Cad is fiú ‘motherhood and apple pie’ sa chonspóid faoi acht Gaeilge agus cearta eile?

B’fhearr d’aontachtaithe measúla a bhfuil díospóireacht ‘oscailte’ á lorg acu moltaí substaintiúla a sholáthar seachas teoiricí teibí

Cad is fiú ‘motherhood and apple pie’ sa chonspóid faoi acht Gaeilge agus cearta eile?

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Chuir 105 duine a n-ainmneacha le litir oscailte le déanaí ag éileamh ‘díospóireacht oscailte, chuimsitheach faoi chearta, faoin bhfírinne, faoin gcomhionannas agus faoi chearta sibhialta’.

Rinneadar amhlaidh, a dúradar, chun a dhul i ngleic leis an mbarúil nach cás leis an aontachtas sibhialta (civic unionism) ná le lucht iolrachais na luachanna sin.

Frustrachas nach gcuirtear san áireamh iad sa phlé faoi chearta agus freagrachtaí a spreag an litir, a dúradar. Go bunúsach, freagra a bhí ann ar litreacha a sheol náisiúnaithe áirithe thuaidh agus theas chuig an Taoiseach, Leo Varadkar le cúpla mí anuas.

Éilíodh ar an Taoiseach sna litreacha sin go seasfadh sé le cearta i dTuaisceart Éireann, agus tagraíodh go sonrach do chearta teanga agus don phósadh comhghnéis.

Bheifeá ag súil mar sin go mbeadh tagairt san litir oscailte ó aontachtaithe agus lucht iolrachais do na ceisteanna sin atá faoi chaibidil abhus. Bheadh thiar ort.

Prionsabail ghinearálta nach bhféadfadh aon duine locht a fháil orthu atá leagtha amach sa litir – ‘motherhood and apple pie’, mar a deir na Meiriceánaigh. Ach tásc ná tuairisc ní raibh inti d’oiread is ceann amháin de na ceisteanna conspóideacha atá ag cothú aighnis faoi láthair.

Teastaíonn uainn sochaí a thógáil chun an saol a fheabhsú do gach éinne, a deir sínitheoirí na litreach. Daoine meánaicmeacha iad den chuid is mó, baill aitheanta den UUP ina measc, daoine amhail na teachtaí tionóil Mike Nesbitt agus Doug Beattie, an comhairleoir Chris McGimpsey agus an tUrramach Lesley Carroll.

Tá Linda Ervine ó Turas agus a céile Brian ar an liosta freisin, mar atá an tUrramach John Dunlop , an ministéir Chris Hudson agus an t-iarimreoir rugbaí Trevor Ringland, a bhí ina iarrthóir toghcháin don UUP agus ina dhiaidh sin do na Caomhaigh.

Ní dhiúltaíonn aontachtaithe (sibhialta) d’éilimh ar chearta agus ar lán-saoránacht, a deirtear. Teastaíonn uathu deireadh a chur le ceilt na fírinne ionas gur féidir créachta na staire a leigheas. Teastaíonn uathu athmhuintearas a chothú, an deighilt a threascairt agus sochaí chothrom bhisiúil a thógáil. Ach ní chloistear a nglór, a deir siad.

D’ainneoin a maímh nach gcloistear agus nach bhfeictear iad i ndíospóireachtaí faoi chearta agus dualgais, deirtear sa litir go raibh plé oscailte acu le náisiúnaithe sibhialta agus iad ag saothrú ar mhaithe le síocháin agus athmhuintearas. Bhí a fhios ag an bpobal gur ghlac cuid de na daoine a shínigh an litir páirt i seisiúin phoiblí de chuid Shinn Féin ar tugadh Difficult Conversations orthu.

Is deacair a dhéanamh amach céard le haghaidh an litir seo. An é gur baineadh stangadh astu mar nár iarradh orthu na litreacha chuig an Taoiseach a shíniú? Litreacha a raibh tionchar nach beag ag Sinn Féin orthu. Nó an admháil í an litir ar a n-éadóchas i leith éagumas an uile dhuine i Stormont seachas an DUP agus Sinn Féin?

An mbeadh sé níos ciallmhaire a dhul i ngleic go díreach leis an DUP agus le Sinn Féin? Nó, go deimhin arbh fhearr dóibh díospóireacht a eagrú eatarthu féin chun a theacht ar leagan amach níos soiléire ná mar atá sa litir? Cé na hathruithe atá á moladh acu seachas prionsabail chráifeacha?

An bhfuil siad i bhfabhar cearta teanga? Acht Gaeilge nó rud níos lú? Tá a fhios againn, mar shampla, gur scríobh Doug Beattie alt nuachtáin ag rá nach nglacfadh sé le hacht Gaeilge. Ach tá daoine eile a shínigh an litir i bhfabhar achta. An éileodh siad reachtaíocht chun pósadh comhghnéis a cheadú? Cá seasann siad faoi cheist na n-ionchoisní? Faoi chóras chun déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí?

Teastaíonn an fhírinne uathu, a deir an litir, ach céard eile? Cúisimh, fiosraithe neamhspleácha, pardún ginearálta?

Is léir gur fíor nach bhfuil na haontachtaithe ar fad chomh frithghníomhach is a thabharfadh an tsáinn i Stormont le fios agus gur pobal ilchineálach an pobal aontachtach.

Cé chomh hionadaíoch ar an bpobal sin agus ar lucht iolrachais atá an 105 duine seo? Cad is brí le ‘civic’ maidir le náisiúnaithe nó aontachtaithe? Daoine nach mbaineann le páirtí? Baineann go leor den 105 duine le páirtithe, mar a bhí baint ag cuid de na náisiúnaithe a scríobh litreacha chuig an Taoiseach le Sinn Féin.

An leis na náisiúnaithe sin ba cheart do shínitheoirí na litreach is deireanaí a bheith ag caint ?

Gan dabht is fiú go mór a bheith ag caint leis ‘an taobh eile’ chun tuiscint a leathnú agus tá géarghá leis sin sa tsochaí seo. Ach má theastaíonn díospóireacht fhiúntach nárbh fhearr go mór an réamhobair a bheith déanta ina measc féin?

Ansin, b’fhéidir go bhféadfaidís moltaí substaintiúla a sholáthar seachas teoiricí teibí.

Fág freagra ar 'Cad is fiú ‘motherhood and apple pie’ sa chonspóid faoi acht Gaeilge agus cearta eile?'