Cad is brí le freagra na Rúise ar chliseadh a gcuid trúpaí?

ANAILÍS MHÍLEATA: An mbeidh aon tionchar ag na saighdiúirí a shlógfar ar iarrachtaí na Rúise a spriocanna a bhaint amach sna láithreacha cogaidh éagsúla?

Cad is brí le freagra na Rúise ar chliseadh a gcuid trúpaí?

Bhí a fhios go mbeadh freagra ag na Rúisigh ar chliseadh a gcuid trúpaí i gCúige Kharkiv coicís ó shin agus mar léiriú air seo rinne siad ionsaithe diúracáin ar stáisiúin chumhachta in oirthear na hÚcráine ar an toirt.

Ach Dé Céadaoin an 21 Meán Fómhair fuaireamar an freagra foirmiúil ón Uachtarán Putin agus an tAire Cosanta Shoigu. Bhí trí chuid san fhreagra seo: fógraíodh slógadh teoranta, tugadh tacaíocht do na reifrinn sna críocha gafa agus rinneadh bagairt arís nach mbeadh drogall ar an Rúis “gach cineál airm atá ar fáil di” a úsáid dá mbeadh sí i mbaol. Tá airm núicléacha san áireamh sa bhagairt seo.

Fógraíodh go slógfar 300,000 iarshaighdiúir agus spreagadh agóidí beaga i níos mó ná 30 cathair, Moscó agus St. Petersburg san áireamh, sna laethanta i ndiaidh an fhógra. Ach an mbeidh aon tionchar ag na saighdiúirí a shlógfar ar iarrachtaí na Rúise a spriocanna a bhaint amach sna láithreacha cogaidh éagsúla? Maidir leis an mbagairt faoi ionsaithe núicléacha, an féidir a mheas go ngníomhóidh Putin de réir a bhagartha?

An Slógadh

Slógfar na hiarshaighdiúirí ó fhórsa cúltaca na Rúise. Cé go bhfuil thart ar 2 mhilliún saighdiúir san fhórsa seo, ní fórsa eagraithe é a fhaigheann traenáil go rialta. Níl sé cosúil le fórsa cúltaca na Fionlainne, mar shampla, atá comhtháite go hiomlán le fórsaí cosanta na tíre agus a fhaigheann traenáil gach bliain.

Beidh ar na hiarshaighdiúirí traenáil a fháil chun feidhmiú mar fhórsa míleata éifeachtach. Tógfaidh sé seo roinnt ama agus má dhéanann na Rúisigh é sin i gceart ní bheidh na hiarshaighdiúirí réidh chun catha roimh thús an gheimhridh.

Cé nár dheimhnigh na Rúisigh go díreach an traenáil a gheobhaidh na trúpaí bhí leid san fhógra a rinne Aire Cosanta na Rúise nach mbeidh ach tréimhse traenála ar feadh roinnt seachtainí ar fáil. Seans go gcuirfear iad ar aghaidh chuig na láithreacha cogaidh gan an traenáil chuí a fháil.

Le linn na seacht mí den chogadh d’earcaigh na Rúisigh cathláin d’óglaigh le cur in áit na saighdiúirí a cailleadh. Tháinig an chuid is mó de na hóglaigh ó cheantair iargúlta i bhfad ó chathracha Mhoscó agus St. Petersburg. Spreagadh iad dul isteach san arm mar gheall ar an bpá, ar na liúntais a bhí ar fáil agus ar an easpa fostaíochta sna ceantair iargúlta. Ach as a stuaim féin a chuaigh siad isteach den chuid is mó.

Ní bheidh an spreagadh céanna ar fáil do na hiarshaighdiúirí a shlógfar. Ní bheidh an dara rogha acusan ach dul isteach san arm. Seans go gcuirfear leis an slógadh as seo amach agus go slógfar níos mó iarshaighdiúirí as na cathracha móra. Cruthóidh sé seo níos mó agóidí sna cathracha agus cé go socróidh na agóidí síos tar éis tamaill leanfaidh an mhíshástacht ar aghaidh faoi cheilt.

Rachaidh roinnt saighdiúirí chuig na láithreacha cogaidh gan an traenáil chuí a fháil, gan a bheith spreagtha dul ann agus gan an tacaíocht chéanna sa bhaile agus a bhí ann roimhe seo. Léiríodh go raibh meanma cuid de na trúpaí sna láithreacha cogaidh thar a bheith íseal. Ní thabharfaidh na trúpaí slógtha aon ardú meanman dóibh.

Tionchar an tslógtha ar an gcogadh

Bhí páirt ag aonaid den scoth arm na Rúise, mar shampla aonaid aer-iompartha, sna cathanna ba thábhachtaí sa chogadh. Is aonaid ghairmiúla iad sin a fhaigheann an traenáil is fearr agus ina bhfuil sprid ar leith cothaithe iontu leis na blianta.

Bhí aonaid aer-iompartha freagrach as aerfort Hostomel gar do Kyiv a ghabháil ach chuir na hÚcránaigh stop leis an ionsaí seo. Ansin athlonnaíodh chuig an Donbas iad ach níor éirigh leo mórán dul chun cinn a dhéanamh sa láthair chogaidh sin. Sa deireadh athlonnaíodh chuig Kherson iad chun cosaint a dhéanamh i gcoinne fhrithionsaithe na nÚcránach.

Ní raibh iarrachtaí na n-aonad seo sa chogadh thar mholadh beirte agus is lú seans go n-éireoidh níos fearr le haonaid de shaighdiúirí slógtha. Má chuirtear ar aghaidh chuig na láithreacha cogaidh iad de réir a chéile, b’fhéidir go mbeidh siad in ann na bearnaí baoil sna línte cosanta a líonadh ar a mhéad ach ní bheidh siad in ann dul céim chun tosaigh sa ghearrthéarma. Fiú má chuirtear ar aghaidh iad mar chuid d’fhórsaí nuabhunaithe, is deacair a mheas go mbeidh siad níos éifeachtaí ná na trúpaí a chuaigh chun catha ag tús an chogaidh san fhadtéarma.

Bagairt ionsaithe núicléacha

Tá an iombhagairt nó an cosc núicléach i bhfeidhm le blianta agus tuigeann na cumhachtaí móra na rialacha neamhfhoirmiúla a théann leis sin. Tá cásanna leagtha síos ag na Rúisigh féin a léiríonn na cásanna eisceachtúla ina n-úsáidfidís airm núicléacha. Is iad na cásanna seo ná:

  • Má tá an Rúis faoi ionsaí núicléach
  • Má tá eolas deimhnithe aici go bhfuil ionsaí núicléach ar na bacáin
  • Má tá an tír ar tí titim
  • Má tá cuid de na hionaid cheannais agus chomhordaithe chomh scriosta sin nach mbeidh siad in ann frithionsaí núicléach a sheoladh.

Ní bhaineann aon chás thuasluaite lena bhfuil ag tarlú san Úcráin. Gan amhras is féidir le Putin na srianta seo a shárú am ar bith más mian leis agus níl aon chomharthaí ná fianaise ar bith ann nach nglacfadh oifigigh shinsearacha de chuid airm na Rúise le hordú ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise.

Ach bhagair Putin ionsaí núicléach ag tús an chogaidh a bhí dírithe ar stop a chur le tíortha an iarthair airm a sholáthar don Úcráin. D’éirigh leis an mbagairt go pointe áirithe. Níor thug na Stáit Aontaithe cead don Pholainn scairdtrodairí Mig-29 a sholáthar. Níor thug an Ghearmáin feithiclí armúrtha troda ná tancanna don Úcráin, rud a gheall siad roimhe sin. Ó thaobh na Rúise de b’fhiú an bhagairt a a dhéanamh arís nuair a léiríodh go raibh tionchar aici an chéad uair.

Dá ndéanfadh na Rúisigh ionsaí núicléach ar an Úcráin, bheadh sé thar a bheith deacair a mheas cén toradh a bheadh air sin. An gcuirfí brú ar an Úcráin géilleadh nó an gcuirfí tús le cogadh núicléach?

Ach is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbainfeadh a leithéid de ghníomh stangadh as gach tír ar domhan, an tSín san áireamh. Bheadh an Rúis ina stát bradach agus ina haonar as seo amach, agus freagra, go háirithe ag na Stáit Aontaithe, ar an ionsaí. Beadh an Úcráin, an tír a bhfuil sí ag iarraidh seilbh a ghlacadh uirthi, scriosta agus go bheadh tionchar ag an radachur ar an Rúis féin.

Vladimir Putin

Cén fáth go ndéanfadh Putin a leithéid d’ionsaí nuair atá roghanna eile aige an cogadh a ghéarú agus cur leis an sceimhle atá ar mhuintir na hÚcráine agus leis an drogall atá ar rialtais an iarthair na hairm is cumhachtaí a sholáthar?

Ó chlis na Rúisigh i gCúige Kharkiv meastar go bhfuil thart ar 50 ionsaí diúracáin déanta ar stáisiúin chumhachta, stáisiúin teasa agus dambaí le coicís anuas. Cuirfidh na Rúisigh leis na hionsaithe seo.

Is féidir leis na Rúisigh ionsaithe diúracáin a dhéanamh ar áiseanna agus ar chathracha eile ar fud na tíre, lena n-áirítear Kyiv. Anuas air seo tá thart ar 150 buamadóir acu agus is féidir leo bratbhuamáil a dhéanamh. Cé go bhfuil laghdú tagtha ar a gcumas na hionsaithe seo a dhéanamh mar gheall go bhfuil go bhfuil a stór diúracán ídithe acu cheana féin agus toisc go bhfuil córais frithdhiúracáin faighte ag na hÚcránaigh ó na Stáit Aontaithe, ní bheidh na hÚcránaigh in ann gach cathair agus gach áis a chosaint.

Is féidir leis na Rúisigh cur leis na deacrachtaí timpeall ar an stáisiún núicléach in Zaporizhizhia chun éigeandáil radachuir a chruthú. Ina theannta sin, cé gur dheimhnigh na Rúisigh in 2017 nach raibh airm cheimiceacha acu meastar go bhfuil sé ar a gcumas iad a dhéanamh agus ní raibh drogall orthu tacaíocht a thabhairt don tSiria nuair a baineadh úsáid as airm cheimiceacha sa tír sin.

Glacfaidh Cónaidhm na Rúise leis na críocha gafa mar chuid den chónaidhm tar éis na reifreann bréige, rud a chiallaíonn go mbeidh leithscéal acu géarú ar na gcogaíocht.

Ach ag an bpointe seo chaithfeá a cheistiú cén chúis a bheadh le hionsaí núicléach nuair a bheadh impleachtaí tromchúiseacha aige don Rúis, impleachtaí nach mbeadh na Rúisigh in ann smacht a choimeád orthu ná a thuar?

Cén chúis a bheadh leis an ionsaí nuair atá tionchar suntasach á imirt ag an mbagairt ionsaithe cheana féin?

Cén chúis a bheadh leis nuair atá roghanna eile ag na Rúisigh chun cur leis an gcoimhlint?

Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'Cad is brí le freagra na Rúise ar chliseadh a gcuid trúpaí?'