Admhaíonn gach aire rialtais gur dearnadh “botúin” agus Uisce Éireann á chur ar bun. Faraor, ní feidir leo a bheith cinnte fós go bhfuil deireadh leis na dearmaid.
Fágaimis an spriocdháta cláraithe (Dé Luain seo caite), nár spriocdháta é, as an áireamh. Fágaimis neamhthoil chun clárú 40 faoin gcéad den phobal, ar a laghad, as an áireamh. Is léir contúirt eile freisin: an €100 a thabharfaidh an rialtas do gach duine atá cláraithe le hUisce Éireann i mí Mheán Fómhair.
D’fhéadfá bronntanas a thabhairt ar an íocaíocht seo. Nó lascaine, nó aisíoc, nó cúiteamh, nó faoiseamh, nó liúntas. Nó breabh fiú má shíleann tú gur léir an chúis: iarracht daoine leathshásta a dhéanamh de dhaoine míshásta. Ach ní oireann ‘deontas’ in aon chor más gnáthchiall an fhocail atá i gceist.
Íoctar deontais rialtais éagsúla chun cabhrú le daoine nó le comhlachtaí rudaí áirithe a dhéanamh. Tá a fhios ag cách nach mbaineann an Deontas Caomhnaithe Uisce (‘Water Conservation Grant’) le cabhair a thabhairt do dhaoine rud ar bith a dhéanamh. Tá cead a chinn ag gach duine an €100 a chaitheamh ar chapaill, ar phéire nua bróg, nó ar phiontaí. Déan do rogha.
Anois, tá a fhios againn nach bhfuil aon bhaint ag an Deontas le Caomhnú Uisce. Breathnaítear air (a) mar iarracht chasta chun íocóirí na dtáillí uisce a pháirt-chúiteamh agus (b) mar iarracht chun diúltóirí a mhealladh.
Ach is ar éigean a phléitear an chúis is tábhachtaí gur tugadh isteach an ‘deontas’, is é sin gur shocraigh an rialtas go n-íocfaí €100 le cách (c) mar iarracht indíreach chun breis airgead stáit a infheistiú in Uisce Éireann.
Má ghlactar leis an iarracht seo sa Bhruiséil, agus ní beag an ‘má’ é, éascófar an obair a bhaineann le bailiú airgid Uisce Éireann. Tá súil ag an rialtas nach n-athróidh an plean seo stádas na heagraíochta mar chomhlacht leathphríobháideach, de réir rialacha an Aontais Eorpaigh.
Ceart go leor, ach abair gur cuntasóir tú i Eurostat, an foras Eorpach a rialóidh ar an gceist seo faoi cheann dhá mhí. Cad a cheapfá? An nglacfá leis an gcur i gcéill?
Abair go rialódh Eurostat gur léir gur deontas indíreach d’Uisce Éireann é an Deontas Caomhnaithe Uisce, agus go mbeidh ar an rialtas rogha a dhéanamh:
1. Íocaíocht an deontais a chur ar ceal, nó
2. Uisce Éireann a athbhunú ionas go mbeidh cead ag an rialtas an bille ar fad don bhfeabhsú a theastaíonn a íoc, nó
3. Teacht ar sheift éigin eile.
Níl deireadh leis na roghanna crua atá le déanamh ó thaobh an uisce ag an rialtas, ná ag an bhfreasúra nár mhol fós aon scéim maoinithe eile a dhéanfadh an beart.
MAR EOLAS DON AIRE
Is bean í an Coimisinéir Cosanta Sonraí Helen Dixon, mar is eol do leitheoirí Tuairisc.ie gan dabht. Ach is cosúil nár cuireadh an t-Aire Stáit Damien English ar an eolas fúithi fós.
Sa Dáil Dé Céadaoin, d’fhreagair Damien ceist a chuir Charlie McConalogue (FF) air faoi choinneáil sonraí pearsanta daltaí scoile. Arsa an t-aire:
The Deputy asked if the Data Protection Commissioner is aware of this policy and I believe he is. There is ongoing engagement with his office on the implementation of this policy.
Abraimis é le chéile arís, le cúrsaí inscne a shoiléiriú don aire. Is bean í an Coimisinéir Cosanta Sonraí Helen Dixon.
Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille
Seán Míchaél Ó Donnchadha
Sampla éile den phraiseach ar fud na mias ag an Rialtas seo.