Cad is cúis leis na fadhbanna ateangaireachta i dTithe an Oireachtais?

Dúirt urlabhraí de chuid Thithe an Oireachtais go gcuireann fabhtanna teicniúla isteach ar gach eagraíocht a bhíonn ag craoladh beo ‘ó am go chéile’

Cad is cúis leis na fadhbanna ateangaireachta i dTithe an Oireachtais?

“Fabht teicniúil” ba chúis leis an easpa seirbhíse ateangaireachta i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite. B’éigean don abhcóide Séamus Ó Tuathail a chuid cainte a thabhairt i mBéarla ag cruinniú de chuid an Choiste Uisce i dTithe an Oireachtais Dé Céadaoin nuair a chlis ar an gcóras ateangaireachta i Seomra Coiste 4.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid Thithe an Oireachtais do Tuairisc.ie tráthnóna gur iarradh roimh ré go mbeadh an tseirbhís ateangaireachta ar fáil don chruinniú i ndiaidh d’Ó Tuathail tabhairt le fios sna laethanta roimh an gcruinniú gur i nGaeilge ba mhaith leis a chuid cainte a dhéanamh.

“Faraor bhí fabht teicniúil ann ar an lá nach bhféadfaí a réiteach in am do chur i láthair Shéamuis Uí Thuathail. Déantar gach beart lena chinntiú go n-oibríonn na córais mar ba chóir agus go héifeachtúil, ach, ó tharla go mbíonn craoladh beo á dhéanamh ag an Oireachtas ón Dáil, ón Seanad agus ó na ceithre Sheomra Coiste, bíonn fabhtanna teicniúla ann ó am go chéile, mar a bhíonn in eagraíocht ar bith a bhíonn i mbun beochraolta,” a dúirt an t-urlabhraí.

Bhí cruinniú na Céadaoin ar siúl i Seomra Coiste 4 i dTithe an Oireachtais, an seomra ina mbíonn córas ateangaireachta ar fáil go hiondúil, agus an seomra ina bpléitear cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta de ghnáth.

Nuair a thosaigh Ó Tuathail ag labhairt i nGaeilge ag an gcruinniú, chuir an Cathaoirleach, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, in iúl dó go raibh fabht ar an gcóras ateangaireachta agus nach raibh baill uile an Choiste in ann Ó Tuathail a thuiscint dá bharr. D’fhiafraigh an Cathaoirleach de Ó Tuathail ar mhiste leis a fhianaise a thabhairt uaidh i mBéarla ionas nár ghá an cruinniú a chur ar ceal.

Cuireadh an cruinniú ar fionraí a fhad is a bhí an cheist á fiosrú agus beartaíodh sa deireadh nach bhféadfaí dul ar aghaidh leis an gcruinniú dá mba i nGaeilge a dhéanfadh Ó Tuathail a chuid cainte.

Cuireadh tús leis an gcruinniú arís i ndiaidh sos cúig nóiméad agus chualathas fianaise ó fhinné eile sular thug Ó Tuathail a phíosa cainte uaidh i mBéarla.  Dúirt an t-abhcóide go labhródh sé i mBéarla ach é a bheith ar an taifead gur “faoi agóid” a bheadh sé á dhéanamh. Thagair sé freisin don chruinniú coiste ag ar fhógair an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin go raibh sé ag éirí as, cruinniú eile a raibh fadhb ann leis an gcóras ateangaireachta. Bhí amhras ann faoi dháiríreacht Thithe an Oireachtais maidir le húsáid na céad teanga oifigiúla, a dúirt sé.

Ag labhairt dó ar Cormac ag a Cúig ar RTÉ RnaG an tráthnóna sin, dúirt an t-abhcóide agus saineolaí bunreachta gur “mugadh magadh” a bhí sa scéal. “Is fíor-dhrochscéal é.  Is léir go bhfuil teip leanúnach san Oireachtas freastal ar an gcéad teanga náisiúnta.  Rinne mé fiosruithe roimhré leis an gCoiste breis is seachtain ó shin, agus dúradh liom go mbeadh córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil, ach is léir nach raibh socrú ar bith déanta, dar liom.  Lean mé ar aghaidh i mBéarla, ach faoi agóid. Bhí fearg orm.”

Is ag láthair eile seachas sna seomraí féin a bhíonn ateangairí Thithe an Oireachtais. Bíonn na hateangairí lonnaithe i bhfoirgneamh eile agus cuirtear sruth físe agus fuaime ar fáil dóibh ó sheomraí éagsúla Thithe an Oireachtais — an Dáil, an Seanad, agus na ceithre sheomra coiste. Déanann na hateangairí ateangaireacht chomhuaineach ó Ghaeilge go Béarla agus is féidir le baill Thithe an Oireachtais éisteacht leis an leagan Béarla ach na cluasáin atá ar fáil ag gach suíochán a chur ag obair.

Is é Seomra Coiste 4 an t-aon seomra coiste ina bhfuil an tseirbhís ateangaireachta ar fáil. Thug urlabhraí de chuid an Oireachtais le fios do Tuairisc.ie go bhfuiltear ag breathnú ar na féidearthachtaí an córas a thabhairt isteach sna seomraí eile, ach nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ar an gceist sin ón uair a rinneadh cáineadh ar an easpa seirbhíse ateangaireachta i seomraí coiste eile an mhí seo caite.

Bhí ionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge i láthair ag cruinniú de chuid an Choiste Oideachais agus Scileanna i Seomra Coiste 3 Thithe an Oireachtais i mí na Nollag, áit nach bhfuil an tseirbhís ar fáil. Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Thomas Byrne, gur údar náire an easpa seirbhíse seo agus gur sárú ar chearta teanga an Bhunreachta a bhí i gceist.

Tá stádas na Gaeilge daingnithe in Alt 8 den Bhunreacht agus tá an ceart chun an Ghaeilge a úsáid i dTithe an Oireachtais daingnithe i bhfo-alt 6(2) d’Acht na dTeangacha. De réir an ailt sin, ‘Beidh ceart ag duine a bheidh ag láithriú os comhair ceachtar Tí den Oireachtas nó os comhair coiste, comhchoiste nó fochoiste den sórt sin ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid’.