Cad is féidir a rá faoi Chúige Chonnacht?

Rachaidh na cúigí ar fad chun páirce as seo go ceann dhá lá sa 16ú babhta den Pro 14

Cad is féidir a rá faoi Chúige Chonnacht?

John Muldoon. Pictir: INPHO/Bryan Keane

Is dona liom a rá go ndearna foireann Chúige Chonnacht bréagadóir díomsa agus de go leor eile nuair a lig siad na maidí le sruth ar an mBóthar Beag an Aoine seo caite. Seans freisin gur chuir lagiarracht na gConnachtach deireadh le haon fhís ná brionglóid a bheadh i measc na bhfoirne a bheas ar bharr ghrúpa A ag deireadh na gcluichí réamhbhabhtaí.

Ní chuirfidh mé fiacail ann, bhí fir na Gaillimhe náireach ar fad, iad ag imirt gan plean, spiorad ná ceannasaíocht i gcluiche i gcoinne foireann as an Iodáil a bhíonn faoi bhrú agus iad ag imirt sa mbaile, gan trácht ar an líon mór cluichí atá caillte acu agus iad as baile. 

Rinne na hUltaigh an cleas céanna agus iadsan freisin ag imirt sa mbaile i gcoinne Dhún Éideann, foireann nár thug aon duine mórán seans dóibh. Ní raibh na hUltaigh baileach chomh dona agus a bhí na Connachtaigh agus bhí siadsan fós sa gcluiche go dtí an t-ochtódú nóiméad nuair a d’éirigh le Duncan Weir Dhún Éideann cúl preabchic a shlánú, scór a d’fhág pointe amháin idir na foirne (17 -16).

Mar sin féin, bhí dul chun cinn na Muimhneach ag brath go mór ar thoradh dearfach a aimsiú agus iadsan as baile in Caerdydd i gcoinne fhoireann an bhaile sin, rud nár tharla.

Foireann Chúige Laighean an t-aon fhoireann amháin a rinne aon mhaith an deireadh seachtaine seo caite, iadsan ag baint chuile leas as buntáiste an bhaile.

Anois ainneoin go bhfuil cluichí idirnáisiúnta á n-imirt an deireadh seachtaine seo, tá Babhta 16 den Pro 14 á imirt freisin. Tá Cúigí Mumhan agus Laighean sa mbaile ar an Aoine i gcoinne Ghlaschú agus na Southern Kings, foireann a bheas san RDS. Ní fiú tada a rá faoi na Kings seachas go bhfuil siad fós ar thóir a gcéad bhua sa bPro 14, rud nach bhfaighidh siad an deireadh seachtaine seo ach an oiread.

Ní hionann an scéal a bheas againn i gCorcaigh mar is iad Cúige Mumhan agus Glaschú an dá fhoireann atá ar bharr ghrúpa A, agus is í foireann na hAlban atá ar a bharr ar fad. Níor chaill Glaschú ach cluiche amháin agus bhí siad cothrom i gceann eile. Mar sin féin tá go leor imreoirí ar iarraidh orthu de bharr gortuithe agus dualgas idirnáisiúnta. Sa mbád céanna leis na Muimhnigh, a déarfá. Tabharfaidh imirt sa mbaile buntáiste de bheagán do na Muimhnigh ach nílim cinnte gur leor sin sa gcás seo.

Sa mbaile a bheas Connachta agus Ulaidh amárach, Dé Sathairn, an dá fhoireann ar thóir maithiúnais ar a gcuid lagiarrachtaí i mBabhta 15. Níl mise ag tabhairt mórán de sheans do Chúige Uladh agus iadsan sa mBreatain Bheag i gcoinne Scarlets a chaill i gcoinne Chúige Laighean i mBabhta 15.

Maidir leis na Connachtaigh a bheas san Iodáil le tabhairt faoi Treviso, lá ar bith eile bheinn sásta seasamh le mo chúige féin ach is deacair sin a dhéanamh ar fhianaise na n-iarrachtaí laga a chonaic muid uathu le gairid. Tá drogall orm tada a rá.

Fág freagra ar 'Cad is féidir a rá faoi Chúige Chonnacht?'