán, beidh sraith cainteanna a reáchtáil le linn an lae saor in aisce mar chuid den fhéile. Óna 11rn-12n, beidh John McKenna i mbun cainte le cócaire Helsinki, Sasu Laukkonen, a thabharfaidh léargas ar bhia Nordach. Leanfar le caint idir JP McMahon, an fear taobh thiar de ‘Aniar’ agus ‘Cava’ agus Douglas McMaster, úinéir Silo Restaurant (Brighton Sasana), bialann atá aitheanta mar nach gcuirtear aon bhia amú ann. San iarnóin beidh painéil chainte ag díriú ar ábhair éagsúla, ó chúrsaí feirmeoireachta an iarthair go scoth an ‘sourdough’.

Tuilleadh eolais: https://www.galwayfoodfestival.com/ nó https://antaibhdhearc.com/shows/galway-food-festival/

The Penny DreadfulSEOLADH, SCÉALTA AGUS FÍON: ‘Eagrán 5 den Penny Dreadful Magazine’ á seoladh, Déardaoin 9 Aibreán, 6in, Siopa Leabhair Charlie Byrne’s, An tSráid Láir, Gaillimh. An chéad cheann de sraith seoltaí atá beartaithe ag an dream taobh thiar den iris litríochta ‘Penny Dreadful Magazine’ ina gcloisfear blaiseadh dá bhfuil foilsithe san eagrán is déanaí, idir scéalta, dhánta agus léirmheasanna. I measc na scríbhneoirí atá luaite le heagrán a cúig, tá Nuala Ní Chonchúir, John Boyne agus Jessica Traynor. Bí ag súil le scéalta, fíon agus scoth na chuideachta! Tuilleadh eolais: https://thepennydreadful.org/


Cúige Laighean


CEOLCHOIRM agus FILÍOCHT: ‘Kathleen Loughnane agus Cormac Cannon’, agus filíocht le WB Yeats á léamh ag Gerald Dawe, Dé Sathairn 4 Aibreán, 1in, Hugh Lane Gallery, Cearnóg Parnell Thuaidh, Baile Átha Cliath. Ceolchoirm lóin le cruitire ‘Dordán’ Kathleen Loughnane agus sarphíobaire na Gaillimhe, Cormac Cannon. Léifidh Gerald Dawe, Ollamh le Béarla ó Ollscoil na Tríonóide, a rogha dánta ó shaothar an mhórfhile Yeats. Tá an cheolchoirm seo á reáchtáil mar chuid d’fhéile ‘Yeats 150 Harp Festival of Moons’, sraith ceolchoirmeacha le linn na bliana a thiteann ar laethanta a mbíonn gealach lán ann. Cead isteach saor in aisce.

Tuilleadh eolais: https://pipers.ie/events/2015/04/yeats-150-harp-festival-of-moons/

The Road to Rising

COMÓRADH: ‘I dTreo na Saoirse/The Road to the Rising’, Sráid Uí Chonaill, Dé Luain 6 Aibreán. Beidh imeachtaí éagsúla á reáchtáil ag RTÉ Luan Cásca mar chuid de Chomóradh Éirí amach na Cásca 1916. Beidh botháin ag RTÉ chun cuntais staire a fháil ó dhaoine ó bhéal.

Déanfar léiriú ar an Éirí Amach féin ar Shráid Uí Chonaill agus beidh ceolchoirm mhór ar siúl i rith an lae le Cór Chúil Aodha, Beoga, The High Kings, agus grúpaí eile nach iad. Chomh maith leis sin, beidh blaiseadh den chineál bia a d’ití aimsir an Éirí Amach le fáil i mbialanna Shráid Uí Chonaill. Tá cainteanna poiblí agus díospóireachtaí eagraithe ar théama an Éirí Amach fosta. Is in in Óstán Wynn, Halla na Saoirse agus Óstán an Gresham a bheidh na himeachtaí sin ar siúl.

Tuilleadh Eolais: https://www.rte.ie/1916


Cúige Uladh


Pan CeilteachSEARMANAS AGUS CEILÍ: ‘Searmanas Oscailte Fhéile Pan Cheilteach agus ceilí’, 7 Aibreán 8in, An tSeaneaglais, Doire. Seolfar Féile Pan-Cheilteach go hoifigiúil le searmanas a mbeidh taispeántais ó na tíortha Ceilteacha ar fad ann. Ceiliúradh ar cheol dúchasach, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta na dtíortha Ceilteacha atá san ócáid, a chuireann tús le cúig lá na féile, a mbeidh ceolchoirmeacha, comórtais, ceardlanna agus eile ar siúl lena linn. Beidh céilí Ceilteach ar siúl i ndiaidh an tsearmanais, agus fáilte roimh chách. Costas: £5. Tuilleadh Eolais: https://www.panceltic.ie/

TAISPEÁNTAS: ‘Línte Fánacha’ le Gearóid Mac Lochlainn, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste. An chéad taispeántas leis an fhile Feirsteach Gearóid Mac Lochlainn, a bhfuil clú idirnáisiúnta air as feabhas a chuid filíochta. Sraith portráidí atá sa taispeántas seo, a rinneadh le dúch agus dobhar dathanna in ómós do dhaoine óna cheantar dúchais a chuaigh i bhfeidhm air agus daoine a bhí mar ábhar inspioráide aige agus é ag taisteal. I measc na bportráidí atá ann, tá cinn de na filí Pádraic Fiacc agus Seosamh Ó hÉanaí agus ceoltóirí ar nós Led Billí agus Lucille Bogan. Beidh ‘Línte Fánacha’ ar taispeáint go dtí an 23 Aibreán.

Tuilleadh eolais: https://www.culturlann.ie/event.php?e=314&lang=ga#sthash.BW5QcZd2.dpuf

SIÚLÓIDÍ NA CÁSCA: Siúlóid thart ar Phointe an Chaoil, le Grúpa Siúlóide Chaisleán Uidhilín, Dé Sathairn, an 4 Aibreán, ag 10.30rn, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin. Tiocfaidh an grúpa le chéile taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhilín, áit a mbeidh síob ar fáil má tá sé uait, agus ag 10.45rn ag an gheata amach ar Bhóthar Áth Bhriain. Má bhíonn sé ag cur fearthainne, beidh an grúpa ag bualadh le chéile in Hillyard House. Ar Dhomhnach na Cásca, tabharfar aghaidh ar Pháirc Faraoise Chaisleán Uidhilín agus buailfidh an grúpa lena chéile ag a 3in fána choinne sin. Is grúpa siúlóide ‘neamhfhoirmiúil’ é seo.


Cúige Mumhan


TAISPEÁNTAS: Féile na Cásca, 5-12 Aibreán, Museum Chorca Dhuibhne, Máimín, Baile an Fheirtéaraigh. ‘Foirgnimh an Cheantair’ is ea téama na bliana seo agus déanfar ceiliúradh ar éagsúlacht an bhfoirgneamh, idir shean agus nua, i dtaispeántas na Cásca. Beidh íomhánnah de breis agus ochtó físealaíontóir ar taispeántas chomh maith le saothar ó dhaltaí bunscoile Chorca Dhuibhne. Tá an fhéile seo á reáchtáil le dhá scór bliain anuas agus tá ag éirí léi an t-aos óg a spreagadh agus a chur i dtreo na n-ealaíon. I mbliana, beidh saothar Maria Simonds-Gooding, Tomás Ó Cíobháin, Liam Ó Néill, Bob Ó Cathail, Marc Feiritéar agus Deirdre McKenna ar taispeáint, chomh maith le daoine nach raibh a saothair riamh le feiceáil ag an fhéile, ar nós Astrid Janning agus Daire Ó Beaglaoich. Osclófar na doirse ag 2.00 i.n. Domhnach Cásca. https://www.oidhreacht.ie/

Cnoc bhreanainn

FÉILE: Féile Sléibhteoireachta agus Ceoil Chlocháin Bhréanainn’, 3 – 6 Aibreán, Halla Le Chéile, Clochán Bréanainn, Trá Lí, Ciarraí. Beidh deis ag muintir Chiarraí páirt a ghlacadh i siúlóidí sléibhe agus freastal ar cheolchoirm den scoth le Sean Keane, atá á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Sléibhteoireachta agus Ceoil an Chlocháin-Bhréanainn. Beidh dhá leibhéal de shiúlóidí ar siú, de réir mar a oireann d’aclaíocht agus do chumas sléibhteoireachta duine. Dóibh siúd a bhfuil taithí acu, beidh scaifte ag dreapadh Cnoc Bréanainn, an darna sliabh is airde in Éirinn agus rachaidh an dream eile ón Sás go dtí Srón Bhroin. Beidh an t-amhránaí iomráiteach, Seán Keane, ag casadh i Halla Le Chéile Domhnach Cásca agus beidh ceol ar siúl fosta sna tithe tábhairne áitiúla oíche Dé Sathairn agus oíche Dé Domhnaigh. Tuileadh eolas: https://www.cflt.ie/feile-sleibhteoireachta-chlochan-bhreanainn/


Timpeall na Tíre


GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú.

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?'