Cad is brí le hathrú poirt an DUP?

Beidh le feiceáil an bhfuil an DUP toilteanach comhghéilleadh nó an i mbun cleasaíochta chun iad féin a chosaint atá siad

Cad is brí le hathrú poirt an DUP?

Tá an DUP ag bogadh, deirtear linn. B’fhéidir é.

Má tá, cad chuige? An cur i gcéill atá ar siúl acu? Nó an bhfuil siad i ndáiríre? An bhfuil siad ag iarraidh Breatimeacht gan socrú a sheachaint mar atá á mhaíomh acu? Nó an ag iarraidh milleán a sheachaint atá siad? Le súil nach n-íocfaidh siad an téiléireacht má fhágtar daoine ar an ngannchuid.

Bhí óráid Arlene Foster, ceannaire an DUP i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin níos measartha ná mar is gnách léi. Bhí a dúil i gcumarsáid leis an Taoiseach neamhchoitianta freisin i gcodarsnacht lena diúltú gairgeach ar chuireadh Enda Kenny chuig cainteanna uile-Éireann le hullmhú don Bhreatimeacht. Ní raibh suim aici an t-am sin, i mí Dheireadh Fómhair dhá bhliain ó shin, i gcabaireacht i mBaile Átha Cliath ná éisteacht le “grandstanding remoaners”.

Bhí an DUP an-chinnte dá gcumhacht an t-am sin, trí mhí tar éis a margadh soláthair agus muiníne a dhéanamh leis na Caomhaigh. Bhí siad chomh sásta lena ról nua gur threisigh siad ar a nós beag is fiú a dhéanamh de leagan amach gach éinne eile.

Ní de sheans a d’athraigh a bport le tamall gearr anuas. Ní hamháin go bhfuil uair na cinniúna ag druidim linn ach is san tréimhse sin a tháinig deireadh lena gcumhacht in Westminster nuair a chaill an Príomh-Aire nua Boris Johnson oiread sin feisirí as a pháirtí féin gur chuma sa sioc faoi dheichniúr an DUP. Ina theannta sin luíonn sé le réasún nach mbeadh lánmhuinín acu as Johnson a rinne feall orthu cheana nuair a vótáil sé i bhfabhar an chúlstad tar éis geallúint dóibh nach ndéanfadh sé amhlaidh mar go raibh a leithéid do-ghlactha.

Thairis sin chaithfeadh sé go bhfuil siad faoi bhrú ó chuid dá lucht tacaíochta atá báúil leis an gcúlstad nó a ghlacann leis mar rogha an dá dhíogha. Nuair a bhí Arlene Foster ar a bealach go Baile Átha Cliath chun a port a mhaolú d’fhógair duine dá lucht tacaíochta go poiblí gur mhaith leis droim láimhe a thabhairt leis an mBreatimeacht agus vótáil le fanacht san Aontas Eorpach.

Feirmeoir is ea Charlie Weir as contae an Dúin. Ghlac sé páirt i bhfíseán bolscaireachta an DUP d’fheachtas an toghcháin in 2017, físeán inar thacaigh sé le tacaíocht an pháirtí don mBreatimeacht. Chuir Arlene Foster i láthair é mar dhuine de na feirmeoirí a thuig buntáistí an Bhreatimeachta, an dea-shaol a bhainfeadh an DUP amach, dar léi.

Oíche De Céadaoin, dúirt Charlie Weir leis an BBC go bhfuil aiféala air, i bhfianaise na praisí, gur vótáil sé i bhfabhar imeacht as an Aontas Eorpach in 2016. Dhéanfadh sé malairt rogha anois dá bhfaigheadh sé an deis. Scriosfar tionscal na talmhaíochta abhus má bhíonn Breatimeacht gan socrú ann, dar leis. Tacaíonn sé le 90% de pholasaithe an DUP ach ní thacaíonn sé leis an mBreatimeacht, a dúirt sé leis an BBC.

Ba é a bhreithiúnas go ndeachaigh an DUP thar fóir ar fad maidir leis an gcúlstad. Níor chreid sé gur chontúirt ar bith do stádas an Tuaiscirt mar chuid den Ríocht Aontaithe é; ní athrófaí an stádas sin gan reifreann. Buntáiste a bheadh sa chúlstad, dar leis, an craiceann is a luach do Thuaisceart Éireann. Bheadh breis infheistíochta ó chomhlachtaí a bheadh in ann trádáil leis an mBreatain chomh maith leis an AE agus forbairt ar an ngeilleagar abhus, ar sé. Bheadh seisean, mar fheirmeoir, ina fhabhar.

Ní fios cén líon de lucht tacaíochta an DUP a bheadh ar aon intinn le Charlie Weir ach tá a fhios go bhfuil móramh na bhfeirmeoirí agus lucht gnó toilteanach glacadh leis an gcúlstad mar rogha an dá dhíogha. Má chreideann siad, nó cuid acu, ar nós Weir, go ndearna an DUP scéal chailleach an uafáis den gcúlstad gan chúis, chaithfeadh imní a bheith ar na feisirí Parlaiminte agus iad ag tabhairt aghaidh ar olltoghchán gan mhoill.

Tá urlabhraithe an pháirtí ar a ndícheall ag cur in iúl nach bhfuil agus nach raibh an DUP ag iarraidh Breatimeacht gan socrú. Is mór idir na briathra sin agus a leagan amach in Westminster.

Ó chuaigh siad i gcomhghuaillíocht leis na Caomhaigh os cionn dhá bhliain ó shin tá cos curtha i dtaca acu in aghaidh an sórt Breatimeachta a nglacfadh móramh sa Tuaisceart leis más go drogallach féin é. Thairis sin d’imir siad tionchar ar fheisirí eile in Westminster chun stop a chur le margadh Theresa May. Anois áfach, mar chruthúnas ar a measarthacht, tá siad ag tagairt don litir a scríobh Arlene Foster agus Martin McGuinness chuig Theresa May i mí Lúnasa 2016. Níor cluineadh focal faoin litir le dhá bhliain anuas.

Bhí an litir sin níos tomhaiste ná rud ar bith a rinne an DUP le dhá bhliain. Beidh le feiceáil an bhfuil siad ag filleadh ar an leagan amach sin agus an bhfuil siad toilteanach comhghéilleadh nó an i mbun cleasaíochta chun iad féin a chosaint atá siad.

Fág freagra ar 'Cad is brí le hathrú poirt an DUP?'

  • Seán Mag Leannáin

    Sár-anailís anseo le Póilín Ní Chiaráin. Admháil Arlene Foster don chéad uair go mairimid uilig ar an oileán céanna! – “I think what we want to see is a recognition that we are on an island” – dul chun cinn suntasach as snaidhm an Bhreatimeachta nó tuilleadh cur i gcéill ón DUP?

  • Uinsionn Mac Dubhghaill

    Fair play do Phóilín as píosa anailíse géarchúiseach a thugann faoiseamh dom th’éis éisteacht le mórchuid bladair ar RTÉ agus ar an mBBC le cúpla lá anuas. Tá na cosa bainte den DUP mar gheall ar an athrú matamaiticiúil in Westminster, agus bogadh éigin (an mairfidh sé?) ina ndearcadh dá bharr. Tá a gcuid mine fuinte, is cosúil.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is fiú a lua go raibh sé mar chuid de manifesto an DUP le linn olltoghchán na Breataine i 2017, go mbeidís ag lorg ‘Northern Ireland specific solutions’ mar chuid den Bhreatimeacht, gan caint ar ‘ability to opt-in to EU funds’. Sé an trua nár ceistíodh iad faoi na poinntí éagsúla sa manifesto, a bhí ag iarraidh go ndéanfaí idirdhealú idir Thuaisceart Éireann agus an Ríocht Aontaithe san idirbheartaíocht.

  • Seán Mag Leannáin

    Pointe an-mhaith ag Donncha anseo. Tugaim faoi deara freisin go bhfuil aistriúchán den alt seo déanta ag Ciarán Ó Coigligh dá lucht leanúna sa Pháirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) agus postáilte aige ar FB.